
Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.
»»»Tá Balor den tuairim go n-iompóidh ceannaire agus cuaille taca na dea-thola a dhroim le Straitéis na Dea-Teangan. Ní fios do Ghaelneachaibh an tráth so an Cat Mara a bheith rompu amach ná lena gcúl.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad lucht sainte áirithe a bhochtaigh an tír, an lucht dlí. Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.
»»»Is spéis le Mícheál Ó hAodha fear a bhí i lár shaol nualitríochta agus ceoil na Stát Aontaithe agus a d’fhág a rian ar scríbneoirí ar nós Allen Gisberg, Jack Kerouac, Bob Dylan agus eile, agus ar a saothair.
»»»Ba cheart do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ceachtanna maidir le rialachas corparáideach a fhoghlaim as cliseadh Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, dar le Breandán Delap
»»»Nocht fogha Martin Mc Guinness faoin Áras íogair áirithe taobh ó dheas den Chlais Dubh. Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin duine meabhrach i mbun finscéalaíochta. Níor thaise do Robert McMillen é.
»»»Caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil ar thoghchán na huachtaránachta agus ar na hiarrthóirí atá le seasamh. Cuireann sé an cheist an bhféadfadh sé tarlú go mbeadh Uachtarán ar Éirinn, le linn comóradh Éirí Amach na Cásca, nach mbeadh in ann a chuid dualgaisí a chomhlíonadh trí Ghaeilge?
»»»Sular éalaigh an Taoiseach Ali Abdullah al Saleh as Poblacht Éimin go dtí An Araib Shádach i mbliana, chas sé de thaisme ar Amanda Reid sna sléibhte i gceantar Aden in iardheisceart na tíre. Seo mar a tharla...
»»»Amhrán náisiúnta aon teangach Béarla atá ag an Astráil, ní hionann is ceann na Nua-Shéalainne a bhfuil leagan Maoraise de ar fáil chomh maith. Tá Bearnaí Ó Doiblin ar son athraithe.
»»»Oibríonn Lisa Nic an Bhreithimh ar thimchuairt anraithe, gníomhaíocht de chuid Chumainn Naomh Uinseann de Pól, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Tá sí ag caitheamh súil san alt seo ar an tuairim choiteann i measc an phobail faoin dream daoine gan dídean agus ar an méid atá feicthe aici de ‘shaol na sráide’.
»»»Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.
»»»Maraítear céatadán neamhchiontach chomh maith leis an dream ciontach i rith an ama. Bhí údar buartha ag daoine faoi mharú dleathach Troy Davis le gairid mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»Is ag treisiú atá an míshásamh a chuir tús le hagóidí agus le creach siopaí i Sasana, de réir tuairisc Tony Birtill. Ar dhroim an dochair, tá an bhris le breith isteach agus tá costais charchrach le híoc ag an cháiníocóir.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an ghaoth imithe as blaganna na Gaeilge agus tá sé in amhras an bhfuil aon ní in ann dóibh feasta.
»»»Is mó an chaint a chloisfear feasta ar thuairt an dá thúr i Nua-Eabhrac ná an chuimhne ar fheallmharú JFK. Is cuimhin le Brian Ó Broin cá raibh sé agus céard a rith leis faoina raibh ag titim amach an lá sin.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil fiúntas ag baint le moltaí Ruairí Quinn i leith an chóras oideachais, go ndéanfaí leasú ar na scrúduithe agus go mbainfí níos mó usáid as meastúchán leanúnach déanta ag múinteoirí ar a gcuid scoláirí féin. Is ceist eile an mbeadh ceardchumainn na múinteoirí toilteanach na hathruithe a theastaíonn a chur i bhfeidhm?
»»»Conspóid eile faoi ghnóthaí aistriúcháin, ach ní in Éirinn an iarraidh seo atá sé. Tá scéala ag Rory Francis as Blaenau Ffestiniog ar a bhfuil ag titim amach faoi láthair i dTionól na Breataine Bige.
»»»Tá lucht tacaíochta iarchime as Guantanamo buartha faoi ghéarleanúint atá á déanamh ag stát na hAstráile air. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den bharúil gur chóir saorchead cainte a thabhairt do David Hicks.
»»»Bhí Tony Birtill ag machnamh ar an mbaint atá ag an ealaíon le gnóthaí muirthéachta, gaol a bhí feiceálach i Learpholl céad bliain ó shin.
»»»Bhí John-Paul McCarthy ag athléamh leabhar tábhachtach a scríobh Michel Foucault, leabhar a mbeidh a theideal tráthúil i dtólamh faraor, Madness and Civilization.
»»»Tá seal gairid caite ag Robert McMillen ag blaiseadh de shaol beag bán banríonúil Ulaidh an chiníochais. Tchítear dó nach é an dream daoine is forásaí ar domhan atá ag gabháil dó.
»»»Tháinig Balor slán trí Shamhradh na hÉireann, samhradh a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí sna seáiníní fada le fuacht.
»»»Gnóthaí geilleagair? Ní hé an dea-scéal atá ag Ciarán Mac Aonghusa dúinn ar ndóigh. Ní hé ‘an bealach seo romhainn’ an bealach ba rogha linn.
»»»Tá Caitlicigh stuama trína chéile faoin méid atá tagtha chun solais maidir leis na scéalta faoi shagairt ag baint mí-úsáide as leanaí lena mianta gnéis a shásamh agus le hiarrachtaí na Vatacáine an oilbhéim a cheilt. Tá réiteach simplí á mholadh ag Donncha Ó hÉallaithe dóibh: a ndílseacht mar Chríostaithe do Mhaigh Nuad agus don Róimh a scaoileadh uathu agus dul le Protastúnachas!
»»»Déanann Mícheál Ó hAodha trácht ar leabhair sa dara halt faoin Lucht Siúil, leabhair a scríobh roinnt den Lucht Siúil iad féin.
»»»Chuir JP McCarthy spéis i gcaint Albie Sachs, Breitheamh na Cúirte Bunreachtúla san Afraic Theas. Loiteadh Albie Sachs go dona i mbuamáil a rinne an NIS air sa bhliain 1988.
»»»Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin go mbeidh údaráis na hAstráile anuas ar chaitheamh toitíní níos mó ná riamh roimh i bhfad mar cailltear na mílte duine agus na billiúin dollar chaon bhliain dá dheasca.
»»»Míníonn Áine Ní Lanagáin san alt seo an chontúirt atá ag bagairt ar cheann de fhorais na nGael i Sasana, .i. Ionad Chultúr na hÉireann i Hammersmith.
»»»Tá an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.
»»»Chas Kíla ag ceolchoirm i Maigh Nuad le deireanas do Ghaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, ceolchoirm a mheabhraigh Óstán an Burlington sa bhliain 1975 do Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail An tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh é féin isteach chucu le muintir na gaelscolaíocht a mhisniú.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.