
D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana.
»»»Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.
»»»In ainneoin roinnt rudaí diúltacha a bheith ráite aige le tamall anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Ian Paisley sásta sa deireadh an chumhacht a roinnt le Sinn Féin, a deir Robert McMillen.
»»»Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn dá laghad ar Rialtas na hÉireann ná ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb. Measann Breandán Delap go bhfuil sé thar am ag na polaiteoirí ceannasaíocht a léiriú i dtaca leis an cheist seo.
»»»Tá an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.
»»»Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
»»»D’fhéadfadh an triomach atá ann san Astráil faoi láthair leanúint ar aghaidh go ceann blianta, a deir Dáithí Ó Colchúin .
»»»Chuir sé an-olc ar Bhalor go raibh tús áite tugtha don Ultais ag Oireachtas na Samhna i nDoire.
»»»Meastar go n-éireoidh leis an bPáirtí Daonlathach smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe sna toghcháin mheántéarma ar an 7 Samhain ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, rachaidh sé níos déine orthu an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtánaigh sa Seanad.
»»»Cuireadh an-fháilte roimh Liz Curtis nuair a tug sí cuairt ar oileán beag amach ó chósta na hAlban roinnt míonna ó shin.
»»»Tugann an t-uafás daoine aghaidh ar reiligí na Polainne ar an gcéad lá de mhí na Samhna, mar a mhíníonn Alan Desmond.
»»»Má éiríonn le páirtithe polaitíochta na Sé Chontae teacht ar chomhréiteach an mhí seo beidh an-rath i ndán do phobal an chuige, a deir Robert McMillen.
»»»Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin seoladh ré órga na cumarsáide Gaeilge nuair a tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus nuair a foilsíodh an chéad eagrán de Foinse. Bhí Breandán Delap mar an chéad eagarthóir ar Foinse agus tá sé ag obair anois mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4. San alt seo, tugann sé a thuairim chlaonta ar a bhfuil bainte amach na meáin Ghaeilge le deich mbliana anuas agus féachann sé ar na dúshláin atá rompu.
»»»Tá Tony Birtill den tuairim go bhfuil roinnt den dream atá ag plé leis an turasóireacht in Éirinn aineolach ar an tíreolas.
»»»Beidh sé níos deacra ag inimircigh saoránacht a bhaint amach san Astráil as seo amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin .
»»»Cuireadh cosc ar Bhalor dul chuig Irish Fest Milwaukee i mbliana ach d’éirigh leis dul ann, mar sin féin – ina bhrionglóidí.
»»»Léireoidh tuarascáil Ombudsman na Póilíneachta i dTuaisceart Éireann mar gheall ar dhúnmharú fir óig i 1997 go raibh na fórsaí cosanta ag tabhairt cead a gcinn do bhrathadóirí a rogha rud a dhéanamh. Tuairisc ó Robert McMillen.
»»»Tá an-dochar á dhéanamh d’íomhá na Stát Aontaithe ar fud an domhain ag polasaí rialtas an Uachtaráin Bush i leith príosúnach polaitiúil, dar le Brian Ó Broin.
»»»Tugann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar ré na Normannach i gContae an Dúin agus ar na hiarsmaí den ré sin atá le feiceáil go fóill sa chontae.
»»»Beidh neart cor agus cur is cúiteamh go leor ann i ndiaidh an chéad olltoghchán eile sula gcuirfear rialtas nua le chéile. Scrúdaíonn Breandán Delap na roghanna éagsúla atá ann.
»»»Chuir an tréimhse a chaith sé sna hAlpa le gairid Tony Birtill ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh na turasóireachta de in Éirinn agus ar na deiseanna nach bhfuil á dtapú.
»»»Tá éirithe le comhlacht Meiriceánach carr leictreach a fhorbairt a bhfuil an-tóir air. Tuairisc ó Phádraig Mac Éamoinn .
»»»Nóta ón Eagarthóir: Chuir Beo! cosc ar Bhalor triall ar an Irish Fest i Milwaukee i mbliana mar gheall ar na nithe maslacha, suaracha a bhí le rá aige faoi dhuine mór le rá i saol na Gaeilge in eagrán na míosa seo caite. Cuireadh cosc air chomh maith alt a chur ar fáil don iris arís go dtí mbeadh sé sásta leithscéal a ghabháil. Níor tháinig an leithscéal sin go fóill. I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.
»»»Tá bunadh Wentworth i New South Wales an-cheanúil ar tharracóirí Ferguson, agus tá cúis mhaith go bhfuil sé sin amhlaidh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis ar cheantar suimiúil eile in Albain ar thug sí cuairt air i mbliana.
»»»Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
»»»Míníonn Brian Ó Broin cén fáth a bhfuil sé níos tógtha leis na foirne beaga daorchluiche ná mar atá sé le foirne móra mar na New York Yankees.
»»»Measann Breandán Delap go bhfuil an iomarca de na tionscadail theangalárnaithe lonnaithe i gConamara agus go bhfuil faillí déanta sna Gaeltachtaí eile.
»»»Le linn dó bheith i gceannas ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an samhradh seo, thug Tony Birtill cuairt ar láithreán atá an-tábhachtach ó thaobh stair an cheantair de agus chuir an droch-chaoi a bhí air an-díomá air.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.