AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Athbheochan na Logainmneacha Dúchasacha sna Fritíortha
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá pobail na bhFritíortha i mbun aisghairm logainmneacha an chos ar bolg atá ar a n-ionaid dúchais, ar bhailte srl. de réir a chéile. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go mbeidh rath ar an obair mhaith.

Íomhá
Matamata, mionaithe
(le Michael Goetter ar Vicipéid)
Íomhá
Kati Thanda
(le Matt Malone ar Vicipéid)
Íomhá
Uluru
(le Hunster ar Vicipéid)
Íomhá
Cnoc Yengo
(le Neil Saunders ar Flickr)
Íomhá
Taumata
(le Matthew Grosso ar Vicipéid)

Is ainmneacha dúchasacha iad formhór na logainmneacha san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, na Fritíortha, cé go bhfuil ainmneacha Eorpacha ar an dá thír. Bhaist coilínigh sna Fritíortha ainmneacha Eorpacha ar na cathracha agus bailte a bhunaigh siad abhus i dtús báire, ach thosaigh siad ag baint feidhme as logainmneacha dúchais ar áiteanna éagsúla roimh i bhfad. Bhí ceist na n-ainmneacha dúchais sna Fritíortha ina mórábhar arís ar na mallaibh mar gheall ar dhá fheachtas sa taobh seo domhain. Reáchtáladh feachtas rathúil san Astráil le hainm dúchais a thabhairt ar ais do Loch Eyre, an loch is mó san Astráil, agus tá feachtas ar siúl sa Nua-Shéalainn le hainmneacha dúchasacha malairte a thabhairt don dá oileán mhóra ann.

Edward Eyre ab’ ainm don chéad fhear geal a chonaic an loch thuasluaite thiar sa bhliain 1840 agus bhaist sé a shloinne féin air. Bhí muintir dhúchais darb ainm na Arabana ina gcónaí i gceantar an locha leis na cianta cairbreacha agus thug siadsan an t-ainm Kati Thanda ar an loch, ainm a chiallaíonn áit chruinniú na gceannairí. Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach. Táthar ag súil nach mbeidh ach an t-ainm bunúsach i bhfeidhm ar ball nuair a théann muintir na tíre i dtaithí air de réir a chéile. Baineadh feidhm as an gcur chuige foighneach seo thar tréimhse roinnt blianta leis an áit nádúrtha is íocónaí sa tír, Ayers Rock, a athrú ar ais go Uluru (Eagrán 113, Meán Fómhair 2010).

An Dinnseanchas Beo

Tugtar Ré na hAislinge, nó an Dreamtime, ar dhéscéalaíocht mhuintir dhúchais na hAstráile a bhaineann le cruthú an domhain. D’inis Aaron Stuart, ceannaire de chuid na Arabana, scéal seo a mhuintire as Aimsir na hAislinge i dtaca le Kati Thanda:

Fadó fadó, léim beithíoch cangarú as pluais sa Nullabor, machaire fairsing in iarthar na hAstráile, agus thaistil sé achar fada soir. Thug sé ainmneacha do luibheanna agus d’ainmhithe a chonaic sé an bealach go ceantar Kati Thanda. Rinne gaiscíoch de chuid na Arabana seilg air ansin agus d’éirigh leis an t-ainmhí ollmhór a mharú faoi dheireadh ar láthair an locha. Bhain sé an tseithe den changarú, leag sé ar an talamh í agus d’eascair uisce an locha as an tseithe.

Is í Maorais an teanga atá ag muintir dhúchais na Nua-Shéalainne agus tá stádas comhionann ag Aotearoa, ainm na Maorach ar an tír, le fada an lá. Tugtar an tOileán Thuaidh agus an tOileán Theas ar an dá oileán mhóra faoi láthair agus tá an feachtas le hainmneacha malairte Maoraise na n-oileán a chur ar fáil ar siúl le roinnt blianta anuas.

Thug an Geographic Board de chuid na Nua-Shéalainne, nó Nga Pou Taunaha o Aotearoa, tacaíocht don fheachtas tamall de bhlianta ó shin, ar an gcuntar go rithfeadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar. Ritheadh an leasú seo sa pharlaimint náisiúnta go díreach roimh an Nollaig anuraidh. D’eisigh an Bord ráiteas ag an am le cur in iúl go mbeadh moladh faoina bhráid ag an chéad chruinniú eile an mhí seo chugainn le breathnú ar ainmneacha malairte Maoraise.

De Ghlaschloich an Oileáin

Rinne an Bord comhairliúchán le hionadaithe na gcomhphobal Maorach, ar a dtugtar na iwi, fud fad na tíre cúpla bliain ó shin le moltaí a fháil i ndáil le hainmneacha oiriúnacha Maoraise do na hoileáin. Níor luadh ainmneacha faoi leith i ráiteas an Bhoird, ach meastar go forleathan sa tír go roghnófaí Te Ika-a-Maui (Iasc as Maui) don Oileán Thuaidh agus Te Wai Pounamu (Uisce na Glaschloiche) don Oileán Theas. Baineadh feidhm as na hainmneacha seo ar na léarscáileanna a tharraing an Captaen Cook nuair a thug sé sciúird thar na hoileán thiar sa bhliain 1769.

Táthar ann a mheasann nach mbíonn sna hathruithe teangeolaíochta seo ach comharthacht, na húdaráis ag cur na gcaorach thar an abhainn. Na gothaí móra agus buillí beaga. Maíonn Aaron Stuart áfach gur céim mhór chun tosaigh iad, mar go dtugann siad aitheantas d’oidhreacht ársa a mhuintire. Is léir go bhfuil muintir dhúchais Aotearoa go láidir i bhfabhar ainmneacha Maoraise ar a ndúiche a chur ar fáil. Tá muintir dhúchais sa dá thír thíos leis ón gcéad lá a chuir an fear geal faoi sna Fritíortha agus is mithid an t-aitheantas beag seo a thabhairt dá n-oidhreacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.