tabhair freagratabhair freagra #1 Pat Butler 2 Feabhra 2013, 20:43 GMT
Go n-éirí leis na feachtaisí sin. Molaim 'This Whispering in Our Hearts'. le Henry Reynolds, faoin gcinedhíothú a imríodh ar bhundúchasaigh na hAstráile.
tabhair freagratabhair freagra #2 Bearnaí 4 Feabhra 2013, 05:18 GMT
Buíochas as an moladh, Pat. Níl saothar Reynolds léite agam, caithfidh mé admháil, ach bhí a ainm in airde abhus le linn "na cogaidh chultúir" a bhí ar siúl i measc lucht na staire le blianta fada. Táthar ann a mhaíonn gur caitheadh go cothrom le muintir dhúchais - in ainneoin na fianaise nár caitheadh.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 8 Feabhra 2013, 12:22 GMT
Scéal suimiúil arís, a Bhearnaí.

Cad é tuairim móramh na nAstrálach ar an gcéapar seo, fiú má bhíos fiúntas leis? Cad a deir na bundhúchasaigh iad fhéin ina thaobh?
tabhair freagratabhair freagra #4 Bearnaí 8 Feabhra 2013, 22:25 GMT
Tá an mhuintir dhúchais fíor-láidir i bhfabhar na n-athruithe sa dá thír, a Fhirn, ach maidir le daoine eile na tíre tá sé deacair a bheith cinnte go bhfuil nó nach bhfuil siad báúil leo. Uaireanta leanann na húdaráis na daoine agus uaireanta eile bíonn siad chun tosaigh orthu. Sa chás seo is féidir go bhfuil siad chun tosaigh.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 14 Feabhra 2013, 11:23 GMT
> Tá an mhuintir dhúchais fíor-láidir i bhfabhar na n-athruithe sa dá thír,
> a Fhirn, ach maidir le daoine eile na tíre tá sé deacair a bheith cinnte
> go bhfuil nó nach bhfuil siad báúil leo. Uaireanta leanann na húdaráis na
> daoine agus uaireanta eile bíonn siad chun tosaigh orthu. Sa chás seo is
> féidir go bhfuil siad chun tosaigh.
Dea-scéal, máisea, a Bhearnaí.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!