134
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Osclaíodh comhlacht nua deartha gréasáin, An Webbery, ar an Fhál Carrach in iarthuaisceart Dhún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá cur síos anseo ag Mary Attenborough, stiúrthóir teicniúil an chomhlachta, ar cheann de na príomhsheirbhísí atá acu, forbairt suíomh ríomhthráchtála gréasáin.
»»»Déanann Liz Curtis cur síos ar na himeachtaí iontacha a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa i nDún Éideann, an chathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti faoi láthair.
»»»Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
»»»Is díol spéise é an taispeántas péintéireachta de shaothar an ealaíontóra Willaim Orpen atá le feiceáil i Londain faoi láthair, agus a bhogfaidh go Baile Átha Cliath an samhradh seo. Caitheann Ciara Nic Gabhann súil ar shaothar agus ar shaol an Éireannaigh seo a bhí fostaithe ag Rialtas na Breataine mar ealaíontóir oifigiúil le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
»»»Meabhraíonn Bearnaí Ó Doibhlin eachtraí báis agus beatha dúinn as taobh na hIndinéise, eachtraí a d’fhág ábhar dóláis ag muintir na hAstráile. Chuaigh an gháir amach as an Astráil ar son phionóis an bhais i dtosach, ach tharla údar athmhachnaimh ar an scéal nuair a gabhadh naonúr Astrálach san Indinéis as coir eile.
»»»Colún tathanta atá ag Pat Butler daoibh an mhí seo, a chairde. In airde leis ar ardán na cainte, más ea, faoi scannán ar leith, ar neamhaird seó-oíche na nOscar go léir.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
»»»Buail an ceann is seachain an muineál! Is é an rud céanna é a deir Maidhc Ó Cathail, gur beag, dar leis, idir dearcadh an Daonlathaigh agus dearcadh an Phoblachtaigh i SAM.
»»»Ó 1970 ar aghaidh, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun Turas na bhFilí a eagrú i gcomhar le Comhairle nan Leabhraichean in Albain. Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004. Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
»»»Údarás na Gaeilge a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta, atá beartaithe ag an rialtas de réir An Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Céim mhór ar gcúl a bheadh ann, dar le Donncha Ó hÉallaithe.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Noel Ó Gallchóir ar Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.
»»»Is scoil trasdisciplíneach lán-Ghaeilge é Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.
»»»Tá cur is cúiteamh ar siúl i nDoire Chalgaigh faoin chathair a chur i dtreo ‘am níos gile’ ina scéal. Tá Ciara Nic Gabhann ar an eolas faoi.
»»»Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.