
Níor chaith Liz Curtis agus a cara ach deireadh seachtaine ag dul timpeall Inis Eoghain, ach d’éirigh leo an t-uafás a dhéanamh agus a fheiceáil mar sin féin.
»»»Measann Robert McMillen go n-íocfaidh David Trimble agus an UUP go daor as a n-easpa misnigh sa toghchán do thionól Thuaisceart Éireann ar an 26 Samhain.
»»»Ní raibh béim ar an Ghaeilge i bhFéile Learphoill i mbliana ach chas Tony Birtill le seanchara dá chuid a bhfuil Manainnis aige, agus d’inis seisean dó faoi staid na teanga sin.
»»»Tá drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.
»»»Tógadh Anthony Cole i mBéal Feirste agus i Muineachán, ach tá sé ag baint faoi na laethanta seo i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Labhair sé le Tom Deignan faoina shaol ansin agus faoina chuid oibre mar fhear dóiteáin leis an Fire Department of New York (FDNY).
»»»Tá obair ar siúl le tamall anuas ar bhunreacht don Aontas Eorpach ach, mar a mhíníonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc, tá go leor de thíortha an aontais míshásta leis an cháipéis seo.
»»»Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór agus iad á n-iompar thar lear. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach nó an bunreacht a leasú chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb na ndaoine gan dídean, a deir Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Cé go raibh Mícheál Ua Ciarmhaic cúig bliana is seachtó sula chuir sé peann le pár, tá deich leabhar foilsithe aige faoin am seo. Thug Liz Curtis cuairt air ina cheantar dúchais, Baile an Sceilg i gCiarraí.
»»»Má deir an IRA go luath go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, rachaidh sé seo go mór chun sochair do David Trimble agus dá pháirtí i dtoghchán an Tionóil, dar le Robert McMillen.
»»»Léiriú eile é an scéal bréagach faoin Tiarna Lucan a foilsíodh i nuachtán Sasanach an mhí seo caite ar an dóigh a mbíonn na meáin chumarsáide sásta neamhaird a thabhairt ar an fhírinne uaireanta ar mhaithe le brabús, dar le Tony Birtill.
»»»Tá móroibreacha innealtóireachta pleanáilte ag an Aontas Eorpach ach níl sé i gceist ach fíorbheagán den airgead a chaitheamh in Éirinn. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Agus é ag tiomáint i gceantair áirithe i Nua-Eabhrac le tamall anuas, thug Tom Deignan faoi deara go raibh ainmneacha cuid de na sráideacha athraithe. Thuig sé de réir a chéile cén fáth ar tharla sé seo.
»»»Cé go bhfuil Pauline Hanson ón bpáirtí ciníoch One Nation sa phríosún anois, tá an ciníochas fós beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
»»»Tá go leor daoine míshuaimhneach faoi thriail Michael McKevitt, an té ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheannaire ar an Fhíor-IRA. Míníonn Dónall Ó Maolfabhail cad iad na cúiseanna imní atá ag daoine.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Cailleadh an Corcaíoch Barra Ó Donnabháin, múinteoir Gaeilge, fear léinn, agus iarcholúnaí de cuid Beo!, i Nua-Eabhrac i rith an tsamhraidh. Chuaigh Barra i bhfeidhm ar go leor daoine le linn a shaoil, Mícheál de Mórdha ina measc.
»»»Tá géarghá le tuilleadh grinn sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, agus glúin úr lucht grinn le teacht i gcomharbacht ar an dream radacach a bhí ann sna nóchaidí.
»»»Le linn dó a bheith ag obair ar chúrsa siúil sléibhe i nDún na nGall i gcaitheamh an tsamhraidh, chas Tony Birtill le ceathrar ban as an Iodáil a bhí an-tógtha leis an Ghaeilge agus leis an cheantar.
»»»Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.
»»»Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Rinneadh éalú seisear Fíníní ó Phríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile in 1876 a chomóradh níos luaithe i mbliana. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Bhí tromluí ag Balor le gairid ina bhfaca sé Éire mar a bheidh sí i Samhradh na bliana 2013.
»»»Tá drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Tá méadú tagtha le roinnt míonna anuas ar líon na n-ionsaithe ar Chaitlicigh sna Sé Chontae. Tá ceangal idir seo, dar le Robert McMillen, agus an UUP a bheith in ísle brí.
»»»Is léiriú iad na heachtraí a tharla i Skelmersdale College le tamall anuas, dar le Tony Birtill, ar an dóigh a bhfuil bainisteoirí sna coláistí sa Bhreatain den tuairim gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh, iarmhairt eile de chuid ré Thatcher agus Major.
»»»Ní hiad na mílte duine a cheannaigh scaireanna in Eircom amháin atá thíos le príobháidiú an chomhlachta, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, ach pobal na hÉireann i gcoitinne.
»»»Tá grúpa bunaithe chun brú a chur ar na húdaráis aird faoi leith a tharraingt ar na hoibrithe tarrthála a fuair bás i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair, 2001 de bharr an ionsaí sceimhlitheoireachta. Mar a mhíníonn Tom Deignan, áfach, is moladh conspóideach é seo.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.