Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 1486
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Tá roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte. Is doiligh glacadh le cuid dá bhfuil ar siúl.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin nuair a bhíonn an míol mór le cosaint ó shaint an duine. D’amharc Bearnaí Ó Doibhlin isteach sa scéal corraitheach seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO
Diarmuid Johnson

Bíonn airnéis siúlach, mar a thuigeann Diarmuid Johnson go maith tharla gur thaistil sé féin trasna teorainn na Gearmáine le seanuaireadóir a cóiríodh sa bPolainn a bhailiú.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, nó bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Castar na daoine ar uaigheanna agus ar thaibhsí, más fada ó bhaile féin iad. Fuair Pat Butler lón machnaimh i reilig Gael sa domhan theas ag Parramatta na hAstráile.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

An sotal agus an stainc, ní chuidíonn siad le ceannaire a gcleachta mar mhodhanna oibre. Ní chuidíonn siad le duine ar bith eile ná le rialtóir Nua-Gheirsí, Chris crosta Christie, dar le Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
Eagrán 155, Márta 2014
AR NA SAOLTA SEO
Seán Mac Risteaird

‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal ...

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

D’fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Seosamh Ó Riain

Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain. An féidir eachtraí mar é a mhíniú san am a bhfuil borradh faoin nGaelscolaíocht agus ‘bá leis an nGaeilge’ go forleathan?

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Diarmuid Johnson

Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobail nó an leanfar leis an seanchur chuige céanna.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta. Níltear dóchasach dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Daragh Ó Tuama

Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d’uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
John Paul McCarthy

Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil is go mbeidh beanna codlatacha na dteampall ó thuaidh codlatach ó thuaidh go Lá Philib an Chleite.

»»»
Íomhá
Eagrán 154, Feabhra 2014
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Mheas Tony Birtill go mbéarfaidh cuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigín ar Shasana, i mí Aibreáin seo chugainn, deis don dá rialtas roinnt athruithe a chur i gcrích.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Amharcann Breandán Delap siar ar phlean cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i réimsí poiblí a foilsíodh tríocha bliain ó shin....

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Seosamh Ó Riain

Bhí Seosamh Ó Riain ag cíoradh ceist luach na saíochta agus dearcadh an Éireannaigh ar ghnéithe den tsaíocht chéanna, mura bhfuil ann ach diddly aye dye.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Tá Balor ag iarraidh dea-chomhairle a chur ar roinnt daoine Mhícheáil Bhaile na Méar, Aire na Fíor-Ghaeltachta, Kim Jung Un agus Joe Ó Brollaigh ina measc.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Roghnaítear idir chuimhní agus dhíchuimhní nuair is gar don chnámh a théann an scéal agus mar sin atá leagan coitianta staire na hAstráile dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as ré bhrúidiúil na cinedheighilte. Tá an choiscéim thábhachtach eile sin le glacadh anois dar le Ciarán Mac Aonghusa.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Ross Ó Briain

Tá tairbhe áirithe le baint as an imirce má roghnaíonn tú ionad oibre spéisiúil duit féin, dar le Ross Ó Briain. Ní bhfaighidh tú bás den ocras agus b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis thar lear freisin.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Eoin Ó Catháin

An dtiocfaidh Méara Toronta, Rob Ford, slán an iarraidh seo nó an mbáfar an Mac Conshnámha áirithe seo lámh le cuain? Tá Eoin Ó Catháin i gCeanada faoi láthair sin í an cheist atá ar dhaoine ina thimpeall.

»»»
Íomhá
Eagrán 153, Eanáir 2014
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Níor fhág Tony Birtill fuíoll molta ar Iarsmalann Náisiúnta an tSacair in Orbis i Manchain. Aisteach go leor, tá saorchead isteach ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 152, Nollaig 2013
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Déanann Breandán Delap cur síos ar ré uafáis na ndíormaí sráide i nGlaschú atá nochtaithe i leabhar nua, City of Gangs le Andrew Davies.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.