AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An Diabhal le Díol i Stáit Aontaithe Mheiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

lucht na ngunnaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul chun donachta ar fad le scaoll is le cosaint gan chéill. Deir Brian Ó Broin go bhfuil tuairim is trí ghunna an duine ag sciar áirithe den phobal.

Íomhá
Bushmaster AR-15
(le TheAlphaWolf ar Vicipéid)
Íomhá
Meandar tochta sa Teach Bán
(le Pete Souza, an Teach Bán, ar Vicipéid)
Íomhá
Scoil Sandy Hook
(le VOA News ar Vicipéid)
Íomhá
Mark Steyn, an t-údar
(le Tania Gail ar Vicipéid)

Dé hAoine an 14ú Nollaig, 2012, agus ranganna díreach tosaithe ag bunscoil Sandy Hook i Newtown, Connecticut, phléasc gunnadóir an doras tosaigh ar oscailt le hurchair agus mharaigh príomhoide agus siceolaí na scoile ar an toirt. Thug an gunnadóir fogha faoin seomra foirne as a dtáinig an bheirt ar dtús, ach d’éirigh le múinteoir amháin an doras a choinneáil dúnta ina aghaidh.

Chuaigh an gunnadóir síos an halla chomh fada le seomra ranga na Naíonán Mór agus d’éirigh leis an doras a bhriseadh isteach. Loisc sé leis an múinteoir, Lauren Rousseau, urchar san aghaidh, agus thosaigh sé ag tabhairt faoi pháistí an ranga. Bhí páiste is fiche sa rang seo, agus faoi dheireadh na heachtra tubaistí, bhí gach duine acu marbh, cés moite de chailín amháin a d’fhan ciúin agus a lig uirthi go raibh sí marbh cheana féin.

Sna seachtainí idir an eachtra agus anois, tá sé tagtha amach go mba “bhailitheoir gunnaí” í máthair an ghunnadóra, Nancy Lanza. Ní hamháin go raibh lámhghunnáin de gach sórt aici, ach bhí gránghunnaí aici agus raidhfil cogaidh, Bushmaster AR-15. Is beag difríochta idir an gunna seo agus an “Armalite” a raibh aithne fhairsing air in Éirinn tráth. Níos measa fós, cé go raibh a fhios aici agus ag an saol mór go raibh fadhbanna móra meabhairshláinte ag a mac, bhíodh sí ag dul ag na raoin lámhaigh leis go mion minic. Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díolbhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.

Galar an Scaoill

Faraor géar, tá Meiriceá lán le daoine mar Nancy Lanza, a chreid, is cosúil, go raibh tubaiste éigin i ndán dúinn go luath, agus a bhí ag ceannach gunnaí agus earraí eile le cur i dtaisce san íoslach ar fhaitíos na bhfaitíos. Gríosaíonn tráchtairí raidió mar Rush Limbaugh agus Glenn Beck na daoine seo (a dtugtar “Preppers” orthu, mar gheall ar na “preparations” atá á ndéanamh acu do dheireadh an domhain) agus is mór an ráchairt atá ar na cláracha raidió úd. Tugtar faoi deara go raibh an scríbhneoir Mark Steyn mar aoi-láithreoir ag Rush Limbaugh ar an 26ú Nollaig, duine nach bhfuil blas ar bith coimhthíoch ar éinne a léann an Irish Times. After America: Get Ready for Armaggedon is ainm don leabhar a tháinig amach uaidh i mbliana.

Cé go ndeir roinnt tráchtairí go bhfuil níos mó gunnaí i Meiriceá anois ná ariamh, níl an ráiteas sin fíor ar fad. Bhí gunna i 50% de theaghlaigh Mheiriceá i 1981; anois níl ceann ach i 33%. Más fíor sin, ámh, tá uimhir na ngunnaí ardaithe, mar tá úinéirí gunnaí ag ceannach níos mó an t-am ar fad. Is cosúil go bhfuil 270,000,000 gunnaí sna Stáit Aontaithe - beagnach ceann do gach fear, bean, agus páiste sa tír. Ach muna bhfuil gunna ach in gach tríú teaghlach, ciallaíonn sé sin go bhfuil suas le trí ghunna an duine ag úinéirí gunnaí anois, seachas ceann amháin mar a bhíodh sna seanlaethanta.

Eascraíonn seo as na hathruithe móra atá tagtha ar shaol na tuaithe le dhá ghlúin anuas. Sna seanlaethanta ba ghnách le gach teaghlach tuaithe gunna éigin a bheith acu chun coyotes agus ainmhithe fiána eile a smachtú, ainmhithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an bhfeirm. Sa lá atá inniu ann is beag atá fágtha de na seanfheirmeacha teaghlaigh agus tá an chuid is mó de phobal Mheiriceá ina gcónaí sna cathracha agus sna fobhailte. Gan margadh na bhfeirmeacha, níl an dara rogha ag na déantúsóirí gunnaí ach a n-earraí a dhíol mar uirlisí spóirt nó mar uirlisí cosanta. I dtaobh chosanta, leagann na fógraí béim ar dhá rud: gunnaí i gcás cogaidh nó deireadh an domhain, agus gunnaí don fhéinchosaint.

Tolgadh an Namhad ar do Tholgsa Féin

“Tá an tslándáil níos tábhachtaí anois ná ariamh”, a deir fógra do ghránghunna san Iris Guns and Ammo, “is cuma thú san Iaráic, san Afganastáin, nó i do sheomra suí.” Tá sé de rún ag lucht na ngunnaí cur ina luí ar dhaoine go bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh agus go gcaithfidh siad a bheith réitithe dó. San eagrán is déanaí den iris chéanna (a dhíolann leathmhilliún cóip sa mhí), tá trí scéal faoi ghunnaí agus féinchosaint, le pictiúirí de mhná á gcosaint féin ó fhir bhagracha. Taobh thiar de ghluaiseacht na ngunnaí, tá an NRA, Cumann Náisiúnta na Raidhfil. Deir siad go bhfuil 4,000,000 ball acu, agus faigheann siad an-chuid airgid ó na comhlachtaí gunnaí chun ionadaíocht a thabhairt don ghluaiseacht. Ach fiú iadsan, níor fhéad siad focal a rá faoi Newtown. Ar feadh seachtaine iomláine d’fhan a leathanach ar Facebook dúnta, níor fhreagair siad na teileafóin, agus níor dhúirt a n-oibrithe focal.

I ndeireadh báire, seacht lá i ndiaidh an dortadh fola agus an bháis, d’eagraigh siad preasagallamh. Tháinig a n-uachtarán Wayne LaPierre amach agus thug faoi na dtuairisceoirí. Dar leis, b’iad na cluichí ríomhaireachta agus na scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad. “Cheana féin”, arsa sé, ag breathnú isteach sna ceamaraí, “tá an chéad [ainm gunnadóra] eile ag réiteach dá ionsaí ar scoil eile.” Mar sin, ar sé, ba cheart garda armtha a bheith i ngach scoil i Meiriceá. Tá ag éirí go seoigh leis an tseift seo. Cheana féin tá eagla ar gach éinne roimh gach éinne eile, go háirithe ó ritheadh dlíthe ar fud na tíre a cheadaigh do dhaoine gunnaí a iompar faoi choim. Bhí LaPierre ag iarraidh targaidí a dhéanamh de na scoileanna.

A bhuíochas de thionscal na ngunnaí agus de na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís, braitheann gach Meiriceánach anois gur thargaid é sa teach agus ar scoil. Dar le daoine mar Wayne LaPierre, ní stopfaidh ach gunnadóir maith gunnadóir an oilc. Má fhaigheann lucht na ngunnaí cead a gcinn, beimid go léir cúbtha in íoslaigh ár dtithe le gunnaí inár lámha amach anseo ag fanacht le gunnadóir amscaí eile. Beidh an Harmagadón tagtha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.