
Tá dul amú orthu siúd a mheasann go bhfuil gaol idir an pheil Astrálach agus an pheil Ghaelach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’fhéach Balor le comhairle a chur ar an Aire Airgeadais, Charlie McCreepy, le déanaí.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil líomhaintí á ndéanamh i gcoinne Shinn Féin le tamall anuas chun cur ina luí ar dhaoine nár cheart leasuithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta sna Sé Chontae.
»»»Tá Paul McGill as Doire agus a bhean chéile Linda as Hondúras ag cur fúthu i nGaeltacht Ghaoth Dobhair le seacht mbliana anuas. Labhair siad le Liz Curtis faoina saol.
»»»Beidh na hÉireannaigh i Learpholl an-sásta go deo, dar le Tony Birtill, má cheaptar duine dá gcuid féin mar chomharba ar Mick McCarthy mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann. Measann sé nach mbeidh Éamonn Dunphy chomh sásta céanna, áfach.
»»»Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tá meath tagtha ar neodracht na hÉireann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha ag sin don tír.
»»»Más mian le RTÉ ardú a fháil sa táille ceadúnais ba chóir don stáisiún srian ceart a chur ar an bhfógraíocht atá dírithe ar pháistí, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Tá an Eaglais Chaitliceach i Nua-Eabhrac ag iarraidh smacht a fháil ar an ghrúpa Voice of the Faithful, in ainneoin gur dream iad nach bhfuil ró-radacach. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Níl sé soiléir fós cén fáth ar leagadh na buamaí i dteach tábhairne agus i gclub oíche i mBali i lár na míosa seo caite a d’fhág beagnach dhá chéad duine marbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Chuir Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair Balor ag smaoineamh ar ócáid na bliana anuraidh.
»»»Tá athruithe móra tar éis a theacht ar chúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae le mí anuas, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Tá athruithe móra á ndéanamh ar dhlíthe clúmhillte na tíre seo den chéad uair le daichead bliain anuas, ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, níl na hiriseoirí róshásta le cuid de na hathruithe atá á mbeartú.
»»»Is breá le Liz Curtis am a chaitheamh ar chladaí Loch Cuan i gContae an Dúin. Ach fiú in áit chomh suaimhneach síochánta sin, ní féidir dearmad a dhéanamh ar stair achrannach na Sé Chontae.
»»»Cén plean atá ag an rialtas chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach? Fiosraíonn Uinsionn Mac Dubhghaill an scéal.
»»»Labhair Tony Birtill le beirt eaglaiseach a d’fhéach le sólás a chur ar fáil do ghaolta cuid íospartach an tsraithdhúnmharfóra Harold Shipman. Tá fonn ar dhuine acu, An tAthair Denis Maher as Tiobraid Árann, dul chun cainte le Shipman sa phríosún agus ceist a chur air céard a spreag é chun ainghnímh.
»»»Tá Tom Deignan tar éis leabhar nua a léamh faoi Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac (FDNY), saothar a léiríonn an ceangal láidir atá ag na hÉireannaigh leis an rannóg sin leis na glúnta.
»»»Tá drúthlanna agus clubanna gnéis mídhleathach san Iodáil ach aimsíonn striapacha na tíre slite eile chun a gcuid seirbhísí a dhíol. Tuairisc ó Roberta Stefan.
»»»Tá tionchar na Stát Aontaithe le brath go láidir eile pholasaí eachtrach Rialtas na hAstráile, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Léiríonn an tslí ar chaith na póilíní leo siúd a bhí i láthair ag cuimhneachán Jim Larkin i Learpholl an mhí seo caite gur beag athrú atá tagtha ar a ndearcadh i leith na nÉireannach, dar le Tony Birtill.
»»»Briseadh Dónal de Róiste as an arm i 1969 ach níor míníodh i gceart dó riamh cén fáth ar chaill sé a phost. In ainneoin go bhfuiltear ag súil leis an Aire Cosanta de Róiste a shaoradh ó mhilleán gan mhoill, níl Dónall Ó Maolfabhail dóchasach go nochtfar an fhírinne ar fad.
»»»Spreag scannán as an Iaráin a chonaic sí le déanaí Liz Curtis le roinnt taighde a dhéanamh ar thionscal scannánaíochta na tíre sin.
»»»Tá páistí in Éirinn agus i dtíortha forbartha eile ag éirí níos raimhre. Is ar thuismitheoirí atá an fhreagracht a chinntiú nach gcleachtaíonn siad drochnósanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil an cath caillte ina pháirtí féin, an UUP, ag David Trimble agus gur beag muinín atá ag Rialtas na hÉireann nó ag Rialtas na Breataine as a thuilleadh.
»»»Tá cuid póilíní agus fear dóiteáin Nua-Eabhrac míshásta lena gcoinníollacha oibre agus tá siad ar tí dul ar stailc dá bharr seo. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Bhí ar Ardeaspag Caitliceach Sydney éirí as a chuid cúraimí le déanaí tar éis d’fhear cur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach air breis is daichead bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Ní ag sú na gréine a bhí Balor le tamall anuas, mar a tuairiscíodh anseo an mhí seo caite, ach ar mhisean rúnda síochána.
»»»Tá eolas míchruinn a d’fhéadfadh daoine a chur i mbaol le fáil ar fhístéip a d’fhoilsigh dhá eagraíocht shléibhteoireachta sa Bhreatain. Chuir Tony Birtill seo ar a shúile do cheann de na heagraíochtaí ach bhí siad ar nós cuma liom faoin fhadhb, dar leis.
»»»Léirigh bás tragóideach Holly Wells agus Jessica Chapman i Soham Shasana chomh tábhachtach is atá sé cúlra daoine a bhíonn ag obair le páistí a sheiceáil. Mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, áfach, níl córas sásúil monatóireachtai gceist sa tír seo agus ní bheidh sé furasta a leithéid a chur i bhfeidhm.
»»»Breathnófar siar ar chruinniú mullaigh Johannesburg mar fhaillí stairiúil ag am atá thar a bheith cinniúnach, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Nuair a bhí Liz Curtis ar saoire i gContae Mhaigh Eo an samhradh seo chas sí, i measc daoine eile, le beirt atá ag déanamh a ndíchill chun a chinntiú nach gcaillfear logainmneacha Gaeilge iarthuaisceart an chontae.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.