AR NA SAOLTA SEO
An Fóidín Meara
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána

D’fhoghlaim mé an téarma afáise iomlán .i. ‘Global Aphasia’ ar na mallaibh. Mínítear é mar "A severe-to-total impairment of all communicative (if not all cognitive) ability." “Tá na soilse lasta ach níl aon duine istigh,” an abairt sa ghnáthchaint agus tháinig sé isteach i mo chloigeann i ndiaidh mé Peter Robinson agus Nigel Dodds a fheiceáil ar dhá chlár teilifíse Dé Domhnaigh. Bhí an dá choinín seo dallta, ní ag ceannsoilse cairr ach ag an solas a éiríonn as carranna le thine, le pléascadh na mbuamaí peitril agus le solais ghorma jípeanna an PSNI. (Is léir go bhfuil an Constábla Ceannais Matt Baggot thar foras (out of his depth) agus é ag déileáil leis na scliúchais ina bhfuil corradh le cead oifigeach dá chuid gortaithe ach sin scéal eile).

Dhírigh na soilse scáfara seo an spotsolas ar cheannaireacht fhabhtach na bpáirtí polaitíochta aontachtacha, an DUP agus an UUP araon. Ba iad a rinne neamhaird san aicme oibre Protastúnach riamh anall, falla cosanta idir iad agus an phribhléid.
Tá cúrsaí go hainnis i gcuid de na ceantracha dílseacha is boichte sa tuaisceart ach ar náisiúnaigh a chuireann ceannairí aontachtacha an locht. Níl an t-airgead ar fáil do dhílseoirí cionn is go bhfuil an uile phingin á tabhairt do náisiúnaithe. Bréag atá anseo ar ndóigh.

Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach “lamháltas” á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte “iad” agus “muid”.

An Untermensch Scáfar

Stát aonpháirtí a bhí i dtuaisceart Éireann ar feadh leathchéad bliain, ach cad é a rinne na ridirí agus captaein tionsclaíochta an Pháirtí Aontachtaigh a bhí mar theachtaí i Stormont ar son an aicme oibre Protastúnach? Faic. Rinne siad untermenschen scáfara den phobal Chaitliceach leis an mhilleán a chur orthu agus maireann a oidhreacht sin. Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.

Guím gach rath ar Fhóram na nAontachtach ach cuirfidh sé iontas orm má eascraíonn aon tairbhe as. Tá súil agam go n-aithneoidh na baill na fadhbanna atá acu - agus ag an phobal náisiúnaíoch chomh maith - agus go gcuirfidh siad beart indéanta le chéile a bheas chun sochair gach duine ó thuaidh, ní dá bpobal amháin.
Bíodh deireadh leis an deighilt idir dhaoine maithe. Bíodh deireadh le polaitíocht an mhilleáin.
Caithfidh aontachtaithe a aithint fosta go gcaithfear aitheantas a thabhairt don chultúr Éireannach sa chuid ó thuaidh d’Éirinn agus caithfidh náisiúnaithe a bheith cinnte go dtuigeann gach duine gur lenár leas uilig é an comhionannas cultúir a iarraidh acu. Feiceann aontachtaithe é seo mar chogadh chultúir ach níl fáth ar bith nach mbeadh an dá fhéiniúlacht beo taobh le taobh ach ní fheicim Acht Gaeilge ag teacht am ar bith sa ghearrthéarma! Go dtí go dtosóidh na páirtithe polaitíochta uilig ag obair ar bhonn trasphobail, ní athróidh a dhath. Níl náisiúnaithe ag dul a imeacht ó dheas. Níl aontachtaithe ag dul a imeacht chun na Breataine. Tá muid uilig ag fanacht mar is maith linn an dúiche seo. Bíodh síocháin eadrainn mar sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.