AR NA SAOLTA SEO
An Ghaeilge ‘ar lóistín’ in RTÉ
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

I bhfianaise na tuarascála a réitigh Stillwater Communications do RTÉ, breathnaíonn Donncha Ó hÉallaithe ar a bhfuil ann maidir le straitéis RTÉ i leith craolacháin i nGaeilge.

Íomhá
Fís Dhomhnach Broc
Íomhá
John Creedon i mbun taifeadta ag Fleadh Cheoil na hÉireann
Íomhá
Nuacht RnaG faoi TG4, 'tubaist don teanga a bheadh ann''
Íomhá
'Seirbhís dhátheangach' Nuacht Bhaile na hAbhann, TG4

Ní raibh sé soiléir riamh cén dúnghaois a bhí ag RTÉ maidir le craolachán i nGaeilge. Leag an Stát dualgas reachtúil ar Údarás RTÉ sa reachtaíocht bunaithe (1960) a bhí sách éiginnte sa mhéad is nach raibh le déanamh ag RTÉ ach an aidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge a choiméad ‘i gcuimhne i gcónaí’ agus an dícheall a dhéanamh cabhrú leis an aidhm sin ‘a chur i gcrích’. Bhí sé beagáinín seafóideach a bheith ag súil go mbeadh RTÉ ag déanamh a dhíchill ag tacú le haidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge, nach raibh an Rialtas riamh dáiríre faoin aidhm náisiúnta céanna.

Bhí an státchóras á choiméad ‘i gcuimhne’ chomh maith ach ag déanamh fíorbheagáin faoi, in aon bhealach praicticiúil, taobh amuigh den chóras oideachais.

Mar is léir ó leabhar John Bowman* faoi 50 bhliain den teilifís, ba chnámh spairne ceist na Gaeilge taobh istigh de RTÉ ón tús. Lucht na Gaeilge ag iarraidh réimse níos mó cláracha agus sceidealú níos fearr dóibh agus bainistíocht an stáisiúin ag smaoineamh ar an mbunlíne airgeadais. Is mar gheall ar gur theip ar Raidió Éireann freastal ceart a dhéanamh ar an nGaeltacht a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus mar gur theip ar an RTÉ freastal ar riachtanais na dteaghlach a bhí ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge a troideadh an feachtas le TG4 a chur ar bun.

Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’. Dúirt an file Seán Ó Ríordáin uair (Irish Times, 9 Aibreán 1972) go raibh an Ghaeilge mar a bheadh ‘lóistéir’ i dteach RTÉ. Anois tá an ‘landlady’ buailte ag cruachás airgid, de bharr titim thubaisteach le cúig bhliain anuas san ioncam fógraíochta. Is sa gcomhthéacs sin a iarradh ar Stillwater Communications (Cillian agus Natasha Fennell) tuarascáil a réiteach don ‘landlady’ chun tíocht aníos le bealach leis an lóistéir a bhogadh isteach i seomra dorcha tais ar chúl an tí, mar go bhfuil custaiméir eile eagraithe aici don seomra deas ina bhfuil sé faoi láthair.

An Bealach ar Aghaidh’:

Is maith an rud é go bhfuil iarracht ar bun ag RTÉ faoi dheireadh ar stáitéis a chur le chéile faoi chraolachán i nGaeilge. Más mall is mithid. Ach sin ráite, níl mórán de straitéis molta sa tuarascáil seo, ar a tugadh ‘An Bealach ar Aghaidh’. Níl a fhios agam cérbh iad na téarmaí tagartha a tugadh do Stillwater Communications, mar níl siad tugtha sa tuarascáil, rud a mbeifeá ag súil leis.

roinnt smaointí maithe sa tuarascáil ach tá roinnt moltaí ann atá fíorchontúirteach do chraolachán na Gaeilge. Is moltaí iad atá bunaithe cuid mhaith ar mhíthuiscintí agus ar chlaontaí pearsanta na mbainisteoirí in RTÉ, in ionad iniúchadh fuarchúiseach a dhéanamh ar an gceist agus taighde bunúsach a dhéanamh ag úsáid modúlacht chríochnúil. Ní thugtar foinsí do na tuairimí a luaitear agus ní thugtar mórán sonraí sa tuarascáil faoi sheirbhísí Ghaeilge RTÉ: líon na n-uaireanta craolta, costas na gclár Ghaeilge a sholáthraítearlíon an lucht féachana. (Le bheith faireáilte le Stillwater Communications, bhí roinnt den eolas thuasluaite sa tuarascáil a cuireadh ar fáil do RTÉ ach baineadh amach é sa leagan a cuireadh ar fáil don pobal, ar chúis nach dtuigim. Tugaim cuid den eolas sin thíos.)

Ardaítear an cheist faoin dualgas reachtúil atá ar RTÉ ‘réimse cuimsitheach clár Gaeilge’ a sholáthar do réir Alt 114 den Acht Craolacháin 2009. Is léir ón dtuarascáil go gceaptar go forleathan in RTÉ go bhfuil an dualgas sin comhlíonta ag an eagraíocht tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse a chur ar fáil do TG4 agus nach gá a thuilleadh do RTÉ aon chlár Ghaeilge a dhéanamh le craoladh ar a chuid bealaí teilifíse féin.

an t-aonad Ghaeilge a bhíodh ag soláthar clár Ghaeilge in RTÉ scortha. ’Sé an trua é sin. Bhíodh cláracha d’ardchaighdeán á ndéanamh ag an Aonad Ghaeilge, ar chostas rómhór b’fhéidir, agus iad ag tarraingt lucht féachana an-mhaith: 12% - 18% den lucht féachana sa tír, agus iad in iomaíocht le Coronation St. ar stáisiúin eile teilifíse. (Is cosúil go mbíonn 240,000 ar an meán ag breathnú ar na cláracha Gaeilge a bhíonn ar RTÉ 1 gach Luan ag 7.30pm. Is annamh do TG4 lucht féachana os cionn 50,000 a mhealladh do chlár faisnéise i nGaeilge.)

Tá rudaí sa tuarascáil nach bhfuil bunaithe ar aon cheo seachas tuairimí gan mórán bunús leo. Mar shampla sa tuarascáil faoin teideal ‘Craoltóirí mar Mhúinteoirí’ deirtear go bhfuil ‘craoltóirí Gaeilge den tuairim láidir nach bhfuil aon fhianaise ann in aon áit ar leas rathúil a bheith bainte as na meáin chun teanga a mhúineadh ná chun cur leis an líon cainteoirí’. Chuir an abairt an oiread iontais orm go raibh orm dul ag an leagan Bhéarla le ciall a bhaint as agus seo mar a deirtear ansin: ‘Irish language broadcasters insist that there is no evidence anywhere of media being successfully used to teach a language or add to the number of speakers’. Anois céard déarfá!

Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh!

Caoinfhulaingt na Gaeilge:

Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil. Caoinfhulaingt go díreach! B’shin a bhí i gceist ag an Ríordánach nuair a dúirt sé gur caitheadh leis an nGaeilge in RTÉ mar a chaitear le lóistéir. B’fhearr leis an ‘landlady’ nach mbeadh an lóistéir sa teach ach caithfear cur suas leis mar go dteastaíonn an tíocht isteach ón gcíos. Ar an gcaoi chéanna, tá RTÉ ag caitheamh leis an nGaeilge mar go dteastaíonn an tíocht isteach ón gceadúnas. ’Sé airgead an cheadúnais bun agus barr an scéil, im’ thuairimse.

Tuigim go maith na deacrachtaí tráchtála atá ag RTÉ i láthair na huaire. Tá trian den ioncam fógraíochta a bhíodh ag RTÉ caillte ó thosaigh an cúlú geilleagair i 2008. Sa tréimhse chéanna, níor tháinig ach laghdú beag ar an ioncam a fhaigheann RTÉ ón gceadúnas agus sin de bharr go bhfuil an BAI anois ag úsáid sciar den cheadúnas le cláracha a choimisiúnú tríd an scéim ‘Sound and Vision’. Is ait an rud é go bhfuil na ciorruithe is mó curtha bhfeidhm ag RTÉ ar RnaG, ar Lyric FM agus ar an Aonad Ghaeilge, na réimsí ar chúis iad le hairgead na gceadúnas teilifíse a bheith á thabhairt do RTÉ. Buaileann an lag trá fógraíochta ioncam tráchtála RTÉ agus buaileann RTÉ an méad a chaitear ar ghníomhaíochtaí nach bhfuil déanta ar bhonn tráchtála. Braithim go bhfuil rud éicint mícheart ansin: airgead an cheadúnais á úsáid mar a bheadh fordheontas chun tacú leis an gcraolachán tráchtála.

Ceapaim go bhfuil fiúntas sa moladh a dhéantar sa tuarascáil go leathnófaí an cleachtas a bhíonn ag roinnt láithreoirí ar nós Marian Richardson, John Creedon agus fiú amháin Pat Kenny beagán Ghaeilge a úsáid sa gcur i láthair a dhéanann siad ina gcuid cláracha, ach admhaíodh ‘go raibh cuid den fhoireann raidió diúltach faoin gcleachtas sin’. Má tá siad diúltach faoi, nach acu atá an fhadhb! Níor mhaith liom go mbeadh iachall á chur ar aon chraoltóir go gcaithfidís an ‘cúpla focal’ a úsáid ó am go ham sa gclár, nuair a théann sé ina n-aghaidh, ach an oiread is gur maith liom go bhfuil sé mar dhúnghaois sa mBBC go gcaithfidh na láithreoirí an Poppy a chaitheamh mí na Samhna. Má tá fadhb acu le daoine eile ag úsáid corrfhocal nó abairt Ghaeilge ó am go ham, b’fhéidir go mb’fhearr dóibh a bheith ag obair i seirbhís eile craolacháin nach bhfuil aon dualgas reachtúil air ó thaobh na Gaeilge.

Straitéis RTÉ i leith na Gaeilge:

Is beag muinín a bheadh agam as RTÉ tíocht aníos le straitéis chiallmhar don chraolacháin i nGaeilge, a d’fhéadfaí a fheidhmiú. Chaith RTÉ thart ar €27milliún sa mbliain 2010 ar chraolachán i nGaeilge: 15% den ioncam ón gceadúnas craolacháin, do réir figiúirí atá feicthe agam. Ba laghdú é sin ón 16.75% den ioncam ón gceadúnas, a caitheadh ar an nGaeilge i 2008.
Seo leanas an briseadh síos ar an gcaiteachas sin don bhliain 2010:

Réimse Chraolacháin Caiteachas
Raidió na Gaeltachta, €11.928 milliún
Cláracha do TG4, €8.931 milliún
Nuacht RTÉ 1, €2.647 milliún
Cláracha teilifíse (RTE 1), €2.453 milliún
Nuacht Raidió a hAon, €0.774 milliún
Cláracha Raidió (Raidió 1), €0.405 milliún

Iomlán €27.138 milliún

Foinse: Lch. 14 de thuarascáil a réitigh Stillwater Communications do RTÉ, Eanáir ’12. Fágadh na figiúirí thuas ar lár sa leagan den tuarascáil a foilsíodh.

Creidim nach bhfuil ar bun ag an eagraíocht faoi láthair ach próiséas poiblí le go laghdófar an sciar den airgead ón gceadúnas a chaitear ar chraolachán tré Ghaeilge. Ag an am céanna d’fhéadfaí úsáid níos fearr a bhaint as an airgead a chaitear. Is maith an rud é go bhfuil Nuacht RTÉ 1 agus Nuacht TG4 curtha le chéile. Ba mhaith an rud é chomh maith go mbeadh an Nuacht Ghaeilge náisiúnta ar Radió a hAon curtha isteach le Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Raidió na Gaeltachta ach, im’ thuairimse, is tubaist don teanga a bheadh ann dá n-éireodh leis an bplean aon chuid de Sheomra Nuachta RnaG a chur isteach faoi Nuacht TG4, seirbhís atá ag iarraidh a bheith ‘dhátheangach’ do réir mar atá ráite go poiblí ag an gCeannasaí atá air. Tá a fhios agam go maith céard a chiallódh sin ó thaobh iompar teanga dhó agus caithfear cur ina aghaidh go tréan.

Má bhí ceannasaíocht RTÉ ag súil le straitéis shoiléir chiallmhar ó thuarascáil Stillwater, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm, caithfidh go bhfuil díomá mór orthu. Mar sin féin, tá roinnt moltaí fiúntacha déanta sa tuarascáil: go mbeadh méadú ar ‘úsáid ócáideach na Gaeilge’ taobh istigh de chláracha Béarla. Ach tá éiginnteacht ag baint le go leor de na moltaí. Mar shampla, ag trácht ar an Aonad Gaeilge, atá scortha faoi láthair agus a bhíodh ag soláthar cláracha teilifíse den scoth, deir an tuarascáil “sa gcás go ndéanfaí Aonad Gaeilge Teilifís RTÉ a athbhunú…” gan a rá in aon áit an bhfuil sé mar chuid den straitéis atá molta go mbeadh nó nach mbeadh Aonad Ghaeilge ann.

Aighneachtaí

Tá an tuarascáil foilsithe anois agus RTÉ ag cuartú aighneachtaí. Níl tugtha ach go dtí an Aoine, an 7 Nollaig, leis na haighneachtaí a chur ar aghaidh. Tá dhá rud bunúsach a bheas san aighneacht uaimse: go mbeadh an sciar den airgead ón ioncam ceadúnais, a chaitheann RTÉ ar chláracha Ghaeilge a sholáthar coinnithe ag 15% (an leibhéal a bhí ann i 2010) agus go mbeadh ar RTÉ iarratas bliantúil a dhéanamh ar an BAI leis an airgead sin a tharraingt anuas, le gur féidir maoirseoireacht phoiblí a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil an t-airgead á chaitheamh.

Tá sé thar am go mbeadh coinníollacha lóistín na Gaeilge in RTÉ ag brath ar chearta seachas ar dhea-thoil mhuintir an tí agus nach ligfí don ‘landlady’ lóistéir na Gaeilge a bhrú isteach sa seomra ar chúl an tí, as amharc an náisiúin.

  • John Bowman, Window and Mirror, RTÉ television: 1961 - 2011, Collins Press, Corcaigh (2011)
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.