AR NA SAOLTA SEO
Ceacht Staire ar Chearta Teanga: Dúnmharuithe Mhám Trasna
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.

Íomhá
Ceantar Mhám Trasna
(le S Ó Mainnín)
Íomhá
Graf de Mhaolra Seoighe ón leabhar 'Maamtrasna, the Murders and the Mystery' le Jarlath Waldron
Íomhá
Crann aonair san áit a raibh teach John Joyce i 1882
Íomhá
Ionad adhlactha cimí na seancharcrach i nGaillimh inniu
Íomhá
Seanbheairic an RIC i gCeapach na Creiche

Ceantar lom sceirdiúil é Mám Trasna atá ar bhruach Loch Measca ar an teorainn idir Chontaetha na Gaillimhe agus Maigh Eo. Ba dhoiligh áit níba iargúlta, níba áille ná níba chiúine a aimsiú fud fad na hÉireann. Ach ba ann a tharla ceann de na dúnmharuithe ba bhrúidiúla i stair na hÉireann 130 bliain ó shin. Níl fágtha anois ach ballóga ar láthair an tsléachta ach tá macallaí na n-imeachtaí fós beo i gcuimhne na ndaoine i gConamara. Mar thoradh ar an eachtra, tharla ceann de na cásanna ba mheasa de shéanadh cearta teanga ar chlár an domhain nuair nár tugadh cothrom na Féinne do fhianaise a tugadh trí mheán na Gaeilge agus nuair a crochadh fear san éagóir dá dheasca. Bhain na himeachtaí áit amach ar chéad leathanach The New York Times, spreag siad James Joyce i mbun pinn agus b’iad ba chúis go cliathánach le titim rialtas na Breataine.

Ar an 17 Lúnasa 1882 thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo, John Joyce, agus thug siad faoina raibh ann go fíochmhar agus go brúidiúil le gunnaí glaice agus le maidí. Cúigear san iomlán a maraíodh agus níor tháinig slán ón sléacht ach gasúr amháin, Patsy Joyce. Bhí mac eile, Martin, ar fostú ag teaghlach ar an Fhairche agus ní raibh sé ar an láthair oíche an ionsaithe dá bharr sin.

An tSiocair

teoiricí éagsúla ann maidir le cad a spreag na dúnmharuithe. Maíonn daoine áirithe gur chúbláil an Seoigheach airgead ó na Ribíní – cumann rúnda a bhí sáite i gcaismirtí talún. Maítear fosta go mbíodh sé ag goid chaoirigh na gcomharsan. Deir daoine eile gur scéith a mháthair, Margaret, eolas chuig na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh go gairid roimhe sin. Tá teoiric eile ann go mbíodh iníon an tigh ag suirí le ball den RIC, rud nach raibh inghlactha ag an am.

Cibé rud a spreag an tsléacht meastar go forleathan gur fear darbh ainm Big John Casey a d’eagraigh é. Bhí dornán de rathúnais an tsaoil ag an Chathasach ach saoiftiúil go leor, ní raibh seisean ar dhuine den deichniúr fear ón cheantar a gabhadh agus a cúisíodh as na dúnmharuithe. Bheartaigh beirt acu siúd iompú ina bhfinnéithe don choróin agus fianaise a thabhairt in éadan a gcomharsan. Daoradh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail chun báis agus ar chomhairle ó shagart áitiúil, phléadáil an cúigear eile ciontach as an choir leis an chrochadóir a sheachaint.

Fir Ghaeltachta ab ea iad uilig ach ní raibh focal Gaeilge ag an bhreitheamh ná ag an choiste chúirte a bhí i mbun na trialach i mBaile Átha Cliath. Póilín a bhí i mbun na hateangaireachta. Tá cur síos paiteanta déanta ag an scríbhneoir James Joyce ar an dóigh scannalach a caitheadh leis an fhianaise Gaeilge a thug duine den triúr a crochadh, Maolra Seoighe: “Neither the old man nor the others accused knew English. The court had to resort to the services of an interpreter. The questioning, conducted through the interpreter, was at times comic and at times tragic. On one side was the excessively ceremonious interpreter, on the other the patriarch of a miserable tribe unused to civilized customs, who seemed stupefied by all the judicial ceremony …..” (Il Piccola della Sera, 16 Meán Fómhair, 1907.)

Fód a mBáis

Ba i nGaillimh (san áit ina bhfuil an Ardeaglais faoi láthair) a crochadh an triúr. Thug beirt acu ráitis shínithe sular cuireadh chun báis iad inar admhaigh siad go raibh páirt acu san eachtra ach nach raibh Maolra Seoighe ciontach. Cuireadh an fhianaise seo faoi bhráid fhear ionad na Banríona in Éirinn, an Iarla Spenser, (sin-seanuncail leis an Bhanphrionsa Diana), ach thug sé an chluas bhodhar don achainí. Chuirfeadh an méid a dúirt sé, breithiúnas an Tiarna Denning ar achomharc Sheisir Bhirmingham i gcuimhne do dhuine faoi “such an appalling vista that every sensible person would say, ‘It cannot be right that these actions should go any further.’” Ar a bhealach go crann a chrochta, tuairiscítear gur dhúirt an Seoigheach: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beagcrochadh eisean san éagóir freisin.”

Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: “He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin. Not a single word of English was he able to speak; not a single word of his own language were the jury who tried him able to comprehend. ….

Dhá bhliain i ndiaidh an chrochta, cuireadh feachtas sa tsiúl le fiosrúchán a bhunú nuair a rinne duine den bheirt a thug fianaise don chóróin faoistin i láthair Ardeaspag Thuama, An Dr. Mac an Mhílidh. D’admhaigh sé gur thug sé mionn éithigh sa chúirt agus fianaise bréige in éadan Mhaolra Seoighe. Tháinig eolas eile chun tosaigh gur coinníodh fianaise thábhachtach siar ón chúirt agus go raibh camastaíl ar bun i roghnú baill an ghiúire, rud a chinntigh gur Protastúnaigh ar an mhórgóir a bhí air. Ach dhiúltaigh Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí a ghairm, rud a chur dlús le turnamh Rialtas Liobrálach Gladstone in 1885 nuair a thacaigh Charles Stuart Parnell agus na feisirí Éireannacha leis na Caomhaigh. Tugtar an ‘Maamtrasna Alliance’ ar an chomhghuaillíocht neamhghnách seo.

Ceartú na hÉagóra

Tráthúil go leor, tá fiosrúchán eile á éileamh san am i láthair ag polaiteoirí sa Bhreatain faoi cheannaireacht an Tiarna Alton. Táthar ag maíomh gur iomrall ceartais a bhí i gceist i gcás Mhaolra Seoighe. Más mall is mithid.

Ar an rud is lú thig a rá go cinnte, nach bhfuair Maolra Seoighe triail chothrom. Glactar leis fosta gur dócha nach raibh aon bhaint ag ceathrar den chúigear eile a gearradh pianseirbhís saoil orthu leis na dúnmharuithe. Cailleadh beirt acu sa phríosún agus chaith an triúr eile scór bliain i gcarcair sular thug an Tiarna Dudley pardún dóibh sa bhliain 1902. Scríobh an Feisire T M Healy cuntas spéisiúil ar bhailbhe na gcimí sa timpeallacht choimthíoch: "[A prison warder’s] stories of the Galway prisoners …. were heartrending. He said none of them could speak English, and that they bewailed their fate in Gaelic, holding up their hands to try to make him understand. They numbered their children on their fingers, and by signs tried to show him their ages and heights.” (‘Letters and Leaders of my Day’ T.M Healy MP, Príosún Richmond, 26 Bealtaine, 1883.)

Measann an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh cás Mhaolra Seoighe ar cheann de na léirithe is suntasaí agus is truamhéalaí dá raibh riamh ann ar shéanadh ar chearta teanga. “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla,” a dúirt sé agus é ag fógairt ócáid chomórtha a bheas ar siúl i nGaillimh i lár na míosa seo. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don chomóradh beidh Aifreann á cheiliúradh san Ardeaglais agus leagfar bláthfhleasca ar láthair an chrochta. Tabharfaidh leithéidí an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh agus an Tiarna Alton aithisc agus eagrófar turas go Mám Trasna. I measc iad siúd a bheas i láthair beidh Johnny Joyce duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh. Is é Oifig an Choimisinéara, Iarsmalann na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge atá á eagrú. Ar an 15 Nollaig a tharlóidh na himeachtaí seo, cothrom an lae 130 bliain ó crochadh Maolra Seoighe. Is tráthúil mar sin go gcuimhneodh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an eachtra brónach seo a tharla ag am nuair nach raibh aon chearta teangan againn.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.