AR NA SAOLTA SEO
An Gháinneáil ar Dhaoine
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Míníonn Alan Desmond san alt seo gur gnó ollmhór é an gháinneáil daoine gur deacair dul i ngleic leis. Bíonn diachair mhillteanach ag baint leis an gcineál sclábhaíochta seo, faraor.

Íomhá
Léirsiú i Londain anuraidh
(le 38degrees ar Flickr)
Íomhá
'Seachadadh' daoine
(BlankMapWorld le Magamiako ar Vicipéid)
Íomhá
Cur i gcoinne obair faoi bhannaí
(BBCworldservice ar Flickr)
Íomhá
Le breis eolais, iarrann daoine saoirse dá ngaolta
(BBCworldservice ar Flickr)

Bhí Lá in Aghaidh Gháinneáil ar Dhaoine á chomóradh timpeall an domhain ar 18 Deireadh Fómhair. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.

Sclábhaíocht ár Linne

Cé go léimid faoi chealú na sclábhaíochta sna leabhair staire, is ionann an gháinneáil ar dhaoine agus cineál sclábhaíochta. Is minic a deirtear gurb í an gháinneáil ar dhaoine sclábhaíocht ár linne. Is é atá i gceist le gáinneáil ar dhaoine ná iallach a chur ar dhuine, trí chomhéigean nó trí chalaois, rud éigin a dhéanamh i gcoinne a thola d’fhonn brabús a thuilleamh. Agus tá an-chuid brabúis le déanamh as an ngáinneáil ar dhaoine. Áirítear go bhfuil €25 billiún á saothrú gach bliain ag eagraíochtaí idirnáisiúnta coiriúla as an ngnó seo.

Ar na milliúin duine arb íospartaigh ar an drochobair choitianta seo iad, is mná agus cailíní iad a bhformhór mór. Éignítear roinnt mhaith de na mná is na cailíní seo agus bíonn ar chuid acu obair mar striapaigh. Ach seachas an teacht i dtír gnéasach, bíonn orthu tabhairt faoi obair i dtithe príobháideacha agus san earnáil chúraim, leis.

Is fir agus buachaillí iad breis is 20% de na daoine a ndéantar gáinneáil orthu agus is in earnálacha na talmhaíochta, na tógála, na hiascaireachta, na mianadóireachta is na foraoiseachta is mó a bhíonn orthu obair a dhéanamh. Ach ní sna hearnálacha oibre traidisiúnta amháin a bhíonn íospartaigh na gáinneála gníomhach. Uaireanta cuirtear iallach ar dhaoine déircínteachtgadaíocht a dhéanamh. Déantar gáinneáil ar dhaoine lena gcuid orgán a bhaint astu, leis. Cé go samhlaítear íospartaigh na gáinneála le daoine ó thíortha cosúil leis an tSín, an Úcráin, an Nigéir, an Rúis is Vítneam, agus is cinnte gurb as na tíortha sin do roinnt mhaith íospartach. Maíonn an Coimisiún Eorpach gurb as ballstáit an Aontais Eorpaigh féin don chuid is mó de na daoine a ndéantar gáinneáil orthu laistigh den Aontas Eorpach.

An Feachtas in Aghaidh Gháinneáil ar Dhaoine

Tá Comhairle na hEorpa ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an troid in aghaidh na gáinneála curtha ar a clár oibre aici. Mhaígh an Chomhairle, i bpreas-ráiteas a eisíodh ar 18 Deireadh Fómhair, nach mbuafaí an cogadh in aghaidh na gáinneála ar dhaoine mura dtabharfaí cumhacht do na híospartaigh féin. Is dócha gurbh é a bhí i gceist leis seo ná go mba chóir go mbeadh dearcadh an íospartaigh lárnach do pé iarrachtaí a dhéantar chun an fhadhb a fhuascailt.

Ach ní mar sin atá sé faoi láthair. D’eisigh an tAontas Eorpach Treoir i 2004 mar gheall ar chead cónaithe i gcomhair íospartaigh na gáinneála. Ach faoin Treoir (2004) seo, ní gá do bhallstáit an Aontais cead cónaithe a eisiúint ach ar feadh tréimhse ghairid ama. Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-íospartach a bheith sásta comhoibriú le húdaráis an stáit d’fhonn na daoine a rinne gáinneáil air a thabhairt faoi réim an cheartais. Mura bhfuiltear sásta comhoibriú, ní gá aon chead cónaithe in aon chor a chur ar fáil. Má táthar sásta comhoibriú, ligtear don íospartach fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl agus abhaile leis ansin – ar ais go dtí an tír ina bhféadfadh gáinneálaithe eile a bheith ag feitheamh leis, nó daoine eile nach mbeadh sásta go ndearnadh comhoibriú i gcoinne na ngáinneálaithe.

Is ar dhaoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad atá an cead cónaithe seo dírithe, ar ndóigh. Ach dá mhéad ciall a bhaineann leis ó thaobh chur i bhfeidhm an dlí agus chomhrac na coireachta de, ní cur chuige é a chuireann cearta is dearcadh an íospartaigh rómhór san áireamh. Is locht é seo is féidir a fháil ar dhúnghaois inimirce an Aontais Eorpaigh go ginearálta, ach ciallaíonn sé sin sa chás seo nach amháin nach dtugtar an aire ba chóir do na híospartaigh, ach ní bhaintear amach cuspóirí i réimse chur i bhfeidhm an dlí ach oiread. Is beag duine a cuireadh i bpríosún mar gheall ar gháinneáil daoine. Is fiontar é seo mar sin a bhfuil idir bhaol íseal is bhrábús ard ag baint leis.

Ach fiú dá ligfí do gach íospartach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach fanacht ar bhonn fadtéarmach, rud a thabharfadh uchtach dóibh comhoibriú leis na húdaráis i gcoinne na ndaoine a thagann i dtír orthu, ní réiteofaí an fhadhb. Fad is a bheidh éagothroime dhomhanda agus dlí an mhargaidh i réim, beidh an gháinneáil ar dhaoine linn. Fad is a bheidh éileamh ar thaobh amháin den domhan ó fhostóirí ar sclábhaithe-oibrithe d’fhonn costais a laghdú is brabúis a ardú, agus daoine ar an taobh eile a bhfuil saol chomh anróiteach sin acu gur éasca gáinneáil a dhéanamh orthu, beidh sé deacair deireadh a chur leis an sciúirse seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.