
Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag caitheamh súile ar an ngalar úd a chuimlíonn de shaol an Éireannaigh níos minice ná d’aon dream eile ar domhan, an F.C. – an Fhiobróis Chisteach.
»»»Murar roinn siad na hurchair, roinn siad na focail le Breivik. Rianaíonn Maidhc Ó Cathail conair na bhfocal siar roimh shléacht Utøya.
»»»Níl cuma ná caoi ar chur chuige fhorbairt áiseanna Shliabh a Liag agus is é tuairim Tony Birtill go bhfuil dochar déanta do cheann de phríomhspriocanna turasóireachta na tíre.
»»»Tuigeann Balor anois go bhfuil Aon Rí Dlisteanach na hÉireann ar son na Cúise Daingne, na Ceart-Ghaelainne agus na Slachtseanfhocal. Níl an Rí céanna ar son na Vatacáine ná na ‘feiceann’-Eorpa.
»»»Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ar barr creatha le binb, deir Brian Ó Broin. Céad bhabhta i dtroid na hUachtaránachta atá sa bhinb chéanna.
»»»Is cosúil go bhfuil páirtithe móra na hAstráile ag moladh an chruas croí i leith lucht dídine na mbád neamhúdaraithe chucu as an Áis. Tá Bearnaí Ó Doiblin ag faire an scéil.
»»»Tá muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina ‘n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile’ mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin. Bhí Tony Birtill i láthair ag cruinniú den Choiste Cuimhneacháin.
»»»An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.
»»»An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
»»»Fear imeartha fológaí in Áras na hUachtarlainne agus an fear a bhunaigh 2RN, bhí Balor Béimeann ag brú ceisteanna eascairdiúla orthu i dtaca lena bhfeachtas Uachtarlainne. “Is tiubh gach uachtar agus bíonn an-phinsean leis” a d’fhógair siad!
»»»Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach. D’áireodh Maidhc Ó Cathail Adam Gadahn i measc na stiúrthóirí ardáin.
»»»Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma. Tá comhlachtaí scannáin Chalifornia go maith ag soláthar íomhá den saol meánscoile i SAM nach siúlann ar an bhfírinne dar le Brian Ó Broin.
»»»Tá contúirt áirithe ann i dtólamh, dar le Robert McMillen, ar cheart a aithint agus a bheith faicheallach ina thaobh.
»»»Tá sé fógartha ag Rialtas, nach mbeidh gá le toghchán as seo amach le hionadaithe ón bpobal a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta is go bhfágfar an cúram faoin gComhairle Chontae, duine a ainmniú ar bhord an Údaráis. Creideann Donncha Ó hÉallaithe gurb é seo an rogha is measa le guth a thabhairt do phobail na Gaeltachta ar Bhord an Údaráis.
»»»Tá Robert McMillen den tuairim nach múchfar an stair a fhad a mhairfeas an chuimhne. An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.
»»»Is ionadh le Tony Birtill go maraítear daoine neamhurchóideacha 30 bliain i ndiaidh marú Kevin Gately i lár Londain. Níor theastaigh ó Ian Tomlinson ach siúl abhaile. Mharaigh póilín é earrach na bliana 2009.
»»»Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
»»»Caitheann Mícheál Ó hAodha súil sa chéad cheann seo de dhá alt, ar shaol nár bhlaiseamarna de mar dhílseánaigh socraithe, saol atá ag athrú as éadan, saol an Lucht Siúil.
»»»Tá meanma agus misneach sa dream óg in Éirinn nach bhfuil le brath sa ghlúin is sine ná iad, dar le Lisa Nic an Bhreithimh. Níl an t-aos óg chomh cloíte is a shamhlófaí, d’ainneoin an ciseach a rinneadh den tír.
»»»Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.
»»»Thug Lizzie Windsor ceacht Gaeilge do mhuintir Bhéarla na hÉireann, cuid acu a déarfas “a Cathairleach” (sic) sa Dáil féin agus níor thit an spéir ar an talamh ina dhiaidh sin a deir Pat Butler.
»»»Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
»»»Tá Donncha Ó hÉallaithe agus a chairde ag déanamh bealaigh ar an bhfarraige mhór ó thuaidh ach ní hí an aimsir is fearr atá feicthe acu ó d’fhágadar Gaillimh ina ndiaidh leis an Íoslainn a bhaint amach.
»»»Tá léamh ar leith ag Maidhc Ó Cathail ar chuairt Barack Obama ar sheanfhóda dúchais na beirte acu, thart ar Mhuine Gall.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim atá faoi bhagairt bhéal na tua an chéad bhliain eile. Deir sé nach rómhaith an tús é don Aire Stáit nua, Donncha Mag Fhionnghaile T.D.
»»»Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill. An cuma le cách an méid sin?
»»»Dhá shléacht gan chéill, sa Bhrasaíl agus san Ísiltír. Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.
»»»Tá scagadh as úr ar scéal Ghaeil na hAstráile dúisithe ag taispeántas atá ar siúl san Iarsmalann Náisiúnta i gCanberra. D’fhreastail Bearnaí Ó Doibhlin ar an taispeántas áit a raibh sé in ann éisteacht lena ghlór féin agus le glór a bhean chéile.
»»»Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.
»»»Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.