AR NA SAOLTA SEO
Naofacht Sléibhe agus Oileáin
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí eagla ar Tony Birtill go síobfaí an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar den aill os comhair a dhá shúil ar chósta Dhún na nGall an mhí seo caite.

Íomhá
Leo Varadkar ina sheasamh ar an Ghob Fhada
Tony Birtill)
Íomhá
Sos le cairde ar mhullach Shliabh a Liag
Tony Birtill)
Íomhá
An tAire ag amharc amach ar Inis Muirigh
Tony Birtill)
Íomhá
Seal suí ag Tobar Assaigh
Tony Birtill)
Íomhá
Crois Chí-ró Reachlainn Bhirn

D’fhreastail ar léacht an-spéisiúil de chuid an Ollaimh Mícheál Ó hOireachtaigh ag an Scoil Seandálaíochta in Oideas Gael an mhí seo chuaigh thart ar dhísirt oileáin agus eile.

Thosaigh an nós díthreabhach i measc Chríostaithe an Oirthir, áit a ndeachaigh Uaithne, Antaine mar is fearr aithne air, amach i bhfásach na hÉigipte sa 3ú aois chun éalú ón domhan ábhartha agus a bheith níos cóngaraí do Dhia. De réir an Ollaimh Ó hOireachtaigh, bhí díthreabhaigh agus manaigh in Éirinn thart 400iC. agus ba é cion oibre Naomh Pádraig iad a eagrú.

Bhí deisceabal chuid darb ainm Assicus (sa Laidin), Tassach agus Assach (i nGaeilge) i gceantar Ghleann Cholm Cille. Ba as an Ghaill é, agus cheap Pádraig é mar Easpag Ail Finn, mar a bhfuil a ainm le feiceáil ar chorrscoil is áras. Is é an 14 Aibreán a féile. Bhí ina dhíthreabhach ar Rochuil, Oileán Reachlainn Bhirn ar feadh seacht mbliana roimh 490iC. an t-oileán seo, a bhfuil achar timpeall 34 heichteár ann, dhá chiliméadar i bhfarraige ón Mhálainn Bhig. tréigthe le tamall fada de bhlianta, diomaite de choimeádaithe theach an tsolais, ach sin uathoibríoch anois fosta. Thug cuairt air in éineacht le Mícheal Ó hOireachtaigh agus lucht seandála eile i 1992. Chuaigh muid isteach ann ó Mhálainn Mhóir. go mbíonn cuma shuaimhneach ar an chaolas cuid mhaith den am, bíonn an fharraige seo fealltach. Sa bhliain 1975, cailleadh seisear nuair a chuaigh anEvelyn Marie’ go tóin poill anseo agus cailleadh cúigear eile nuair a tharla an rud céanna, sa cheantar céanna, donCarraig Úna’ bliain cruinn baileach ina dhiaidh sin.

Crosleac Reachlainne

Roghnaigh Ó hOireachtaigh socair, ciúin don turas seo mar sin agus mhothaigh muid slán faoi chúram na mbádóirí áitiúla, Síol gColla clann Mhic Uidhir. iarsmaí an dísirt ina luí i lag nach go bhfuil foscadh ann, cóngarach do chósta thoir thuaidh an oileáin os cionn clasaidh .i. lamairne a ghearr an fharraige isteach san oileán go haiceanta. Le taobh theach an tobair, crosleac bheannach le Chí-ró saothraithe fleascach uirthi. Is monogram é a sheasann do chéad dhá litir an fhocail GhréigiseCríost’. Chuaigh an Chí-ró neamhghnách seo i bhfeidhm go mór orm. De réir Oireachtaigh, is féidir an Chí-ró seo, an t-aon earra amháin a bhfuil ealaíontóireacht den scoth ag baint leis atá fágtha sa suíomh, a chur síos do Assicus, a bhí ina mhiotalóir sároilte.

amharc ón ionad ar thír mór a shíneann ó Rinn Ros Eoghain sa taobh thuaidh go dtí beanna mórthaibhseacha Shliabh a Liag sna taobhanna theas agus thoir theas. cur síos i gcuntas Thírecháin ar mhisean Naomh Pádraig a scríobhadh de choir dheireadh an tseachtú céad ar mhanaigh Assicus á bhreith leo ainneoin ón oileán, áit a raibh seacht mbliana caite aige. curtha i Ráth Cúng, in aice le Bhaile an Trá. De réir seanchas na háite, stad Assicus ar thaobh an Liatháin, in aice le Sliabh a Liag, chun amharc ar a dhíseart oileáin muirneach don uair dheireanach agus bhí an-bhrón air. Thosaigh ag gol, agus an áit ar thit a dheora, sin áit a bhfuil Tobar na nDeoran Tobar Naomh Assaich anois.

Tugaim cuairt i gcónaí ar an tobar seo agus ar an bhealach anuas ó Shliabh a Liag le scaiftí ar mo chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael. Is áit an-iargúlta é, Gleann Liatháin agus bheadh an tobar an-deacair a aimsiú gan eolas maith agat ar an cheantar. Glacfaidh muid sos ag an tobar, rud atá de dhíth tar éis an tsiúil fhada ó Bhun Glas, trasna Cosán an Aon Fhir. Bhí an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar TD, ar an chúrsa i Lúnasa.

Eagla Roimh Cheannlínte

Dála Oileán Reachlainn Bhirn, caithfidh do a roghnú go cúramach don turas seo, mar is droim sléibhe géar é, Sliabh a Liag, agus séideann an ghaoth go láidir thuas ansin, gaoth a dtiocfadh leis duine a sciobadh den aill gan stró. Bhí gálaí ann an tseachtain sin, agus choinnigh súil ghear ar réamhaisnéis na haimsire. Buíochas le Dia, mhaolaigh an ghaoth i rith na seachtaine agus bhí muid in innimh dul suas hAoine 17ú Lúnasa. Bhí neart ceo ann ar dtús, rud a chuir isteach ar an radharc iontach. Ach cruthaíonn an ceo atmaisféar ar leith thuas ansin fosta - mothaíonn go bhfuil ag siúl ar scamall in amanna, go mór mór faoi bhealach trasna Cosán an Aon Fhir. leac fhada ag gobadh amach ón aill ag deireadh Cosán an Aon Fhir, leac atáAn Gob Fada’ air. Go minic, seasann siúlóirí air le haghaidh grianghraf dána, le titim 595 méadar taobh thiar díobh. Caithfidh a admháil go raibh imní orm nuair a rinne Leo Varadkar amhlaidh - bhí ag smaoineamh ar cheannlíne na nuachtán an dár cionn! (Níor tugadh aire don Aire!) Ach dheacaigh thar fóir agus tharraing grianghraf de.

Is rud maith é go raibh ann, mar seisean i gceannas ar an tograforbairt atá ag dul ar aghaidh ansin faoí láthair agus chonaic an creimeadh millteanach ar an chosán ar an bhealach suas, an graffiti Carl loves Breege’ agus croí atá ann le trí bliana agusBóthar na mBrící Buí’ar an bharr. (Beo Iúil 2012).

Ach chonaic fíorfháilte Thír Conaill fosta ag deireadh an lae, nuair a bhí an aimsir geal agus te agus bhuail muid le bus Sheosaimh Eochaidh ar an Mhálainn Bhig. Tháinig bean áitiúil amach as a teach le gloiní uisce breá fuar do na siúlóirí agus d’ól siad a sáith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.