AR NA SAOLTA SEO
An Béal Beo ina Bhéal Bocht agus ina Bhéal Marbh
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá sé in am deireadh a chur leis an fhinscéal uirbeach go bhfuil an Ghaeltacht rite le deontais ón stát, dar le Breandán Delap.

Íomhá
An Seanadóir Fidelma Healy Eames
(le C Bairéad ar Vicipéid)
Íomhá
'west Connemara', 'tiubh le deontais' - Healy Eames
(le Postdlf ar Vicipéid)
Íomhá
An tAire Phil Hogan
(le Kilkenny Leader Partnership ar Vicipéid)
Íomhá
Rabhlaí Rabhlaí, sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh
(le hOidreacht Chorca Dhuibhne & Col. Mhuire gan Smál, Luimneach)
Íomhá
Fan sa chathair, athbhreithniú ar liúntais Ghaeltachta
(le Edward Mc Williams ar Vicipéid)

Ní mór don chainteoir Gaeilge cur suas le go leor claontachta a bhíonn bunaithe ar mhiotais. Chuala muid go léir leithéidí: “De réir an Acht Teanga tá dualgas ar an Stát gach uile doiciméad oifigiúil a aistriú go Gaeilge agus caitear na milliúin Euro ar an chúram seo gach bliain” nó “gheobhaidh tú pointí breise san Ardteist má dhéanann tú do chuid scrúduithe i nGaeilge.” Is í fírinne an scéil, ar ndóigh, nach gcaithfear ach líon teoranta cáipéisí a aistriú agus nach bhfaigheann ach a leath de na daltaí a dhéanann an Ardteist trí mheán na Gaeilge pointí breise CAO mar thoradh ar chóras casta na marcanna bisigh atá ann.

Miotas eile nár mhiste a bhréagnú ná líon na bhféiríní airgid a bhronntar ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Is iondúil go luaitear an dá fhocal ‘Gaeltacht’ agus ‘deontas’ lena chéile chomh minic is a cheanglaítear teip le foireann peile Mhaigh Eo. Ní hamháin go bhfaigheann páistí scoile na Gaeltachta Big Mac agus mála sceallóg saor in aisce lena gcuid cócó ag am lóin ach déantar formhéadú, nó i bhfriotal na linne seo, supersizeáil, 10% ar a mhéid mar go labhrann siad Gaeilge!

Agus í ag caint sa tSeanad faoi na réigiúin phleanáil teanga atá le bunú mar thoradh ar Acht na Gaeltachta dúirt an Seanadóir Fidelma Healy Eames: “I would be delighted if all the deontais the Department gives Connemara currently were spread around the 19 Gaeltachtaí. I often point out how generous the Minister of State is to west Connemara.” Ach an bhfuil aon bhunús leis an tuairim sin anois? An bhfuil an rialtas chomh flaithiúil sin agus an bhfuil an Ghaeltacht chomh lofa le hairgead is a shamhlaítear?

Tús an Scéil

Níl aon amhras ach go raibh an-ráchairt thar na blianta ar na Deontais Thithíochta Gaeltachta. Thiocfadh leat breis is €5000 a fháil le teach nua a thógáil sa Ghaeltacht (nó breis is €15,000 ar na hoileáin Ghaeltachta) ach a chruthú gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh. Bhíodh deontais ar fáil, lena chois sin, d’éinne sa Ghaeltacht a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar a theach. Is cinnte gur mhór an cuidiú a bhíodh sna deontais éagsúla a bhíodh ar fáil do chóiriúcháin éagsúla ar nós seomraí breise do chuairteoirí a thógáil (€1,280), ceann tuí a athnuachan (€7000) nó an soláthar uisce a fheabhsú (€2,420). In áit a bheith ag díol táille le Roinn Phil Hogan chun an damhach séarachais a athnuachan, bhíodh breis is míle euro ar fáil le haghaidh cóiriú séarachais. Don té nach mbeadh a mhalairt ar eolas aige shílfeá go bhfuil an saol ar a dtoil ag pobal na Gaeltachta mar gur leo a thit an t-airgead. Ach chuir Roinn na Gaeltachta an scéim seo ar fionraí i 2009 chun coigiltis a chur i gcrích.

D’fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá os coinn 2,200 múinteoir bunscoile agus thart ar 400 múinteoir dara leibhéal i dteideal an liúntas seo a fháil san am i láthair agus cosnaíonn sé thart ar €5m ar an státchiste gach bliain. Déanfar athbhreithniú fosta ar na liúntais Ghaeltachta a íoctar le Gardaí agus le feidhmeannaigh de chuid na Roinne Talmhaíochta agus na Roinne Sláinte. Tá deireadh ar fad curtha leis na liúntais Ghaeltachta thuasluaite i gcás éinne a earcaítear feasta. Is léir go bhfuil sruth na meala ionann is tráite um a dtaca seo.

Ciorru Faoi Choim

Cuireadh deireadh fosta le Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhí ar an fhód ó thús na dtríochadaí agus ar a dtugtaí Scéim na Deich bPuntaí tráth dá raibh. Faoin Scéim d’íoctaí €260 in aghaidh an teaghlaigh ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigirí ón Roinn. Ba léir go raibh a leithéid de choincheap as dáta anois agus nár cheart tuismitheoirí a íoc feasta as a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Ach is beag an t-éileamh atá ar an Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a tháinig ina áit. Mar chuid den chlár sin scaiptear pacáiste tacaíochta teanga ar thuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge. Ins an chéad leagan den phacáiste fuair tuismitheoirí leabhrán a chuir comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge mar aon le Rabhlaí Rabhlaí (dlúthdhiosca agus leabhar rannta do pháistí) ach diabhal seic a bhí le feiceáil ann! Cosnaíonn sé tuairim is €10 in aghaidh an teaghlaigh an pacáiste a chur le chéile agus is léir gur ciorrú faoi choim, i gcruth leasaithe, atá ann. Dá shuaraí féin é, tá deontas eile ar lár ó phobal na Gaeltachta le himeacht Scéim Labhairt na Gaeilge.

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge fós ann ar ndóigh, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh. Cuirtear an scéim seo i láthair de ghnáth mar scéim a thugann ‘deontais’ do dhaoine sa Ghaeltacht ach ar ndóigh is a mhalairt ar fad a dhéanann sé. Is do thuismitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht an deontas i bhfírinne mar gurb iadsan agus a bpáistí a fhaigheann an bhuntáiste airgeadais as cuid den chostas a bheadh ar a dtréimhse sa Ghaeltacht a bheith á íoc ag an stát. Fordheontas ar shaoire an tsamhraidh do pháistí ón Ghalltacht atá ann ar bhealach. Níl á fháil ag na mná tí ach íocaíocht chothrom ar obair chrua.

Ach nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag bronnadh deontais go fial agus go flaithiúil? Ar bhealach is míthuiscint é sin fosta óir go bhfuil a gcuid achmhainní teoranta ag cleachtais eagrais stáit na tíre agus ag buiséad ciorruithe (€2.5m de bhuiséad caipitil mar aon leis an teacht isteach ó dhíol maoine). Tá na teorainneacha céanna i bhfeidhm ó thaobh deontais i gcabhair dá gcuid cliantchomhlachtaí is atá do chomhlachtaí sa Ghalltacht. Tá Údarás na Gaeltachta ann mar gur thuig rialtais éagsúla i gcaitheamh na mblianta gur cheart aitheantas faoi leith a thabhairt don Ghaeltacht mar cheantar sainiúil. Mura mbeadh an eagraíocht ann bheadh ar áisíneacht eile ar nós Fiontar Éireann nó an tÚdarás Forbartha Tionscail cúram a dhéanamh d’infheistíocht sa Ghaeltacht. Chaithfí an t-airgead cibé ar bith.

Claontuairim le Ceartú

Liosta le háireamh mar sin iad na deontais agus na buntáistí airgeadais atá bainte ó phobal na Gaeltachta le dornán blianta anuas. Ní thig a shéanadh ach gur chuidigh na deontais éagsúla úd le go leor de bhunadh na Gaeltachta i gcaitheamh na mblianta agus go bhfuil dornán de rathúnais an tsaoil acu dá dheasca. Níl aon chall leis an bhéal bhocht ach an oiread mar go bhfuil infheistíocht leanúnach déanta ag rialtais éagsúla ó bhunú an stáit a leith i gcomhlachtaí teangalárnaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht – leithéidí an tÚdarás, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Muintearas, Oideas Gael agus go leor eile nach iad. Cruthaíonn na heagrais seo fostaíocht agus cuireann siad beocht sna ceantair Ghaeltachta agus is ceart a bheith buíoch as an tacaíocht.

Ach an oiread leis an chuid eile den tír, áfach, níl aon chosaint ag pobal na Gaeltachta ón doineann geilleagair agus tá a sciar féin de chiorruithe á n-iompar acu. Níl éinne ag súil lena mhalairt. Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn. Tá sé in am mar sin deireadh a chur leis an chlaontuairim gurb í an Ghaeltacht páistín fionn an stáit, atá ar maos le deontais. Ach ar ndóigh beidh siad ann i gcónaí nach ligfidh an leisce dóibh a mhalairt a thuiscint; na daoine a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn, gur muslamach é Barack Obama, nach bhfuil aon ghlacadh ag Aontas na hEorpa le bananaí cama agus nach bhfuil an domhan cruinn!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.