AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

cíochadh na súl ar bun ag eagarwhorie a nochtann barraíocht de phríobháideachas saoil súdairí Shasana dar le Balor.

Íomhá
Bwana William ina shuí go teolaí ar mhullach na ndaoine
(le Sassybobcat.com agus The Superficial)
Íomhá
Torinis Chonaing i bhfarraige ó thuaidh
Íomhá
Súdaire eile ina suí go teolaí
(le Sassybobcat)

Bhí an domhan mór trí chéile ar fad an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí dílse – nó sin barúil Bhaloir. Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis. Ach is léir gur mar sin a tharla. Agus is léir nach raibh Kate féin, ná a fear céile ríoga, róshásta go raibh brollach s’aicise ar taispeáint ar an idirlíon le go ndéanfadh daoine googleáil air. Ach is é is mó a bhí ag cur as don bheirt ná go raibh an brollach ríoga nocht ar taispeáint sa Réalta ar fud na hÉireann. Cé gur mhínigh ambasadóirí agus lucht taidhleoireachta dóibh go soiléir gurbh é an Irish Star a chuir na pictiúir i gcló, creideann siad fós gurbh é An Réalt, cumann paidreoireachta de chuid Léigiúin Mhuire a rinne an beart náireach. Tá Balor faoi chomhairle dlíodóra gan a bhéal a oscailt faoin scéal nó bhí pictiúr dá chuid cíoch féin ar taispeáint sa News of the World cúpla bliain ó shin, agus níor thóg sé raic faoi ag an am. Ach anois, b’fhéidir go rachaidh sé i dteagmháil leo ó thaobh cúitimh de. Mmmmm. Má éiríonn le Kate Middlesex agus le Willie Windsor cúpla milliún a fháil, bhuel, ní bheadh a fhios agat.

Cinnireacht nó Cinsireacht?

Mar aguisín leis an scéal sin, tá Patsaí Dan Mac Ruairí i ndiaidh toirmeasc iomlán a chur ar irisí Caitliceacha. Ní bheidh cead ag aon duine iris chráifeach ar bith a thabhairt isteach ar Thoraigh feasta, ar eagla go mbeadh ceann de na pictiúir náireacha seo istigh inti. “Ní miste dúinn an t-oileán seo a choinneáil glan agus geanmnaí,” a dúirt Rí an Oileáin. “Tá cluinte agam go bhfuil sé de rún ag mná óga áille áirithe cóipeanna de na hirisí seo a thabhairt isteach agus iad faoi cheilt ina gcuid éadaigh, le dáileadh ar bhunadh an oileáin; ach beidh mise ag fanacht leo ar an ché le hiad a friskeáil. Caithfear é a dhéanamh. Tá dualgas ormsa mar Rí ar an chreag seo i lár na farraige mo phobal a choinneáil saor ó chathú agus ó cháim. Ní maith liom go gcaithfidh mé an friskeáil a dhéanamh, ach níl an dara suí sa bhuaile agam.”

Ar chloisteáil an scéil seo do Bhalor, thug sé aghaidh caol díreach ar a chreag dhúchais i lár na farraige chun an scéal a fhiosrú agus chun cúpla ceist eile a chur ar Phatsaí Dan. Chroch sé suas a chuid seolta móra geala go barra na gcrann. Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh. Bhí Rí an Oileáin ag fanacht leis ar an ché.

Gach Fear Faoi Ruball a Bhó Féin

Patsaí: Is é do bheatha abhaile a Bhaloir. Cad é a thug tú go Toraigh na dTonn – agus na habair liom gurbh é an bad sin, a húir!

Balor: Go raibh maith agat, a Phatsaí. Tá mé abhus le cúpla ceist a chur ort faoi na pictiúir seo de Kate Middlesex. Deirtear liom gur tú féin a bheas ag ransú fríd éadaí daoine áirithe. An bhfuil cúis ar leith leis sin? Cad chuige nach dtig le mná an oileáin an obair sin a dhéanamh? Thiocfadh leatsa éadaí na bhfear a chuardach.

Patsaí: Á a Bhaloir, an é go bhfuil tú chomh fada sin ar shiúl ó d’fhód dúchais nach dtuigeann tú na cúraimí agus na freagrachtaí atá ar cheannaire mhuintir an oileáin seo. Ní miste domsa iad a chosaint ar gach olc, ar gach doghníomh agus ar gach aimhleas. Thiocfadh sé idir mé agus codladh na hoíche dá bhfeicfeadh duine ar bith de bhunadh an oileáin na pictiúir dhamanta ghránna choireacha sin. Ar an drochuair, is orm féin a thiteann an dua.

Balor: Ach níl tú sásta rútáil fríd éadaí na bhfear a thagann chun an oileáin? Cén fáth sin?

Patsaí: Arú, a Bhaloir. Bíodh ciall agat! Níl áit ar bith ag fear le hirisí a chur i bhfolach ar a phearsa féin; ach is iomaí áit atá ag bean. Anois ná cuir ceist ar bith eile orm faoi seo, le do thoil. Tá a fhios agat gur duine íogair, mothálach mé, agus tá tú i ndiaidh mé a chur as mo riocht. Féach anois luisne na náire ar m’éadan.

Balor: Maith go leor, a Phatsaí. An fhad is atá mé ag caint leat, an bhfuil aon phlean agat don oileán a bheifeá sásta a roinnt le léitheoirí Beo Ar Éigean?

Patsaí: Bhuel, a Bhaloir, ós rud gur chuir tú an cheist… Tá a fhios agat go bhfuil Glasgow Rangers i dtrioblóid? Tá cinnte. Bhuel, rith sé liom go dtiocfadh le muintir Thoraigh cuidiú leo. Níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach seo í an fhírinne lom: thángthas, ar na mallaibh, ar phaiste cothrom féarach idir Baile Thoir agus Baile Thiar. Níl muid sásta fós a rá cén áit go díreach ar thángthas ar an phaiste seo, ach is ann dó. Tháinig na saineolaithe ó Teagasc agus ón Roinn Talmhaíochta agus ón Iarsmalann Náisiúnta agus scrúdaigh siad é. Níl dabht ar bith faoi ach gur paiste cothrom, leibhéalta, réidh féarach atá ann. Bhuel, is cinnte gur paiste féarach atá ann i gcás ar bith. Níl na saineolaithe ar aon fhocal fós faoi cé chomh réidh mín is atá an paiste. Anois rith sé liom go dtiocfadh linn an paiste féarach seo a ligean amach ar cíos do Rangers mar pháirc sacair le bheith ag traenáil ann. Dá dtiocfadh leo teacht trí gheimhreadh amháin ag traenáil ar Thoraigh, níl foireann ar domhan a gheobhadh an ceann is fearr orthu. Dar ndóigh, bheinn ag gríosadh mo mhuintire anseo le maslaí agus eile a chaitheamh leo agus iad ag traenáil – ar mhaithe le hiad a neartú, an dtuigeann tú, a Bhaloir – ar mhaith le hiad a neartú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.