AR NA SAOLTA SEO
Aicme an Chac ar Oineach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Mheas W. B. Yeats go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine, ach is túisce an cith mallachtaí ar Shráid Dhún na nGall ná a dhath mar a mhothaigh Robert McMillen lena dhá chluais féin.

“F--k your church, ye Fenian b------s.”

Bean mheánaosta ar chosúil nár chaith an saol go cineálta léi a scread an mhallacht thuas agus í ag siúl thart liom taobh amuigh de Theach Pobail Caitliceach Naomh Pádraig i Sráid Dhún na nGall i mBéal Feirste Dé Satharn seo caite, na mílte ball den Ord Dubh ag siúl ar an tsráid taobh léi.
Uair a chlog roimhe sin, thiomáin mé síos Bóthar na Seanchille ar mo bhealach chuig mo chuid oibre agus i gcúlshráid chonaic mé romham an slua Protastúnach, na mílte acu in éide geal, gealgháireach.
Tá difir idir mórtas cine agus an forchiníochas agus má bhí mórtas cine i gceist ar Bhóthar na Seanchille, an forchiniochas a bhí á fhógairt go hard taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig.

Mionnaí móra, na Lambegs á mbualadh níos tréise agus an Sash á bhualadh in eachtra chomh seicteach is a chonaic mé riamh. Fir sa mhórshiúl ag glacadh grianghrafanna de lucht agóide. Bhí sé scáfar. Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an Royal Black Institution á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.

Sin ansin romham iad, ag bualadh The Sash chomh callánach tintrí is a bhí ina gcnámha taobh amuigh den teach pobail, an dearg-ghráin atá acu do Chaitlicigh le feiceáil ina n-aghaidheanna agus sa gheáitsíocht a bhí a chleachtadh acu.

Iarraidh ar Chomhurraim?

Ar thaobh an bhealaigh, bhí dhá dhream - Caitlicigh a raibh meirge mór acu agus Respect St Patrick’s Church scríofa air. Fá cúpla slat uathu, bhí lucht leanúna na bhFear Dubh, ag bualadh bos agus ag damhsa le foinn na mbuíonta, idir eatarthu bhí na línte póilíní. Bhí an tsráid ar aon bharr amháin teannais. Ach seo an rud. Ní raibh cead ag na buíonta a bheith ag seinm ar chor ar bith. Bhí cosc curtha ar cheol ag Coimisiún na Mórshiúlta, bhí cosc ar an bhuíon, the Young Conway Volunteers a bheith páirteach sa mhórshiúl i ndiaidh iad tús a chur leis an achrann agus iad ag bualadh amhráin seicteach, The Famine Song, taobh amuigh den teach pobail atá ar an suíomh i sráid Dhún na nGall ó 1877.

Ní maith liom an focal seicteachas mar ceileann sé bunfhadhb an tuaiscirt - an frith-Chaitliceacheas, idir chreideamh agus pholaitíocht. (Níl mé á rá nach ann don fhrith-Phrotastúnachas, ar ndóigh)
Tá cuid den fhrith-Chaitliceachas seo seafóideach. An mhí seo caite, chaith Comhairle Bheannchair cúpla uair a chloig ag plé na sólainne úire iontaí - sólann atá beartaithe don bhaile - cionn is gur chreid comhairleoir amháin, má amharcann tú uirthi ag uilleann éigin, go bhfuil cuma thrídhathach na hÉireann air.

Cearrbhaigh nach mBearrfadh go Domhain

cuid eile urchóideach, binbeach, áirím cinneadh Chomhairle Lios na gCearrbhach saoirse an bhaile a thabhairt don Ord Bhuí mar shampla. Comhairle fhrith-Chaitliceach agus é bródúil as, ábhar ceiliúrtha acu i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach le linn na dTrioblóidí.
Samhnasach.

Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
Bhí polaiteoirí aontachtacha ar thús cadhnaíochta san fheachtas sin agus tá aontachtaithe an lae inniu ag cuimhneamh gur éirigh leis an lámh láidir - nó bagairt na láimhe láidre - bac a chur ar an Riail Dhúchais ag tús an chéid seo caite.

Chonaic muid a mhacasamhail le Nelson McCausland agus le Nigel Dodds an tseachtain seo caite ag tabhairt tacaíochta do lucht bhriste an dlí, agus don taispeántas nirt a léirigh siad.
iompar pholaiteoirí aontachtacha maidir le Teach Pobail Naomh Pádraig ina náire shaolta ach ní cúis ar bith iontais é sin. Bhí sé amhlaidh i 1912 agus roimhe. Sa chéad doiciméad ina luaitear bunú na heagraíochta, tugtar The Magnanimous and Invincible Order of Royal Blackmens’ Association uirthi. Is beag mórintinneacht atá léirithe acu ach measann siad go bhfuil siad dochloíte fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.