AR NA SAOLTA SEO
Éacht Katie Taylor
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.

Ar Beo.ie, Feabhra 2008: Is dornálaí í Katie (Taylor) agus tá sé ráite acusan a thuigeann dornálaíocht na mban gurb í an dornálaí amaitéarach ban is fearr, punt ar phunt, ar domhan. Tá bonn óir na hEorpa buaite ag Katie trí huaire as a chéile agus Craobh an Domhain in 2006. Is cinnte … go mbuafadh sí bonn, dath an óir is dóigh, ag na cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach.

Bhuel, mar is eol do chách, tháinig an tuar faoin an tairngreacht agus ní ag maíomh atáim as eolas ná as tuiscint ar leith a bheith agam nuair a scríobh mé an méid sin thuas in 2008. Na húdair a bhí á rá ag an am agus is léir anois go raibh an ceart ar fad acu.

Faoiseamh agus sásamh. Is iad sin na mothúcháin is mó a bhraith mé féin agus go leor daoine eile déarfainn ar deireadh. Faoiseamh gur éirigh le Katie Nic an Táilliúra, a raibh meas mhuintir na tíre gnóthaithe aici le tamall anuas, tar éis éacht chomh mór a dhéanamh agus bonn óir a bhaint ag na Cluichí Oilimpeacha, rud a bhí tuillte go maith aici de bharr a cuid dúthrachta.

Ní rud neamhchoitianta é i gcás daoine atá gafa le spórt thar thréimhse ama, go mbraitheann siad faoiseamh, frithbhuaic fiú, thar aon bhrath eile nuair atá an turas tagtha chun chríche. B’fhéidir gur ón traenáil agus ón ullmhúchán rialta ó sheachtain go seachtain a thagann an fíorshásamh agus ní ón meandar gearr sin nuair atá an corn buaite, an chraobh gnóthaithe. An turas seachas an ceann scríbe a mheallann an duine spóirt, an dúshlán laethúil chun feabhais agus forbartha. An fonn is mó a bhíonn ar go leor buaiteoirí ná filleadh ar an traenáil chomh luath agus is féidir agus aghaidh a thabhairt ar an gcéad dúshlán eile. Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair. Uaireanta an chloig tar éis di an bonn óir a ghnóthú, thug Katie Nic an Táilliúra le fios go leanfadh sí ar aghaidh leis an traenáil agus lena cuid iarrachtaí a bheith níos fearr in ainneoin toil a hathar go n-éireodh sí as an dornálaíocht anois.

Cách ar Tinneall

Rogha na coitiantachta a bhí inti le fada, ní nach ionadh agus Craobh na hEorpa buaite faoi chúig agus craobh an Domhain faoi cheathair. Ualach trom le hiompar ann féin ab ea an stádas sin agus le dúshlán níos mó le sárú i gcás na gCluichí Oilimpeacha, socraíodh nach mbeadh ach trí rannóg meáchain i gceist, rud a chiallaigh go mbeadh líon níos mó de dhornálaithe maithe in gach rannóg seachas mar a bhíonn sna comórtais eile. Bheadh an choimhlint níos géire dá bhrí sin, rud a bhí, agus bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh brú nó tinneallaí, mí-ádhleochaileacht dhaonna beartais agus taicticí Katie a chur ó mhaith in am ar bith. Thuigeamar leis go bhféadfadh an córas moltóireachta a bheith lochtach faoi mar a bhí ar uairibh san am a caitheadh.

Mar sin, in ainneoin gurbh í Katie Nic an Táilliúra an dornálaí ban ab fhearr ar domhan dar le cách, níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de gur aici a bheadh an bua sna cluichí Oilimpeacha. De réir mar a bhí an chéad troid ag teannadh linn bhí teannas san aer. In ainneoin na scór, bhí an chéad dá bhabhta dian ach Katie ag troid go maith. Bhuaigh sí an chéad bhabhta i gcoinne Natasha Jonas as Sasana leis an scór 26 – 15 agus an babhta leathcheannais i gcoinne Mavzuna Chorieva as an Táidsíceastáin, 17 – 9.

Agus an babhta ceannais ar tí tosú, bhí an tír ar tinneall, na hiardhornálaithe i stiúideo RTE san áireamh. D’admhaigh Katie í féin níos déanaí go raibh sí féin ar tinneall ar feadh an lae.

Bhí údar maith aici leis: babhta ceannais na gCluichí Oilimpeacha agus céile comhraic fíormhaith ar fad, an cailín Rúiseach, Sofya Ochigava. Ní gan dua a bhuaitear bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha. Chuaigh sé rite le Katie an lámh in uachtar a fháil ar an Rúiseach agus bhí an toradh éiginnte ag an deireadh. Bhí feitheamh fada ann sular fógraíodh an toradh rud a chuir go mór le teannas na hócáide. Ach thaobhaigh na moltóirí le Katie, 10 bpointe in aghaidh 8, agus d’imigh an teannas agus ina áit tháinig an faoiseamh agus ansin an t-áthas agus an ceiliúradh.

B’iontach an chríoch í ar scéal a thosaigh os cionn 10 mbliana roimhe sin agus Katie Nic an Táilliúra ina dornálaí óg. Cé gur imir sí ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, bhí sí meáite ar an dornálaíocht a bheith ina príomhspórt aici agus ar bhonn óir a bhaint sna Cluichí Oilimpeacha dá bhfaigheadh sí an deis. Glacadh le dornálaíocht na mban mar spórt Oilimpeach ar 14 Lúnasa 2009. Ghnóthaigh sí an bonn óir ar 9 Lúnasa 2012. Dhá lá chinniúnacha i saol Katie Nic an Táilliúra, treise léi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.