AR NA SAOLTA SEO
Toraigh na dTonn
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Faoi mhuintir an oileáin féin atá cúraimí oidhreachta, béascna agus eile Thoraí dar le Ciarán Mac Aoghnusa agus súil as aige go n-éireoidh leo an fód a sheasamh in aghaidh drochshíon ar linne.

Íomhá
Leis an , Patsaí Dan Mag Ruairí
Íomhá
Ag amharc soir ar Leac na Leannán
Íomhá
An cloightheach
Íomhá
An talamh scáinte
Íomhá
Seandiúracán mara
Íomhá
Bád tarraingte aníos

Thug cuairt ar Oileán Thoraí an mhí seo caite. B’fhada ag súil le cois a leagan ar an oileán chéanna. Bhí go leor eolais agam ar Thoraigh roimh siocair gur léigh roinnt mhaith ar stair agus ar mhuintir an oileáin blianta ó shin. (Amharc na leabhair i naisc de leataobh an ailt seo.) Bhí tírdhreach an oileáin im’ intinn agus bhí a fhios agam faoin bhaile, an Baile Thiar agus an Baile Thoir. Agus bhí mórshuímh an oileáin ar m’eolasan cloigtheach, an chros teithne, an tseanreiligagus roinnt mhaith eolais agam ar an oidhreacht, ó scéalta Bhaloir go dtí lucht ealaíne an oileáin ár linne féin. Ach níor shíl go rachadh i gcionn orm ar an bhealach a chuaigh. De thairbhe cónaí a bheith orm le fada sa chathair, rinne iontas de dhaoine a bheith ina gcónaí in áit atá chomh beag agus chomh fada ó láthair. Agus chuir an áit bheag dhraíochtúil seo smaointí fánacha i mo cheann.

Níl an t-oileán ach trí mhíle ar fad agus níos míle ar leithead, ach laghad é, áilleacht ann, áilleacht fhiáin iargúlta na mbeann agus áilleacht mhillteach na farraige. go leor cineálacha éin ar an oileán ach, ar nós gach oileáin bhig, níl mórán ainmhithe air. Chuaigh an easpa crann agus lusanna i bhfeidhm go mór orm. Is é mo bharúil go bhfuil Toraigh i bhfad níos loime Oileáin Árann. Bhí an aimsir go breá le linn mo chuairte ar ámharaí an tsaoil, ach fhéadfainn gan síne a shamhlú, i lár an gheimhridh, an ghaoth mhór ag caitheamh na dtonn in aghaidh na gcarraigeacha agus an fhearthainn ag stealladh anuas. áilleacht ag baint leis an íomhá ach uaigneach scáfar fosta.

Dúshlán na Linne Seo

Ba chrua an saol a bhí ag muintir an oileáin sa tseanam. Bhí siad ag brath ar an fharraige agus gan acu ach curacha beaga. Is iomaí duine acu a d’fhág a chnámha i sáile fhuar an Atlantaigh. bhíonn ocras ar na daoine agus bhíonn duine ar bith fuar oíche gheimhridh ar na saolta seo, ach tugann an aois seo a dúshlán féin don phobal scoite seo. siad ceangailte leis an chuid eile den tír, agus leis an domhan mhór ar bhealach amháin, de thairbhe an teilifís a bheith acu, an guthán, agus ar ndóigh an t-idirlíon. siad chomh nua-aoiseach mar phobal is atá dream ar bith eile sa tír, ach an cultúr agus na seanghnásanna go smior iontu agus gan amhras saol an lae inniu ag cothú coimhlinte idir an sean agus an nua. An scéal céanna i ngach áit scoite, ach féidir ach go bhfuil níos géire ar oileán beag.

saol an oileáin san fhuil sna daoine ach feiceann siad an dóigh a bhfuil an saol ag athrú ar tír mór: an saol sóisialta, agus an tsaoirse atá ag daoine, agus na deiseanna atá ag daoine óga (in ainneoin na géarchéime geilleagraí). Tchí siad an cineál oideachais a bhíonn de dhíth ach, chinneann siad ar ghléas beo a leanúint, beidh orthu an t-oileán a fhágáil.

Ar ndóigh daoine ar an oileán a thugann a mbeatha i dtír go fóill. roinnt siopaí, cúpla teach lóistín, brú agus mar sin de. Ach i ndáiríre measartha teoranta. Bíonn daoine i gcónaí ann a chruthaíonn rud nua dóibh féin. Ina measc siúd bhí James Dixon ar éirigh leis cáil a bhaint amach mar phéintéir sna seascaidí. Ba é an péintéir Sasanach, Derek Hill, a spreag Dixon i dtús. (An sloinne Ultach Ó Díochon a bhíodh ag muintir Dixon/Deehan, dála an scéil.) Chuaigh Toraigh go mór i bhfeidhm ar Hill agus chaith cuid mhór shaol ar an oileán ag péintéireacht. Lean roinnt daoine eile an traidisiúin sin. Sa atá inniu ann is é Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, Thoraí, an duine is cáiliúla i measc péintéirí Thoraí.

ghoilleann ar aos óg Thoraí an t-oileán a fhágáil le slí bheatha úr a leanúint, an scéal amhlaidh ar fud an domhain. I mbeagnach gach tír atá faoi fhorbairt, bíonn coimhlint ghéar idir an saol traidisiúnta agus an nua-aoiseachas. daoine sa tSín a fhágann a mbaile dúchais i gcúl na sléibhte agus a thugann aghaidh ar bhailte móra an chósta chun a mbeatha a thabhairt i dtír. Níor tháinig an nua-aoiseachas chuig áit ar bith gan teacht go borb brúidiúil.

An Chreig i Lár na Farraige

Is gné lárnach de chultúr an oileáin í an Ghaeilge, atá ina teanga phobail ann go fóill. Ach go fiú ar oileán iargúlta scoite, níl an teanga saor ó bhrú an Bhéarla, agus mhothaigh an Béarla á labhairt eatarthu féin ag roinnt gasúr óg. Léiríonn seo nach bhfuil tearmainn ar bith ón ollteanga dhomhanda.

Nuair a bhreathnaigh an charraig lom agus an scáineagán san áit a mbíodh an portach chuir ag smaoineamh ar scéal Oileán na Cásca, an áit bheag i lár na Teiscinne Ciúine a raibh pobal daoine ann a leag gach aon chrann raibh ar an oileán. Níor fágadh tada acu le tine cheart a chur síos le bád measartha maith a dhéanamh agus tháinig meath millteanach orthu bharr. hionann Toraigh agus Oileán na Cásca, ach de réir mar a thuigim baineadh an mhóin deiridh i dToraigh thart ar seasca bliain ó shin. Léiríonn a theoranta is a bhí acmhainní an oileáin agus a leochailí is atá seasamh an duine sa tsaol.

Labhair le Patsaí Dan, an , sular tháinig amach as an oileán. Dar leis ciúin go maith i mbliana ó thaobh na turasóireachta. Dúirt duine eile liom go bhfuil titim ar líon na gcuairteoirí le cúpla bliain anuas. Níl a fhios agam an leanfaidh ar an dóigh seo an dtiocfaidh feabhas ar rudaí arís, ach shílfinn gurb í an turasóireacht an t-aon rud amháin a d’fhéadfadh borradh beag a chur faoi shaol an oileáin.

Is minic roimhe seo a mhair muintir Thoraí fríd an anró agus an streachailt agus táim cinnte gur pobal iad a bhfuil teacht aniar iontu agus a thiocfaidh slán. daonra an oileáin measartha seasmhach le deich mbliana anuas. súil agam go n-éireoidh leo an fód a sheasamh agus go bhfanfaidh siad ar oileán diamhair na dTor. Is faoina gcúramsan atá oidhreacht, stair, agus béascna an oileáin. dtreigfidís an t-oileán, d’imeodh an draíocht leo agus bheadh i dToraigh feasta ach carraig lom álainn a mbeadh iarsmaí den chianaimsir air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.