AR NA SAOLTA SEO
Reifreann ar Chearta an Pháiste
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí. Is céim chun cinn é Reifreann na míosa seo in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Leochaileacht linbh
Íomhá
Jean-Jacques Rousseau
(le Maurice Quentin de La Tour ar Vicipéid)
Íomhá
Ag spraoi

Beidh an reifreann ar ‘chearta an pháiste’ ar an deichiú lá den mhí seo chugainn. Go bunúsach, tá an rialtas ag moladh go nglacfaí le hathrú bunreachtúil a thabharfadh cead don stát cur isteach ar shaol an teaghlaigh níos furasta maidir le ceisteanna a bhaineann le cúram páistí.

Dar leo siúd atá ar son an athraithe, tarlaíonn sé go minic go dteipeann ar thuismitheoirí, ar chúiseanna áirithe, an cúram ceart a thabhairt dá gclann. Níor mhór mar sin go mbeadh an ceart ag an stát seasamh in áit na dtuismitheoirí agus dul i gcúram na bpáistí. Os a choinne sin tá daoine eile den bharúil gur minice a theipeann ar an stát, go háirithe nuair a bhíonn páistí i gceist, agus gur fearr i bhfad páistí a fhágáil lena dtuismitheoirí.

Tá an ceart ag an dá dhream ar bhealach. Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine – ón teaghlach go dtí an stát féin – gan locht. Cé a chreidfeadh nach bhfuil tuismitheoirí ann nach bhfuil sé ar a gcumas (nó ar a mian) an cúram ceart a thabhairt dá gclann. Agus tugadh chun solais le fiche bliain anuas nó mar sin an dóigh ar theip ar an stát caitheamh mar is cuí leis na páistí a bhí faoina gcúram. Ó scéalta na scoileanna saothair go dtí an tuarascáil dheireanach ar bhás na bpáistí a bhí faoi chúram an FSS, is léir go dteipeann ar an stát a dhualgas a chomhlíonadh maidir le páistí.

Ach sílim go mbíonn feidhmiúlacht an stáit i dtaobh páistí ag brath ar dhearcadh an phobail ina dtaobh. Ar ndóigh, bíonn an dóigh a gcaitheann tuismitheoirí lena gcuid páistí ag brath ar nósanna agus ar luachanna an phobail fosta.

Cosaint ar Leith do Dhream ar Leith

Is beag duine sa lá atá inniu ann nach síleann go bhfuil draíocht ar leith ag baint le páistí, agus gur daoine speisialta iad ar chóir dúinn iad a chosaint agus a chothú, go bhfuil an grá agus an gean de dhíth orthu, agus gur dual dúinn ár ndícheall a dhéanamh dóibh.

Ach is dócha gur shíl gach glúin amhlaidhar a laghad le dhá chéad bliain anuas nó mar sin. (Bhí Jean-Jacques Rousseau ar na céad smaointeoirí a raibh cur chuige páiste-lárnach aige; bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr fosta, dála an scéil). Nuair a bhí tuismitheoirí nó gaolta eile ag cur a gcuid páistí chuig na scoileanna saothair, is dócha gur shíl siad go raibh an ceart a dhéanamh acu. Nuair a bheireadh feirmeoirí ar bhuachaillí a d’éalaigh as na scoileanna céanna agus nuair a chuir siad fios ar na gardaí, is dócha dar leo féin go raibh an ceart acu.

Bhíodh daoine den bharúil, ó aimsir Victoria go dtí na seascaidí, go raibh seilbh ag an tuismitheoir ar an pháiste agus nach raibh a chearta féin aige. Cheap siad gur chóir a bheith fíordhian ar pháistí, d’fhonn a oileadh i gcomhair an tsaoil chrua a bhí roimhe. Mar sin sa naoú haois déag cuireadh córas bunscolaíochta riachtanach ar bun ar fud Shasana agus na hÉireann. (Bhí sé i bhfad níos luaithe in Éirinn ná i Sasain.)

Ach cá bith dearcadh a bhí ag daoine le linn aimsir Victoria agus ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin, ba é an rud ba thábhachtaí do rath an pháiste an mhaoin shaolta a bhí ag a thuismitheoirí. Má bhí gean agus grá ag daoine dá gcuid páistí, ba bheag an mhaith iad dá mbeadh ar an pháiste obair go dian seachtó uair sa tseachtain i monarcha chontúirteach, siúl ar scoil costarnocht, nó maireachtáil ar an ghannchuid.

Thar Am Athrú

Thosaigh athrú ag teacht ar an dearcadh i dtaobh páistí sna seachtóidí. Don chéad uair, shíl daoine áirithe gur chóir go mbeadh cearta ag an pháiste féin, cearta i gcúrsaí a bhain leis an stát, agus leis an teaghlach. Cuireadh deireadh le pionós corprach sna scoileanna in Éirinn sa bhliain 1982. Is féidir a rá go bhfuil éabhlóid leanúnach ar siúl maidir le cearta an pháiste le dhá ghlúin anuas. Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na NA ar chearta an Pháiste sa bhliain 1992, cuirim i gcás, agus faoi láthair tá Ombudsman do Leanaí agus Aireacht do Leanaí. Tá an focal tábhachtach “páiste” níos lárnaí in allagar na sochaí.

Nuair a athraíonn dearcadh na ndaoine, athraíonn dúnghaoisí an rialtais. Agus creidim gur féidir le beartais mhisniúla dearcadh na ndaoine a bhogadh chun cinn fosta. Athneartaíonn siad a chéile.

Tchítear domsa gur céim bheag eile chun cinn é an reifreann seo i scéal an pháiste in Éirinn. Ach níl aon mhaith in ailt bhunreachta mura bhfuil cúram leighis ar fáil do pháiste, mura bhfuil tacaíocht acu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu sna scoileanna, nó mura bhfuil na háiteanna cuí ann d’ógánaigh a chur faoi choinneáil.

Ní mionlach gan tábhacht iad páistí. Is pobal óg é muintir na hÉireann go fóill, tá beagnach a thrian den daonra ina bpáistí. Agus tá siad uile go léir faoinár gcúram. Is dual dúinn gach iarracht a dhéanamh chun iad a thuiscint, iad a chosaint, agus iad chothú chomh maith agus a thig linn – mar thuismitheoirí agus mar shaoránaigh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.