
In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?
»»»Is cosúil go bhfuil todhchaí an Aontais Eorpaigh i lámha na nÉireannach faoi láthair. Ach níl muintir na tíre seo ag tabhairt an oiread sin airde ar an reifreann cinniúnach atá ag teacht chun cinn, mar a mhíníonn Breandán Delap.
»»»Is millteanach an scéal é scéal an chóicín. Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.
»»»Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn. San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.
»»»Bliain chinniúnach ab ea 2007 i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt. Ach más fíor sin, cén fáth nach bhfuil an oiread sin rudaí maithe ag tarlú? Pléann Robert McMillen an scéal.
»»»Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán. Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh. Agus bliain ar leith i saol na tíre a bhí inti, dar leis féin.
»»»Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá sé ag dul dian ar Shinn Féin a bheith ina sóisialaithe agus iad i gcumhacht, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Cé go bhfuil dhá ioncam ag teacht isteach go teach Bhriain Uí Bhroin, níl go leor airgead aige le filleadh ar Éirinn an Nollaig seo. Míníonn sé anseo cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh.
»»»Féachann Breandán Delap ar na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, sprioc atá ag Alex Salamond agus a pháirtí, an SNP.
»»»Measann Tony Birtill go bhfuil leabhar nua faoi na hÉireannaigh i Learpholl, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, an-lochtach de bhrí gur thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge.
»»»In ainneoin go bhfuil plódú tráchta ag dul chun donais in Éirinn, bíonn drogall ar Éireannaigh úsáid a bhaint as a rothair, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn. San alt seo, déanann Alan Desmond an dlí mar a bhaineann sé leis an ábhar áirithe sin a phlé.
»»»Is mór an chailliúint é bás Kieran Hegarty, fear a raibh baint aige le gach clár Gaeilge a craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann le ceithre bliana is fiche. Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.
»»»Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal [i]Why Can’t I Speak[/i] scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi. San alt seo, míníonn Nollaig Ó Néill, páirtí Barbara, cén fáth ar theastaigh uaithi an leabhar a scríobh.
»»»Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Beidh rudaí aisteacha ag titim amach sa tír sa mhí atá romhainn. Sin an méid a tuigeadh do Balor ar aon nós nuair a tharla dó fís agus foinse réamhinsinte Oíche Shamhna ...
»»»Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»D’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar na mallaibh nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart. Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.
»»»Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas. Tuairisc ó Alan Desmond.
»»»Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile. Más fíor é sin, céard iad na himpleachtaí do pholasaí nua na Roinne Oideachais i leith an tumoideachais? D’fhiosraigh Breandán Delap an scéal.
»»»Tugann leabhar nua dar teideal [i]GAA Provincial Council of Britain: A History[/i] le Tommy Walsh léargas ar stair Chumann Lúthchleas Gael sa Bhreatain. Agus stair fhada, shuimiúil atá inti, dar le Tony Birtill.
»»»Bíonn daoine atá an-éagsúil lena chéile ag tabhairt cuairte ar Cape Byron, ach tá ag éirí go han-mhaith leo maireachtáil in aice lena chéile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Táthar ag maíomh go bhfuil mórathruithe i ndán don Oireachtas i mbliana. Ach tá Balor in amhras; ní thagann athrú dá laghad riamh ar an bhféile, dar leis.
»»»Tá muintir na Stát Aontaithe an-tógtha leis an bpeil Mheiriceánach. Caitheann Brian Ó Broin súil ar stair an spóirt agus ar dhíograis lucht leanúna na bhfoirne.
»»»Thángthas ar neart fionnachtana seandálaíochta i Lìte sna nóchaidí nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair. Chuaigh Liz Curtis ar thuras faoi threoir ansin le gairid.
»»»Agus an nasc idir na Sé Chontae agus an Phoblacht ag éirí níos láidre leis, an dtiocfaidh an t-am, a fhiafraíonn Robert McMillen, a bhfeicfidh na paraimíleataigh dhílseacha é seo mar bhagairt.
»»»D’fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, [i]Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal[/i] le Breandán Delap, i mí Lúnasa. Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.
»»»Nuair a dúnmharaíodh buachaill óg, Rhys Jones, i Learpholl le gairid, cuireadh an locht láithreach ar thuismitheoirí agus ar dhronga. Ach tá an scéal níos casta ná sin, dar le Tony Birtill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.