AR NA SAOLTA SEO
Toghcháin
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Bíonn cleas le foghlaim i gcónaí. Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar thoghcháin agus míníonngur féidir vótáil in aghaidh duine, nach dtaitníonn leat chomh maith le vótáil i bhfábhar an iarrthóra is ansa leat.

Íomhá
Toghlaigh an chéid toghcháin eile ina dhiaidh seo (Vicipéid)
Íomhá
Lá an Chomhairimh
Íomhá
Na Doirí Beaga

Toghcháin, is breá liom iad. Is méanar liom gach a bhaineann leo: na postaeirí daite chuile áit, an cur is cúiteamh ar an raidió, an chanbhasáil, na breitheanna pobail, an vótáil féin agus ar ndóigh lá an chomhairimh. Is mar a chéile domsa lá an chomhairimh agus Cluiche Ceannais na Mumhan le Tiobraid Árann ag imirt i bPáirc Semple. Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.

Tugann Raidió na Gaeltachta an deis dom le roinnt blianta anuas an cíoradh ar na vótaí a dhéanamh go poiblí. Bím ar an RnaG agus mo ríomhaire le mo thaobh ó mhaidin go faoithin lá an chomhairimh, ag iarraidh smacht a chur ar na huimhreacha a thagann chugainn as chuile chearn ar fud na tíre, le go mbeidh coiste saineolaithe an chláir agus na héisteoirí sa mbaile in ann ciall a bhaint as an eolas go léir.

Bíonn sé soiléir ón gcéad chomhairimh, de ghnáth, cé thógfas an chéad is an tarna suíochán. Aon suíochán eile ina dhiaidh sin, tagann aistriúchán san áireamh. Bíonn, ar ndóigh aistriúchán láidir ó iarrthóir páirtí amháin go hiarrthóirí eile ón bpáirtí céanna, cé go bhféadfadh go mbeadh an ghráin dearg ag an dá iarrthóir ón bpáirtí céanna ar a chéile, mar a bhíonn go minic. Is miotas iomlán é go mbíonn iarrthóirí in ann tionchar mór a imirt ar thriall a chuid vótaí, tar éis a chur as an áireamh. Is féidir leis an iarrthóir láidir, ceart go leor, tionchar a imirt cinnte, ar cé acu iarrthóir a bhainfeas buntáiste as roinnt an fharasbairr thar an íosteora, tar éis a thofa. Maidir leis an iarrthóir nach n-éiríonn leis ach roinnt céadta vóta a fháil, ní chreidim go bhfuil mórán tionchair pearsanta aige ar an scéal, cé go dtabharfadh na meáin a mhalairt le fios.

tíreolas an-tábhachtach in aistriú na vótaí, beagnach chomh tábhachtach céanna le leagan amach polaitíochta. Go hiondúil faigheann iarrthóirí as an gceantar céanna aistriúchán maith óna chéile, go speisialta sna toghcháin áitiúla. An duine a bhfuil canbhasáil mhaith déanta aici/aige, is féidir leo a bheith ag súil le haistriúchán maith. CiallaíonnI won’t forget you” ag an doras nach dtabharfaidh an duine sin Uimhir a hAon dhuit ach go bhfuil siad sásta uimhir éicint a thabhairt duit agus d’fhéadfadh an vóta sin a bheith an-tábhachtach sa gcomhaireamh deireanach, gan ach slám beag vótaí a bheith idir na hiarrthóirí atá fágtha sa rása ag an bpointe sin.

An Cleas

An chuid is mó den lucht vótála, ní thógann sé i bhfad orthu vóta a chaitheamh sa bhoth vótála. Níl ach ach 1, 2, 3 a scríobh taobh leis na iarrthóirí a bhfuil siad luite leo. Ach tógfaidh sé i bhfad ormsa. Bíonn orm vóta a chaitheamh le chuile dhuine ar an bpáipéar ballóide. De ghnáth líonaim isteach 1, 2, 3, 4 réasúnta sciobtha, ach ansin tosnaím ag roinnt na vótaí ísle amach: an vóta is ísle don té is mó atá mé ina aghaidh agus coinním orm go bhfuil na daoine is measa liom déanta. Líonaim isteach an lár ansin, le go mbeidh uimhir in aghaidh chuile dhuine. Ar an gcaoi sin tá tionchar beag agam ar líonadh an tsuíocháin deiridh sa toghchán.

Míneoidh mé an scéal le sampla. Ligimis orainn go bhfuil 10 n-iarrthóir ag seasamh agus gan ach trí shuíochán le líonadh. Abair gur thug mise mo chéad rogha do Sheán. Lá an chomhairimh, tá muid tagaithe go dtí an comhaireamh deireanach: dhá shuíochán líonta, ceann amháin fágtha le líonadh agus triúr fágtha sa rása: Máire, Pádraig agus Seán. Seán, mo rogha iarrthóra, is ísle den triúr agus dá réir sin, cuirtear é as an áireamh agus roinntear a chuid vótaí ar an mbeirt eile. Beidh go leor dá chuid vótai neamh-inaistrithe ag an bpointe seo den chomhaireamh, mar nach bhfuil a lucht tacaíochta tar éis bacadh le haon vóta a thabhairt do Phádraig ná do Mháire.

Ní maith liomsa Máire ná Pádraig ná na páirtithe lena mbaineann siad ach dá dhonacht í Máire is measa liom Pádraig. B’fhearr liom Máire a fheiceáil ag tógáil an tsuíocháin deireanaigh ná Pádraig. Cuimhnigh gur deichniúr atá sa rása.

Mar gur fearr liom Máire ná Pádraig, thug mé uimhir 9 do Mháire agus thugas uimhir 10 do Phádraig. Aistreoidh mo vóta go Máire sa gcomhaireamh deireanach dá bharr sin. Dá ndéanfadh 100 eile de lucht tacaíochta Sheáin an rud céanna, bheadh 100 vóta breise faighte ag Máire sa gcomhaireamh deireanach ó aistriúchán Sheáin. Is mór an méad vótaí 100 ag an gcéim sin den rása agus d’fhéadfadh sé an scéal a shocrú i bhfábhar Mháire.

An duine a thugann uimhir do chuile dhuine ar an bpáipéar vótála, is mó a thionchar ar an dtoghchán, ná an duine a vótáileann 1, 2, 3 do na daoine a thaitníonn leo. Creid uaim é, tá a oiread céanna sásaimh, beagnach, le baint as uimhir 10 a thabhairt do Phádraig is atá as uimhir 1 a chaitheamh leis an iarrthóir is ansa liom. Dá dtuigfeadh an DUP agus na hAontachtóirí eile ó thuaidh é sin, d’fhéadfaidís Sinn Féin a bhriseadh ó thuaidh, trí iad a chur ag bun an liosta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.