AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Lucht na Dídine
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaíoilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.

Íomhá
Inimircigh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda
Íomhá
Long de chuid na hAstráile
Íomhá
mar a bhíodh; fógraíocht Rialtas na hAstráile 1949-51

Is tír í an Astráil atá fothaithe ar an inimirce agus is iomaí díospóireacht pholaitiúil chorraithe a rinneadh ann le seasca bliain anuas i dtaca le beartais inimirce an dá phríomhpháirtí – an Páirtí Liobrálach agus Páirtí an Lucht Oibre. Bhí an beartas ‘White Australia’ i bhfeidhm idir 1901, nuair a bhain an tír neamhspleáchas amach, agus 1973. Ní raibh cead ag inimircigh, nár den chine geal iad, faoin mbeartas seo, teacht chun na hAstráile. Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóradaite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.

Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí. Gabhadh an té a tháinig i dtír gan chead. Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainnan cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin. (Féach eagrán 89, Meán Fómhair 2008)

Chuir an beartas nua seo deireadh leis na víosaí cosanta sealadacha a thugtaí do lucht dídine a tháinig i dtír gan chead. Bhí cead ag lucht dídine na víosaí seo fanacht san Astráil, ach ní raibh cead acu taisteal thar lear, obair a fháil, úsáid a bhaint as na seirbhísí sóisialta ná a gcuid gaolta thar lear a thabhairt isteach. Is léir ó na coinníollacha seo nach raibh aon fháilte roimh an lucht dídine ar na víosaí cosanta sealadacha cur fúthu sa tír seo.

Cháin ceannaire an Pháirtí Liobrálaigh an beartas nua anuraidh de dheasca gur léirigh sé go raibh Páirtí an Lucht Oibre ‘lag ó thaobh teorannacha a chosaint’ a dúirt sé. Mhaígh sé freisin go dtabharfadh an lucht gáinneála san Indinéis faoina gcuid gnó arís de dheasca rialtas na hAstráile a bheith ‘ag tabhairt cuiridh d’iarrthóirí tearmainn neamhdhleathacha’ teacht chuig tír a raibh croí bog aici.

Tubaiste ar Muir

Ní raibh mórán eile le rá ar an ábhar seo ag an bhfreasúra ná ag an rialtas sna míonna ina dhiaidh sin. Tá ceist achrannach lucht iarrtha tearmainn agus dúnghaois inimirce an rialtais araon, i lár an aonaigh arís i gcúrsaí polaitíochta abhus, áfach, i ngeall ar thubaiste a tharla ar na mallaibh.

Tharla an tragóid ar bhád iascaigh adhmaid - eagraithe ag gáinneálaithe, daoine - a bhí ag tabhairt 47 fear as an Afganastáin chun na hAstráile as an Indinéis. Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile an bád ar 15 Aibreán, chomh luath is a tháinig sé taobh istigh dár gcuid uisce teorann. De réir dhlí na hAstráile, tógfar aon bhád a ghabhfar ar an ealaín seo go hionad coinneála ar Oileán Nollag - críoch de chuid na hAstráile atá san Aigéan Indiach - fad is a dhéantar iarratais ar thearmann na bpaisinéirí a mheas.

Tharla pléascadh ar an mbád an lá dár gcionn inar maraíodh cúigear agus inar gortaíodh beagnach gach duine eile ar bord, cuid mhór acu dóite go dona. Chuaigh an bád go tóin poill agus b’éigean do long an Chabhlaigh na paisinéirí a tharrtháil as an bhfarraige. Tógadh an lucht inste scéil go dtí an ilchríoch agus tá a bhformhór faoi chóireáil leighis in ospidéil éagsúla ar fud na tíre faoi láthair.

Cuireadh tús leis an gclampar polaitiúil gan mhoill. Bhí preasagallamh ag príomhaire Iarthair na hAstráile, Colin Barnett - atá ina bhall den Pháirtí Liobrálach - ar an lá céanna inar mhaígh sé gur tharla an pléascadh de dheasca gur steall daoine ar bord peitreal d’aon turas ar fud an bháid. Níor bhain sé úsáid as an bhfocal ‘sabaitéireacht’, ach níl aon amhras ach go raibh sé sin ar intinn aige. Rinneadh sabaitéireacht ar bháid neamhúdaraithe áirithe eile nuair a gabhadh iad in imeacht na mblianta, de dheasca gur cheap na hiarrthóirí tearmainn ar na báid go gcuirfí ar ais chuig an Indinéis iad.

Mhaígh urlabhraí an fhreasúra náisiúnta ar chúrsaí inimirce, an Seanadóir Sharman Stone, go raibh an rialtas agus a bheartas bog freagrach as an sléacht, nuair a cuireadh faoi agallamh teilifíse í an lá dár gcionn ar na mallaibh. Mhaígh ceannaire a páirtí, Malcolm Turnbull, gur mheas na gáinneálaithe nach raibh an Astráil chomh láidir is a bhíodh sí ina n-éadan, i ngeall ar na hathruithe a rinneadh ar bheartas inimirce an rialtais anuraidh.

Bád in Anchaoi

Thug na líomhaintí thuas chun cuimhne dom ceann de na heachtraí is náirí agus is míchlúití i stair an lucht iarrtha tearmainn sa tír seo. Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile bád a bhí lán d’iarrthóirí tearmainn i mí Meán Fómhair 2001, sa limistéar farraige céanna inar gabhadh an bád thuasluaite. Bhí an bád in anchaoi, an chuma ar an scéal go dtitfeadh sé as a chéile agus léim cuid de na paisinéirí amach san fharraige.

Bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil ag an am san Astráil agus mhaígh an príomhaire, John Howard, agus triúr de na hairí is sinsearaí ina chomhaireacht, go ndearna cuid de na paisinéirí bagairt go gcaithfidís a gcuid páistí i bhfarraige mura dtógfaí ar bord na loinge iad. Bhí captaen na loinge ag iarraidh an bád a stiúradh chuig Oileán Nollag.

Rinne fiosrúchán oifigiúil ar mhaíomh Howard blianta ní bá dhéanaí inar léiríodh nach raibh bunús dá laghad leis na líomhaintí a rinneadh in éadan lucht iarrtha tearmainn ar an mbád. Tugadh an Children Overboard Affair ar an oilbhéim, ach níl aon amhras ach gur bhain Howard sochar polaitiúil as. Bhí an bua aige agus ag a chomhghleacaithe bréagacha san olltoghchán.

Tá fiosrúchán ar siúl ag na póilíní i rith an ama faoi chúis an phléasctha. Meastar go forleathan, ámh, go raibh imní ar dhaoine áirithe i measc na n-iarrthóirí tearmainn go gcuirfí an bád ar ais chuig an Indinéis agus steall siad an breosla le brú a chur ar chaptaen na loinge iad a thógáil ar bord.

Tagann 140,000 duine chun na hAstráile ar inimirce gach bliain, 12,000 dídeanaí san áireamh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh. Tá na hinimircigh an-tábhachtach i gcóir folláine sóisialta agus eacnamaíochta na tíre seo. Sa chomhthéacs sin, is mór an trua é go bhfuil polaiteoirí áirithe ag iarraidh sochar a bhaint as an tubaiste a tharla do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe bochta a bhí ag éalú ó chruatan ina dtíortha féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.