AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Lá na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre. Tuigeann Bearnaí Ó Doibhlin an scéal agus soiléiríonn sé san alt seo gnéithe de stair na tíre agus de thionchar na staire ar dhreamanna éagsúla de mhuintir na hAstráile go dtí an lá inniu féin.

Íomhá
He ki'l o Aotearoa, spéirghraf di
Íomhá
Yagan, Laoch Noongar na hAstráile
Íomhá
An tuairisc Bringing Them Home

Tugtar ‘Aotearoa’ ar an Nua-Shéalainn i Maorais, teanga na bPolainéiseach a chuir fúthu inti corradh is míle bliain ó shin. Ciallaíonn an t-ainm ‘Tír an scamaill fhada bháin’. Ní raibh aon ainm amháin ar leith ag muintir dhúchais na hAstráile ar an tír seo, ach uaireanta déantar tagairt fhonóideach di mar ‘Tír an deireadh seachtaine fada’.

Tugann daoine áirithe an leasainm seo ar an Astráil de bharr go mbíonn laethanta saoire poiblí go leor i rith na bliana abhus, agus tapaíonn muintir na tíre an deis iad a brate">cheiliúradh go fonnmhar.

Gach bliain ar 26 Eanáir – nó ar an Luan ina dhiaidh, má thiteann sé ar Shatharn nó ar an Domhnach – bíonn cóisirí ar fud fad na tíre le ‘Australia Day’ a chomóradh. Is deis bhliantúil í do mhuintir na hAstráile a mórtas as a dtír a léiriú, agus bíonn an brat náisiúnta le feiceáil go forleathan an lá sin. Den chuid is mó, ní fheictear é aon am eile i gcaitheamh na bliana.

Roghnaíodh an dáta seo mar an lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil ar 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig an chéad chabhlach i dtír i gCuan Sydney. Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl leis an lá a cheiliúradh, fágaim, ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus taispeántais tinte ealaíne. Agus ceiliúrann daoine go leor an lá le fulacht fia, nó barbaiciú, sa ghairdín cúil.

Imeachtaí Oifigiúla

Chomh maith leis an tsiamsaíocht thuas, bíonn imeachtaí oifigiúla ar siúl freisin ar 26 Eanáir. Reáchtáiltear searmanais gach bliain le saoránacht a bhronnadh ar inimircigh chun na tíre. Reáchtáladh 318 searmanas sna cathracha agus sna bailte ar fud na tire i mbliana, agus bronnadh saoránacht ar chorradh is 13,000 duine as 120 tír éagsúla. Cuireann an rialtas náisiúnta an-bhéim ar shaoránacht mar chuid dá fheachtas inimircigh a choimeád sa tír agus lánpháirtíocht a thabhairt dóibh sa tsochaí.

Cuireadh tús le ceiliúradh ar 26 Eanáir go luath i stair na nEorpach san Astráil agus tugadh ‘Anniversary Day’ air um an dtaca sin. Ní raibh ach na húdaráis páirteach sa cheiliúradh ar an chéad dul síos, mar ní raibh mórán le ceiliúradh ag na daoránaigh a tháinig chun na tíre i slabhraí, agus bhí cuid acu fós ina bpríosúnaigh. Rinneadh éabhlóid ar an lá in imeacht na mblianta agus, faoi dheireadh, dearbhaíodh gur lá saoire poiblí é.

Cé go raibh lá náisiúnta i gceist ar 26 Eanáir, ón gcéad lá riamh, bhí grúpa amháin sa tír nár ghlac aon pháirt sa cheiliúradh: an mhuintir dhúchais. Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.

Rinne bundúchasaigh na tíre neamhaird den chomóradh le fada an lá, ach thall sa bhliain 1938 bhí ceiliúradh ollmhór ar siúl le haghaidh 150 bliain lonnaíocht na n-Eorpach. Reáchtáladh cruinniú na mbundúchasach áitiúil i Sydney le hagóid a dhéanamh in éadan “the Whiteman’s seizure of our country”. Tá díospóireacht ar siúl san Astráil ó shin i leith i dtaca le dáta an lae náisiúnta.

Lá an Ionraidh

Tugann cuid de na ceannairí i measc na mbundúchasach ‘Lá an Ionraidh’ nó ‘Lá Marthanais’ ar 26 Eanáir. Féachann siadsan air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.

Bunaíodh an National Australia Day Council (NADC) roinnt blianta ó shin leis an tsiamsaíocht agus leis na himeachtaí oifigiúla a bhíonn ar siúl ar 26 Eanáir a chomhordú. Rinne NADC iarracht ionadaithe an phobail dúchais a mhealladh isteach sna heachtraí éagsúla ar an lá náisiúnta. De ghnáth, dá bhrí sin, cuireann na bundúchasaigh logánta searmanas fáilte roimh na rannpháirtithe ag tús na siamsaíochta agus na n-imeachtaí ar an lá. De réir NADC:

“Australia Day is an important annual opportunity to recognize the honoured place of Indigenous Australians in our nation’s history, and to promote understanding and reconciliation.”

Ainmníodh 26 Eanáir mar ‘Lá na hAstráile’ go hoifigiúil sa bhliain 1946, agus ceithre bliana déag ní ba dhéanaí, ainmníodh an chéad duine mar ‘Astrálach na Bliana’ ar an lá. Ceapadh duine nua ag NADC leis an teideal seo gach bliain ó shin i leith. Is ardonóir í a bheith ainmnithe mar Astrálach na Bliana agus bíonn deis ag na daoine atá ainmnithe cúiseanna áirithe arbh áil leo a chur chun cinn le linn na bliana a mbíonn an teideal acu.

Á dTabhairt Abhaile

Ceapadh an t-Ollamh Mick Dodson mar Astrálach na Bliana i mbliana.

Is bundúchasach é Dodson agus tugtar ‘Athair Athmhuintearais’ air mar gheall ar an tsárobair atá déanta aige le fada an lá le hathmhuintearas idir bundúchasaigh agus muintir eile na tíre a chur chun cinn. Scríobh sé an tuarascáil ‘Bringing Them Home’, a foilsíodh sa bhliain 1997, faoi na ‘glúnta goidte’, sé sin na páistí bundúchasacha a tógadh óna muintir ag na húdaráis sa chéad seo caite [Eagrán 83, Márta 2008].

Ag labhairt dó ar an lá a ceapadh é, dúirt Dodson go dtapódh sé an deis na feachtais ar son athmhuintearais agus cearta daonna san Astráil a neartú. Dúirt sé chomh maith gur mhian leis comhrá náisiúnta a chur ar siúl arís i dtaca le dáta an lae náisiúnta, go háirithe mar nach bhfuil an dáta reatha inghlactha ag bundúchasaigh na tíre, a mheasann gur lá an dobróin é.

Bhí an chuma ar an scéal an lá dár gcionn go mbeadh an comhrá thuas an-ghairid nuair a dhiúltaigh Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, scun scan athrú an dáta a bhreathnú. Ach, mar a dúirt an Coimisinéir Tom Calma, atá ina chomhghleacaí le Dodson ar an Australian Human Rights Commission, gur dócha go bhfuil díospóireacht níos leithne ar intinn an ollaimh.

Is dlúthchairde iad Dodson agus Calma agus, de réir an Choimisinéara, níl i moladh Dodson maidir le dáta an lae náisiúnta ach réamhtheachtaire ar dhíospóireacht náisiúnta eile ar cheist na poblachta. Nuair a phléitear dáta an lae náisiúnta, leoga, is minic a dhéantar tagairt do Lá na Saoirse, fearacht na Stáit Aontaithe. Agus tá daoine go leor abhus a mheasann nach mbeidh fíorshaoirse bainte amach ag an Astráil go dtí go mbeidh an phoblacht ina suí.

Mar a mhínigh mé ag tús an ailt, is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí agus measaim go bhfuil a bhformhór sásta le dáta reatha an lae náisiúnta, de réir dealraimh. Ach is daoine sochma réchúiseacha iad, agus feictear dom go mbeidís sásta glacadh le dáta nua don lá náisiúnta – ar chuntar go mbeadh lá saoire poiblí acu ar an dáta nua!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.