AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dochar don Timpeallacht
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is iomaí ainmhí a tháinig nó a cuireadh i dtír is a rinne leas. An coinín, an luchóg mhór, an madra, an cat, is féidir le ceann ar bith díobh a bheith ina scrios i dtír chomh mór leis an duine féin. Tá le rá ag Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil lucht eolaíochta buartha faoi lusra Oileáin Mhic Guaire laisteas den Tasmáin.

Íomhá
Trá ar Oileán Mhic Guaire
Íomhá
Téagar na Tasmáine tús an chéid seo caite
Íomhá
Duine in Iarthar na hAstráile a tharraing an thylacine seo c. 6000 bl. ó shin
Íomhá
Cinnfhionna na ríochta mar a thugtar orthu ar Oileán Mhic Guaire
Íomhá
Luibh ar nós na leithphingine ar Mhac Guaire

D’fhoilsigh Roinn Chomhshaoil na hAstráile tuarascáil eolaíoch dhá bhliain ó shin ar an dochar uafásach don chomhshaol atá déanta ag ainmhithe coimhthíocha atá scaoilte amach san éiceachóras ar Oileán Mhic Guaire. Is críoch de chuid na hAstráile é an t-oileán, atá ina chuid de stát na Tasmáine. Tá an t-oileán 34 ciliméadar ar a fhad, cúig chiliméadar trasna agus tá sé tuairim is 1,500 ciliméadar taobh ó dheas den Tasmáin, leath bealaigh idir an Astráil agus an Ilchríoch Antartach.

Cuireadh an t-oileán ar liosta Oidhreacht Dhomhanda na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1997 “on the basis of its outstanding natural universal values”. Tá seacht gcineál déag d’éin agus de mhamaigh farraige i mbaol ina gcónaí ar an oileán de réir thuarascáil na ranna thuas. Chomh maith leis sin, tá dochar mór déanta ag na hainmhithe coimhthíocha ar bhrat fásra uathúil an oileáin. B’údar náire ag an Astráil é go raibh an ghéarchéim chomhshaoil seo ag tarlú ar chríoch dá cuid, go háirithe críoch atá ar liosta na Náisiún Aontaithe. D’fhógair na rialtais náisiúnta agus stáit go gceadófaí $24.6 milliún le híoc as scéim leis na hainmhithe andúchasacha a dhíothú chomh luath is a foilsíodh an tuarascáil. Táthar ag súil go n-éireoidh leis an scéim fáil réidh leis na coiníní, na francaigh agus na luchóga atá ina bplá ar an oileán.Is léir nach mbeidh sé éasca na hainmhithe seo a dhíothú, cé go bhfuil airgead go leor ar fáil don scéim. Bainfear úsáid as baoití nimhe ón aer, ach ní féidir iad a chur amach ach sa tréimhse nach mbíonn na héin ag neadú. Anuas ar sin, glacfaidh sé dhá bhliain na madraí a thraenáil leis na coiníní a thraochadh gan a bheith ag cur isteach ar ainmhithe dúchais na háite.

Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire

Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart. D’éalaigh francaigh agus luchóga as na báid a tháinig i dtír ann, agus chuir na húdaráis cait isteach ní ba dhéanaí le smacht a choimeád ar líon na gcreimirí seo.

D’éirigh thar barr leis na cait sa ról seo, ach bhí tionchar millteach acu ar an éanlaith, ar an drochuair. B’éigean do na húdaráis na cait a dhealú faoi dheireadh, ach thóg sé corradh is fiche bliain sular cuireadh deireadh leo timpeall ar dheich mbliana ó shin. Tháinig méadú suntasach ar líon na gcoiníní ar an oileán ó shin i leith, agus meastar go bhfuil timpeall ar 130,000 acu ann anois. Tá siad ag déanamh an-dochar don lusra sainiúil agus ag cur i mbaol gach cineál éin a dhéanann nead ar an talamh. Is féidir a rá go bhfuil an-chosúlacht idir an méid dochair atá déanta ar Oileán Mhic Guaire ag ainmhithe andúchasacha le céad go leith bliain anuas agus an dochar atá déanta don chomhshaol san Astráil ó theacht an chine dhaonna i dtír ann. Tháinig níos mó ná leath na mamach ar an domhan atá imithe in éag le dhá chéad bliain anuas, as an Astráil, de réir an Ollaimh Arthur Georges, ón Institute for Applied Ecology ag Ollscoil Canberra. Deir sé gurb é caillteanas gnáthóige cionsiocair a ndíothaithe, ach go bhfuil locht nach beag ar ligean isteach ainmhithe andúchasacha freisin.

An Tílicín

Is dócha gurb é an tílicín, nó tíogar na Tasmáine, an mamach is iomráití i measc iad siúd atá imithe in éag abhus sa tréimhse sin. Bhí an tílicín le fáil ar fud na hilchríche sular tháinig an chéad mhuintir dhúchais chun na hAstráile, corradh is 40,000 bliain ó shin. Fiagaithe cnuasaitheoirí ab ea na dúchasaigh luatha agus thóg siad madraí fiaigh isteach leo as an Áise. Diongónna a thugtar ar shleachta na madraí seo agus maítear gur de bharr iomaíochta le haghaidh bia leis na madraí nua a díothaíodh tílicín na hilchríche.

Bhí an tílicín fós sa Tasmáin nuair a cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil, ag deireadh an ochtú aois déag. Feoiliteoir marsúipiach ab ea an tílicín agus bhí imní ar na coilínigh go gcreachfadh an tíogar a n-ainmhithe clóis agus a gcuid eallaigh amuigh. Traochadh an tílicín le gunnaí agus le baoití nimhe, agus fuair an ceann deireanach bás sa bhliain 1936 sa zú in Hobart, príomhchathair na Tasmáine.

Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait. Meastar go bhfuil corradh is 12 milliún fiachat sa tír faoi láthair. Chomh maith leis na mamaigh thuas, tá 34 cineál éisc eachtrannach bunaithe sna huiscebhealaí abhus, tá fiche cineál éin eachtrannach ag eitilt inár spéartha agus tá fiailí ionracha andúchasacha ag fás ar an talamh agus ag leathadh in aghaidh an lae. Dá bhrí sin tá an iomarca cineál fána agus flóra bunaidh i mbaol san Astráil.

Cáintear an Bhuaf Chána

Níl aon amhras ach gurb é an bhuaf chána an t-ainmhí andúchasach a chuireann isteach ar mhuintir na hAstráile níos mó ná aon ainmhí eile i measc na n-eachtronn sa tír. Tugadh isteach ó Mheiriceá Theas d’aon turas sa bhliain 1935 é, le srian a choimeád ar chiaróga sna plandálacha chána siúcra ar chósta thuaidh Queensland. Faoi láthair tá siad bunaithe ar fud thuaisceart na tíre agus in iomaíocht ghéar le hainmhithe éagsúla de mhianach dúchais.

Is fuath le muintir thuaisceart na hAstráile an bhuaf chána. Is minic a fheictear daoine, a bhíonn cuibhiúil deas de ghnáth, á marú le maidí gailf nó le haon uirlis troda a bhíonn áisiúil. Ní bhíonn aon leisce ar thiománaí cairr corchasadh contúirteach a dhéanamh le leircín a dhéanamh de bhuaf chána!

Is léir go raibh muid an-rathúil sa tír seo ó thaobh dhíothú na ndúl dúchais de, ach theip go huile is go hiomlán orainn go n-uige seo a dhéanamh amhlaidh do oiread is ceann amháin de na cuairteoirí andúchasacha atá ag déanamh dochar uafásach don chomhshaol.

Dealraíonn sé sin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach ligimid isteach aon chineál eile d’fhána ná d’fhlóra eile feasta, muna bhfuil muid sásta nach ndéanfaidh siad an cineál dochair atá le sonrú abhus agus ar Oileán Mhic Guaire ag ainmhithe a tugadh isteach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.