AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Chuaigh Balor na Súile Nimhe i mbun agallaimh an Taoisigh Smaoisigh Iarghaoisigh an mhí seo. Beidh cúram úr ar an Mharascal Mhachaire Willie O’Dious roimh i bhfad eile. Is gairid go mbeidh sé ina Mharascal ar na Greenbeats. Ní hea! Na Greensheets. (Stolpfaimid, .. Stopfaimid ansin.)

Íomhá
Balor
Íomhá
An Bord Ciorraithe
Íomhá
Cuir síoda ar Aire, ach is Aire i dtólamh é!

Tá agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, mar atá agallamh leis an Taoiseach Smaoiseach Iarghaoiseach, Biffo Biata Bithnua. Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogalldoicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur. In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.

Balor: Dia duit, a Thaoisigh. Cad é mar atá an saol agat i ndiaidh na dtoghchán? An bhfuil tú fós compordach mar cheannaire ar an tír seo?

Biffo: Bhuel, a Bhaloir, ní miste dom a rá ag tús an agallaimh seo nach mise ceannaire na tíre ar chor ar bith. Is í Íosa Mhic Ghiolla Mháire an tUachtarán, an Ceann Stáit agus an chéad saoránach. Níl ionamsa ach... uimhir a dó – má thuigeann tú leat mé – uimhir a dó sa chiall is leithne de na focail atá i gceist agam, bíodh a fhios agat – sa chiall nach mbaineann le... tá a fhios agat féin.

Balor: Ó is maith mar a thuigim... sílim. Níl tú ag iarraidh tú féin a fhágáil sa chac – nach é sin é? Ach a Thaoisigh, ba mhaith liom ceist a chur ort mar gheall ar an dá Mháire eile: an Tánaiste agus an tAire. An bhfuil tú sásta leo, nó an fíor do na ráflaí atá ag dul thart: go bhfuil tú ag iarraidh iad a dhíbirt as an chomh-aireacht?

Biffo: Ní fíor ar chor ar bith. Féach gur thug mé bronntanas an duine abhaile chucu ó mo laethanta saoire sa Tansáin: dhá ghabhar mhóra bhána ó lár na hAfraice.

Balor: Ach an fíor nach bronntanais a bhí iontu ag an tús, ach gur iarr tú two goats for two Irish government ministers? Deirtear nár thuig fear na ngabhar gur ag iarraidh na hairí a mhalartú ar na gabhair a bhí tú.

Biffo: Ná creid gach a léann tú sna páipéir nuachta, a Bhaloir.

Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis!

Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.

Biffo: Mura bhfuil muintir na hÉireann sásta a n-aigne a dhíriú ar na ceisteanna a ndeirim leo a n-aigne a dhíriú orthu, níl mórán gur féidir liom a dhéanamh faoi sin... go fóill. Ar an láimh eile de, is mise fós an saoiste, an geafar – an boss, an dtuigeann tú – taobh istigh de mo pháirtí féin. Anois, éist leis seo go cúramach: má bhí armshlua beag Blueshirts ag an dream eile chun a dtoil a imirt ar mhuintir na hÉireann fadó, is féidir fós go gcruthóidh mé fórsa de mo chuid féin chun smacht a choinneáil ar mhuintir an Stáit in am seo na héigeandála agus na práinne agus na géarchéime – ar leas na hÉireann, an dtuigeann tú, a Bhaloir; ar leas na tíre.

Thiocfadh liom Willie O Dea a cheapadh ina ghinearál orthu; tá taithí aigesean ar uirlisí troda a láimhseáil. Na Greenshirts a bheadh ar an fhórsa nua, in onóir na hÉireann, an pháirtí agus Chontae Luimnigh. Na Léinte Glasa a thabharfaimis orthu chun Ó Caoimhnis agus lucht na Gaeilge a choinneáil sásta. Thiocfadh linn Ó Caoimhnis a chur ina mbun siúd a bheadh páirtaimseartha san fhórsa, nó níl sé féin ach páirtaimseartha sa rialtas. Cineál de thascfhórsa úr a bheadh sna Léinte Glasa. Cad é do bharúil, a Bhaloir?

Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill!

Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna. ‘Mar is deas do dhuine a chóta, is deise dó a léine’ a deir an seanfhocal, agus is deise agus is glaise domsa mo léine ná cóta ar bith, má thigeann tú leat mé, a Bhaloir. ‘Is uaigneach an níochán gan léine ghlas’ mar a dúirt an a dúirt fadó. Is breá liom an seanfhocal sin. Cuirfidh muid an nath sin ar mheirge an armshlua, an ceann a bheas á iompar trí lár Bhaile Átha Cliath Domhnach Cásca seo chugainn.

Agus an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir? Sílim gur cineál de ghinias atá ionam gur smaoinigh mé ar na Léinte Glasa. Ní chaillfidh muid toghchán eile choíche feasta. Beidh cumainn de na Léinte Glasa i ngach baile agus sráidbhaile in Éirinn. Beidh liosta acu den lucht vótála atá cláraithe, agus díobh siúd nach bhfuil cláraithe fós... hí hí hí. Thig liom é a shamhlú anois; beidh gach duine i ngach baile agus sráidbhaile in Éirinn cláraithe mar bhall d’Fhianna Fáil. Cén fáth nár smaoinigh mé air seo cheana, a Bhaloir. Ó is ginias amach is amach mé.

Fan go dtabharfaidh mo chairde ina gcuid léinte glasa cuairt ar mo chairde ina gcuid léinte gorma mall san oíche, le tairiscint go n-athróidh siad dath a gcuid léinte. Déanfaidh mé cáin ioncaim 98% a fhógairt dóibh siúd nach dtiocfaidh isteach faoin bhratach ghlas, agus ní bheidh stró ar bith orm an dlí sin a chur fríd an Dáil. Agus gailearaí an phobail lán de mo chairde sna léinte glasa le leabhair nótaí ina bpócaí agus déshúiligh thart ar a muineál, feictear dom go mbeidh dhá thaobh an tí ag vótáil ar son cibé bille a chuirfidh mé os a gcomhair.

Meathlú geilleagrach? Cén meathlú geilleagrach? Easnamh de chaoga billiún Euro? Cén caoga billiún Euro? Baileoidh mo chairde sna léinte glasa síntiúis agus ranníocaíochtaí ó lucht an rachmais fud fad na tíre. Chugamsa go pearsanta a thiocfaidh an t-airgead seo ar fad, agus is mise a chuirfidh isteach i gciste an Stáit é. Thig le Standard and Poors a ngrádú maslach ar Éirinn a shá suas ina dtóin ghallda agus ...

Balor: A Thaoisigh, mura miste leatá fhiafraí, cad as a dtiocfaidh na storm troopers seo? Mura bhfuil siad le híoc, cá raibh siad am an toghcháin? Má tá siad le híoc, cé atá chun é sin a dhéanamh? Agus cad leis? Agus ceist níos práinní fós, cén áit a bhfaighidh tú fiche míle camán ag an am seo den bhliain, nuair nach bhfuil traenálaithe na bhfoirne iomána in ann cúpla camán sa bhreis a aimsiú ar eagla a mbriste?

Biffo: Ceist mhaith, a Bhaloir. Ceist mhaith. Beidh freagra agam duit ar an cheist sin ar an mhí seo chugainn. Ceist mhaith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.