AR NA SAOLTA SEO
Marú Seicteach Kevin Mc Daid, Grásta ó Dhia Air
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óirgné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.

Íomhá
Cúil Raithin
Íomhá
Trá Phort Stíobhaird
Íomhá
Gregory Campbell an DUP, Cúil Raithin

Maraíodh Kevin Mc Daid go brúidiúil deireadh na míosa seo caite. Thug sé aghaidh amach le barr faitís faoina bheirt mhac i ndiaidh do dhrong dílseoirí theacht isteach i gceantar na n-Ard/The Heights i gCúil Raithin, buidéil, bataí agus casúir ar iompar acu agus goimh mharfach orthu. Thug an ghramaisc faoi féin go fíochmhar agus bhuail taom croí Kevin. Gortaíodh Damien Fleming go dona agus tá sé san otharlann go fóill ag am a scríofa seo. Ar íorónaí an tsaoil é, oibrí pobail a bhí in Kevin Mc Daid a bhí pósta ar bhean Phrotastúnach.

Tá dhá chúis á maíomh mar bhunús an fhoréigin. Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach. Má tá aon chiall sa mhéid sin, is daofa féin amháin a chum é atá.

An dara siocair, brat na hÉireann - an comhartha síochána idir an ghlaise agus an flannbhuí – a bheith ar foluain i gceantar na Heights.Más minic a bhris béal duine a ghaosán, is minice a bhris bratach gaosán duine ó thuaidh. Nárbh é an bratach trídhathach ba chúis le chéad racáin mhóra na dtrioblóidí i Sráid Duibhise i 1964?

Uair amháin, b’éigean dom cor bealaigh a ghlacadh i gceantar na Seanchille agus ag dul thart coirnéal áirithe, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an bratach ba mhó UVF dá bhfaca mé riamh díreach os mo chomhair. An siopa sceallóige is cóngairí dom, tá sé i gceantar Protastúnach. Is éigin dom tiomaint frí cheantar ina bhfuil bratacha móra UDA ar foluain.

Tá na bratacha sin i lár na gceantar ina bhfuil siad, ní fheiceann náisiúnaithe iad ach de thaisme - nó má bhíonn fonn sceallóg orthu! Ach go bhfios dom, ní dhearnadh ionsaí ar cheantar Protastúnach as siocair brat Shasana a bheith ar foluain ann. Níor maróidh aon duine cionn is go raibh brat sa cheantar agus ná déan dearmad nár chinn an drong ar Kevin Mc Daid a mharú. I mbéarlagair na ndílseoirí, Any Taig’ll do. Sin sainmhíniú an tseicteachais agus ní strainséir ar bith é Cúil Raithin don seicteachas chéanna.

An Curfew Bell

Bhíodh rud darbh ainm The Curfew Bell ann a chinntigh gur bhog Caitlicigh amach as lár na cathrach suas go dtí na 1960í. Na mic léinn a d’fhreastail ar Ollscoil Uladh ag Cúil Raithin, ar náisiúnaigh iad a mbunús, dhearc siad ar Phort Stíobhard mar bhaile, chan Cúil Raithin. Is cuimhin le hiarmhic léinn gur tháinig scaifte ón bhaile le hionsaí a dhéanamh ar choirm cheoil de chuid Horslips san ollscoil féin.

Ar ndóigh, bunaíodh an ollscoil i gCúil Raithin in áit Dhoire as siocair baile beag dílseachta a bhí ann, gníomh seicteach ann féin. ?

I 2005, d’fhoilsigh Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire tuairisc ar an seicteachas, curtha le chéile ag Neil Jarman ón Institute for Conflict Research agus an teideal *No Longer A Problem? Sectarian Violence in Northern Ireland *air. Ní dhearna an tuairisc ach cur síos a dhéanamh ar a raibh a fhios ag gach duine sa tuaisceart - gur fadhb mhór é an seicteachas i gcuid mhór ceantracha ó thuaidh - ach chuir sé síos ar an dallamullóg atá a chur maidir leis an fhadhb. Ní léiríonn na staidrimh oifigiúla ach chuid bheag den deacracht. Is leasc le daoine díriú ar an seicteachas ar eagla go bhfaighidh siad amach go bhfuil an fhadhb rómhór, dosháraithe.

One senior police officer suggested that if the PSNI attempted to record all sectarian incidents, as opposed to sectarian crimes, then they would be overwhelmed,” a deirtear sa tuairisc.

Bhíodh scéal grinn ag dul thart ag tús na dTrioblóidí, tráth a raibh leisce ar an RUC “dúnmharú seicteach” a chur síos ar dhúnmharaithe Caitliceach ag paraimíleataigh dílseachta. “Rinneadh ionsaí ar Chaitliceach i gceantar Protastúnach aréir. Deir na Póilíní go bhfuil dóigh sásúil ar an fhear san otharlann - tá sé marbh.” Nó?“Thángthas ar chorp Caitlicigh ar Bhóthar na Seanchille aréir agus daichead lorg scine ina dhroim. Dúirt an RUC gurbh é an cás féinmharaithe ba mheasa dá bhfaca siad riamh.”

Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ballbaill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?

Agus cad é fá na polaiteoirí?

Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtracuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde. “Tit-for-tat all the time. What reason can you see for there being tricolours up yesterday afternoon, a Sunday afternoon? None other than to get a reaction from the loyalist community, and they certainly got a reaction this time, which is very sad,” arsa Feisire an DUP Adrian Mc Quillan, ráiteas ar ghlac sé leithscéal ar a shon níos maille mar “ní raibh a fios aige go raibh Kevin Mc Daid marbh ag an am.”

Níor shíl na haontachtaithe céanna go raibh rud ar bith cearr le paráid bhuíon dhílseoirí a dhul thart leis an áit ar maraíodh Kevin Mc Daid, buíon atá ceangailte leis an teach tábhairne as ar tháinig an drong a mharaigh é.

Tá sé thar am ag na haontachtaithe a gcoinsias a scrúdú. Cúrsaí treabhchais de, is ionann gan freastal ar thórramh duine bocht a dúnmharaíodh agus taobhú na treibhe, is dóigh, ach an té a mhaireann i bhficheadaí an chéid seo caite, tá sé in am aige a thuiscint nach bhfuil slí dá iompar a thuilleadh, slí a dhéanann réidh an achair don mharú sheicteach i saol na linne seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.