
Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.
»»»Thug Lizzie Windsor ceacht Gaeilge do mhuintir Bhéarla na hÉireann, cuid acu a déarfas “a Cathairleach” (sic) sa Dáil féin agus níor thit an spéir ar an talamh ina dhiaidh sin a deir Pat Butler.
»»»Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
»»»Tá Donncha Ó hÉallaithe agus a chairde ag déanamh bealaigh ar an bhfarraige mhór ó thuaidh ach ní hí an aimsir is fearr atá feicthe acu ó d’fhágadar Gaillimh ina ndiaidh leis an Íoslainn a bhaint amach.
»»»Tá léamh ar leith ag Maidhc Ó Cathail ar chuairt Barack Obama ar sheanfhóda dúchais na beirte acu, thart ar Mhuine Gall.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim atá faoi bhagairt bhéal na tua an chéad bhliain eile. Deir sé nach rómhaith an tús é don Aire Stáit nua, Donncha Mag Fhionnghaile T.D.
»»»Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill. An cuma le cách an méid sin?
»»»Dhá shléacht gan chéill, sa Bhrasaíl agus san Ísiltír. Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.
»»»Tá scagadh as úr ar scéal Ghaeil na hAstráile dúisithe ag taispeántas atá ar siúl san Iarsmalann Náisiúnta i gCanberra. D’fhreastail Bearnaí Ó Doibhlin ar an taispeántas áit a raibh sé in ann éisteacht lena ghlór féin agus le glór a bhean chéile.
»»»Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.
»»»Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
»»»Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn. Bhí Laoise Ní Chléirigh ag fuirseadh faoi thearmann do Chlann Mhic Conghaola, an Irish Seal Sanctuary, le teacht ar an eolas faoin ainmhí diamhrach seo.
»»»Tuigeann Beairic mar a thuigeann Balor gur in Éirinn na ndaoine glasa agus na lúchorpán a roinntear go fial na tuarastail is airde.
»»»Munar cumannach é ní Meiriceánach é an gháir a chuaigh amach ón slua amadán. Chonaic Brian Ó Broin imirt an dráimh ag an mámh ar cheist ionad breithe Obama.
»»»D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.
»»»Tar éis dhó breathnú ar an mír faoin dteideal ‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht’ atá i gClár an Chomhrialtais, tá 10 moladh le déanamh ag Donncha Ó hÉallaithe le cur os comhair Dinny Mc Ginley, an tAire Stáit ar a bhfuil cúramaí na Gaeilge is na Gaeltachta curtha.
»»»Níl aon easpa bia ar an Astrálach agus a shliocht air, a deir Bearnaí Ó Doibhlin, tá $56 billiún á chaitheamh i réimsí leighis in aghaidh na bliana mar gheall ar an ngrá áirithe sin, grá na hailpe.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil athrú ag teacht ar dhearcadh mhuintir na Sé Chontae mar gheall ar nochtú fhírinne roinnt de scéalta na ndaoine a maraíodh agus roinnt de scéalta na ndaoine atá ar marthain!
»»»Deir Donncha Ó hÉallaithe nach n-athróidh mórán de thoradh an olltoghcháin ag deireadh thiar thall agus go n-íocfaidh An Lucht Oibre as dul i gComhrialtas le Fine Gael.
»»»Chuaigh Tony Birtill ar turas bliantúil Chumann na Téide Deirge, an scaifte dreapadóirí, in Albain i mí Feabhra. Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
»»»Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.i. Im[th]eachta Dála).
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá imeachtaí Fhianna Fáil a d’fhág gan frapa gan taca anois iad. Bíodh go gcuirfidh siad lena líon suíochán amach anseo, tá sé den tuairim nach dtiocfaidh siad ar ais ar a seanléim arís.
»»»Tharraing Baile an Tí Mhóir, Talamh Mháire agus muintir Laoire, nó Calvert, in iarthar Chorcaí, aird Bhriain Uí Bhroin nuair a thug sé aghaidh ar chathair ‘The Wire’ ar na mallaibh.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar thoradh an olltoghcháin. Deir sé nach n-athróidh mórán ag deireadh thiar thall, má shocraíonn An Lucht Oibre dul i gComhrialtas le Fine Gael.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!
»»»Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.
»»»Ní beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí. Tá fios an scéil ag Bearnaí Ó Doibhlin sa domhan theas.
»»»Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
»»»Beidh tionchar ag an toghchán ó dheas ar an toghchán ó thuaidh faoi cheann dhá mhí. Bhí Robert McMillen ag meá oibriú imeachtaí ar na páirtithe go léir.
»»»Rianaíonn Tony Birtill scéal an ealaíontóra David Jacques san alt seo. Is fear é Jacques a spreagadh i mbun na healaíne as leabhar Robert Noonan a léamh agus as saothar Diego Rivera a fheiceáil.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.