AR NA SAOLTA SEO
Creideamh Brúite Faoi Thalamh
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

I ngan fhios don saol is fearr a bheith ann in amanna. Bhí Mícheál Ó hAodha ag amharc ar an tsiocair gur fearr le creidimh sní faoin talamh scaití.

Íomhá
Teampall Gergeti na Tríonóide i Seoirse
(le Lidia Liona)
Íomhá
An t-aifreann á rá i Mainistir Cheartchreidmheach Soiriach Naomh Marc
(le Lijujacobk, Vicipéid)
Íomhá
Ardeaglais Soiriach Caitliceach sa Damaisc
(le Bernard Gagnon ar Vicipéid)
Íomhá
Cainteanna Caitliceach le Críostaithe an Oirthir 1290
(le Jonahtn Riley-Smith, Vicipéid)

Tá roinnt de na pobail Chríostaí is sine ar domhan i mbéal a ndíothaithe má leanann an cogadh sa tSiria ar aghaidh. Bhí an Damaisc ar na chéad cheantair inar scaipeadh an Chríostaíocht. Ba shin le linn ré Naomh Peadar.

Tá 1.4 milliún Críostaí sa tSiria. Formhór acu, is Caitlicigh iad a bhaineann le cuallachtaí creidimh difriúla. An chuid is mó acu, is le hEaglais Cheartchreidmheach an Oirthir iad (Patracarcht Cheartchreidmheach Ghréagach Aintíoc is an Oirthir Uile). Tá mionlach Protastúnach ag cur fúthu sa tSiria freisin.

Is é Aleppo an chathair a bhfuil an líon is mó Críostaithe ag cur fúthu ann. Mar is léir ar scaileáin teilifíse chuile oíche, tá foréigean agus trodaíocht uafásach fíochmhar feicthe ag muintir Aleppo le míonna beaga anuas. Theith Ard-Easpag Críostaí Aleppo agus roinnt sagart ón Eaglais Aonaíoch Mheilcíteach chun na Liobáine nuair a rinne lucht trodaíochta ionsaí ar an séipéal s’acu.

Is eaglais í an Eaglais Aonaíoch Mheilcíteach atá i gcumann iomlán leis an Róimh. Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo. Ní hamháin gur scriosadh an séipéal ach rinneadh dochar d’fhoirgnimh eile, ina measc iarsmalann Bhiosántach Chríostaí agus na hárais a bhain leis na Críostaithe Marainíteacha. An chuid is mó de na “dreamanna neamhaitheanta”, is leis an bhfreasúra a bhaineann siad, ag troid in aghaidh réimeas Al-Assad. Thuigfeá dá réir sin go bhfuil faitíos mór ar Chríostaithe na tíre sin ar a bhfuil rompu amach anseo. Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Al-Assad má éiríonn leis na dreamanna ceannairceacha Ioslamacha an ruaig a chur air?

Seirfean Dlí

Más comhartha ar bith é an méid atá tarlaithe i bPoblacht Éimin, Libia agus san Éigipt, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh Ioslamaigh cheartchreidmheacha i gceannas ar an tSiria amach anseo agus an Dlí Sharia dá réir. Géarleanúint chreidimh agus cos ar bolg atá á thuar do mhionlaigh na Siria má chuirtear Al-Assad as oifig. Ní nach ionadh, tá méid áirithe Críostaithe ag iarraidh cinntiú go bhfanfaidh Al-Assad i gceannas na tíre ar eagla go dtiocfadh Ioslamaigh radacacha, lena n-áirítear na Salafi i gcumhacht - dream a leanann teagaisc Wahhabi a bhí mar ábhar inspreagtha ag Osama Bin Laden roimh uafás 9/11.

Tá Críostaithe na Siria, lena n-áirítear na sainchreidimh Chríostaí is sine ar domhan, i gcruachás ceart, iad gafa idir fhórsaí an fhreasúra agus arm na Siria. An mór an baol dóibh má fhanann siad dílis do réimeas Al-Assad? Nó an ceart dóibh tacú leis trodairí an fhreasúra, nó an tír a fhágáil má tá ar a gcumas é sin a dhéanamh?

Catacóm San Lorenzo di Beffi

Saoithiúil go leor - agus roinnt de na pobail Chríostaí is sine sa Mheán-Oirthear i mbaol a ndíothaithe, fuaireamar léargas nua ar luathstair na Críostaíochta san Eoraip nuair a thángthas ar na mallaibh ar iarsmaí seandálaíochta a bhaineann le cuid de na pobail Chríostaí is luaithe san Iodáil.

I sráidbhaile beag San Lorenzo di Beffi, Acciano, tríocha ciliméadar ó L’Aquila a thángthas ar an gcatacóm ársa seo. Rinne an crith talún a tharla ansin ar an 6ú lá de mhí Aibreáin 2009 dochar mór don séipéal beag áitiúil ansin – Séipéal San Lorenzo. Tháinig oibrithe, a bhí ag cur beartais sábháilteachta i gcrích tar éis don chrith talún an ceantar a bhualadh, ar an gcatacóm ársa seo lena n-áirítear dorchlaí agus seomraí a úsáideadh do chleachtais chreidimh agus chun daoine a adhlacadh.

Cé go samhlaítear an focal “catacóm” leis an Impireacht Rómhánach, ní sa Róimh amháin a fhaightear na reiligí faoi thalamh seo, gan amhras, ach i mbeagnach gach tír a bhfuil cathracha móra. Tá a n-ionad féin ag na scéalta sin a bhfuil na catacóim mar théama acu i mbéaloideas na cruinne cé go mba leis na Rómhánaigh a cheanglaíodh an téarma “catacóm” go minic, fiú sa lá inniu féin. Scéalta faoi dhíbeartaigh, smuigléirí agus dreamanna imeallacha ar nós na chéad Chríostaithe ag lorg tearmainn is ea a bhformhór; is féidir iad a áireamh i measc na scéalta laochais chomh maith. Catacóim mhóra Pháras, is san ochtú haois déag a tógadh iad.

Léiríonn an catacóm beag ar thángthas air in Acciano le déanaí go raibh pobal Críostaithe lonnaithe sa réigiún ón gceathrú haois ar aghaidh ach go rabhadar faoi léigear agus go mbíodh orthu a gcreideamh a chleachtadh go ciúin agus go rúnda, faoin dtalamh. Spéisiúil go maith, tá an crith talún a bhuail réigiún Abruzzo na hIodáile tar éis trí chatacóm eile a thabhairt chun solais – orthu sin tá na cinn i mbailte San Vittorino, Santa Giusta di Bazzano agus Castelvecchio Subequo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.