AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Fáilte roimh Inimircigh ón Áise
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin nach amhlaidh a bhí i dtólamh.

Íomhá
Long faire na teorann i gcalafort Darwin
(le Bidgee ar Vicipéid)
Íomhá
Inimirce na hAstráile 06
(le hOifig Staidrimh na hAstráile ar Vicipéid)
Íomhá
An Edwin Fox, seanlong a d'iompair cimí chun na hAstráile
(le Arturo Crespo ar Picasaweb)
Íomhá
Scairt na hAstráile 1928
(le PKravchenko ar Vicipéid)

dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain. Bhí an dúnghaois chiníoch ar ar tugadh an White Australia Policy i bhfeidhm ar feadh breis is seachtó bliain go dtí gur cuireadh deireadh leis sa bhliain 1972. Chuir muidne fúinn abhus an bhliain chéanna agus is iontach an t-athrú atá le sonrú i gcúrsaí inimirce in imeacht na mblianta ó shin i leith.

Ba léir i luathstair na coilíneachta go raibh faitíos ar mhuintir Eorpach na tíre roimh an daonra ollmhór Áiseach ó thuaidh. Tugadh an Yellow Peril ar an bhfaitíos céanna sna Stáit Aontaithe um an dtaca sin agus baineadh feidhm as an mana maslach seo go minic sna díospóireachtaí faoi chúrsaí inimirce abhus. Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.

Bhain an Astráil neamhspleáchas amach sa bhliain 1901 agus bhí dúnghaois inimirce ar cheann de na mórcheisteanna ba phráinní ar dhírigh an chéad rialtas aird uirthi. Ritheadh an Immigration Restriction Act sa bhliain 1901 le toirmeasc a chur araicmí éagsúla” teacht chun na hAstráile ar inimirce, muintir na hÁise chun tosaigh i measc na n-aicmí seo.

Cé gur thacaigh formhór mhuintir na tíre leis an toirmeasc, bhí daoine áirithe abhus a sheas an fód do na hoibrithe Áiseacha. Ina measc siúd bhí Patrick Francis Moran, an chéad chairdinéal san Astráil, arbh as Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, dó. Mhaígh an cairdinéal go raibh an reachtaíocht ‘ainchríostúil’, ach bhí na páirtithe polaitíochta agus na ceardchumainn aontaithe i bhfabhar an achta.

Ceardchumainn ina gCearrchumainn

Léiríonn na ráitis a rinneadh le linn na díospóireachta sa pharlaimint agus an reachtaíocht thuasluaite idir chamáin inti go raibh muintir na hÁise ar intinn ag na rannpháirtithe. Cuirim i gcás an méid a bhí le rá ag Edmund Barton, céad phríomh-aire na tíre: The doctrine of the equality of man was never intended to apply to the equality of the Englishman and the Chinaman. Thug na ceardchumainn tacaíocht láidir don bhille de bharr go raibh imní orthu go mbeadh oibrithe Áiseacha toilteanach glacadh le coinníollacha oibre ní ba mheasa ná iad siúd a bhí bainte amach ag oibrithe geala.

Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise. Mhol sé dea-thréithe na n-oibrithe Áiseacha, eadhon a bhfuinneamh dofholmhaithe, a n-inniúlacht tabhairt faoi dhúshláin nua agus a n-acmhainn oibre. Mhaígh sé, áfach, go mbeadh na tréithe seo ina mbagairt do chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala agus gur chóir iad a choimeád amach as an tír dá bharr.

Luaigh mé thuas an t-athrú as cuimse atá tagtha ar chúrsaí inimirce lenár linn abhus. D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.

Reáchtáladh preasagallamh leis an tuarascáil a eisiúint agus labhair an tAire Inimirce, Chris Bowen, ann faoi na tíortha as ar tháinig an líon is mó de na hinimircigh chun na hAstráile. Luaigh sé go sonrach gur tháinig níos mó daoine as an India ná as aon tír eile sa tréimhse sin. Tháinig 29,000 duine nó 15.7 faoin gcéad de na hinimircigh as an India. Ba ea seo an chéad uair a bhí tír Áiseach ar ár bhfoinse inimirceach ba mhó.

Níos Áisiúla Fós

Anuas air sin, luaigh Bowen gur tháinig an dara líon ba mhó dár n-inimircigh as an tSín agus go raibh cúig thír san Áise i measc na deich dtír as ar tháinig na líonta ba mhó daoine ar inimirce chun na hAstráile. Tháinig tuairim is 185,000 duine ar inimirce sa bhliain 2011/12, sa bhreis ar 125,000 acu faoin scéim ar a dtugtar an Skilled Migrant Program (SMP).

Tá an scéim seo an-tábhachtach do gheilleagar agus do shochaí na tíre, de réir Bowen, le dul i ngleic leis an dúshlán a eascraíonn as aosú an phobail ach go háirithe. Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí, ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha. Tagann formhór na n-inimirceach faoin scéim as tíortha san Áise.

Tráth dá raibh chothódh aitheasc an Aire ag moladh inimirce ón Áise díospóireacht bhinbeach abhus ina choinne, ach ní sin an chosúlacht a bhí ar an scéal an iarraidh seo. Baineadh feidhm as dea-thréithe na n-oibrithe Áiseacha sa bhreis ar chéad bliain ó shin le maíomh go raibh údar leis an diúltú iad a ligean isteach sa tír. Tá sé íorónta go bhfuiltear ag baint feidhme anois as na dea-thréithe ceannanna céanna le dearbhú go bhfuil inimirce ón Áise bailí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.