AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Iarmhairtí Thoghchán Mheiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.

Íomhá
Mitch Mc Connell ag cúbadh sa chathaoir ón Uachtarán Obama
(An Teach Bán ar Vicipéid)
Íomhá
Diúlaithe tae
(le Ed Fogle, Maverickphotography, ar Picasaweb)
Íomhá
Douglas Kmiec, Ambasadóir, & an Seanadóir Lugar
(le Douglas Kmiec ar Picasaweb)
Íomhá
Richard Mourdock
(le Seomra Nuachta Státchiste Indiana)

I ndeireadh báire, níor athraigh mórán in olltoghchán Mheiriceá i mbliana, ach tá scéal mór taobh thiar den neamhathraitheacht seo ar fiú breathnú air. Cé gur fhan an Daonlathach Barack Obama sa Teach Bán, agus gur choinnigh an Páirtí Poblachtánach greim ar Theach na nIonadaithe, tá fadhbanna ollmhóra roimh an dá pháirtí a chaithfear réiteach go tapa. Agus cúrsaí rialtais ag fanacht mar a bhí, an mbeidh gluaiseacht ar bith i saol polaitiúil Mheiriceá sna blianta beaga amach romhainn?

Braitheann sé, ar ndóigh, ar thoil na bpolaiteoirí comhoibriú a dhéanamh. D’fhógair Mitch Mc Connell, ceannaire na bPoblachtánach sa Seanad ceithre bliana ó shin gurbh é “sprioc uimhir a haon” dá pháirtí “uachtarán aon téarma” a dhéanamh de Barack Obama. Chiallaigh an méid sin gur caitheadh i bhfad an iomarca ama le ceithre bliana anuas ag fí driseacha cosáin i dtithe rialtais Mheiriceá nuair ba cheart a bheith ag tabhairt faoin ghéarchéim gheilleagair. Tá feabhas beag le feiceáil i Meiriceá le leath bliana anuas nó mar sin, ach ní léir in aon chor go bhfanfaidh sé, ná gur toil leis na polaiteoirí tabhairt faoi fhadhbanna mar fhuinneamh, bonneagar, an timpeallacht, sláinte, agus fostaíocht a réiteach le chéile.

Ba cheart don Pháirtí Poblachtánach an uachtaránacht a bhaint, agus theip orthu. Le dífhostaíocht os cionn 8% agus pobal fostaithe na tíre ag fulaingt go heacnamaíoch, b’iontach gur éirigh leis an Uachtarán Obama é féin a chosaint. Séard ba mhó ba chúis lena bhualaige iarrthóir na bPoblachtánach, Mitt Romney. Céard a dhéanfaidh an Páirtí sin anois? Tá ceisteanna crua le cur agus le freagairt acu sular féidir leo tabhairt faoi fheachtas uachtaránachta arís.

Daigh Croí le Súram Tae

Scríobh mé cheana faoi thionchar an Tea Party ar an bpáirtí, agus is mó atá an tionchar úd le blianta beaga anuas. Caithfidh saoithe an pháirtí fiafrái díobh féin ar mhaith leo cosmhuintir an pháirtí a bheith chomh antoisceach sin nuair is léir go gcaithfidh iarrthóirí an pháirtí vótaí a mhealladh ó lucht láir agus ó luasc-vótóirí na tíre freisin in aimsir an toghcháin. Sampla iontach is ea Richard Mourdock, antoisceach Poblachtánach i Stát Indiana. In earrach na bliana seo, le cúnamh an Tea Party, thug sé faoi Richard Lugar, seanadóir Poblachtánach an stáit sin ó 1977 amach, a raibh cáil an mheasarthaigh air. D’ionsaigh Mourdock agus an Tea Party go fíochmhar é mar eadránaí a bhí ró-réidh comhréiteach a dhéanamh leis na Daonlathaigh, agus fuair siad an ceann is fearr air i réamhthoghcháin an pháirtí. Agus ainmniúchán an pháirtí faighte aige, sheas Mourdock san olltoghchán, ach tar éis dó a rá go poiblí gurb é toil Dé é go n-éigneofaí mná, theip air go tubaisteach agus bhain Daonlathach an suíochán, rud nár tharla in Indiana ó 1977 anuas.

Tharla macasamhail seo in áiteanna eile timpeall na tíre a raibh antoiscigh roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtánach, agus b’é bun agus barr an scéil gur choinnigh an Páirtí Daonlathach greim daingean ar an Seanad, rud nach rabhthas ag súil leis. Murach an Tea Party, d’fhéadfadh an Seanad a bheith ag na Poblachtánaigh anois.

An Cat Mara Romhainn

Amach romhainn tá an “Aill Fhioscach”, rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre. Níltear cinnte cé chomh cruinn is atá an téarma go fóill, ach baineann sé go príomha le deireadh na gciorruithe cánach a reachtaigh an tUachtarán Bush roinnt blianta ó shin. Tá fostóirí ag tuar go sollúnta go gcaillfear 250,000 post mar gheall air. Cibé, tá fadhbanna móra geilleagair roimh an tír sa mheántéarma, ina measc plean sláinte an Uachtaráin Obama, a bheas reachtaithe go hiomlán faoi dheireadh a théarma sa Teach Bán.

Idir an dá linn, tá cumhachtaí nua mar an tSín agus an India ag cnagadh ar dhoirse geilleagair an domhain thiar. Ní mór d’Obama agus do na Poblachtánaigh teacht ar chomhréiteach le chéile go tapa má tá siad chun an tír a choinneáil chun tosaigh sa domhan nua seo. An bhfuil an toil ann?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.