AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Leithscéal Gafa leis an Rábálaí Peter Norman, nach Maireann
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag iniúchadh scéal fear fiúntach as an Astráil, Peter Norman, ar ghlac Rialtas a thíre leithscéal leis níos luaithe i mbliana, roinnt blianta rómhall mar fuair sé bás sé bliana ó shin.

Íomhá
Dealbh do Smith & Carlos i gCalifornia
(le WWW78 ar Flickr)
Íomhá
Ciníochas 1963 i SAM
(le Jason Anfinsen ar Flickr)
Íomhá
Múrphictiúr den triúr
(le Newtown Grafitti ar Flickr)
Íomhá
Múrphictiúr i mBrisbane
(le Rae Allen ar Flickr)

Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus tugtar urraim faoi leith do lúthchleasaithe a n-éiríonn leo i gcomórtais spóirt idirnáisiúnta, sna Cluichí Oilimpeacha ach go háirithe. Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór. Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.

Ritheadh an rún d’aon ghuth le leithscéal a ghabháil le Peter Norman, rábálaí Astrálach a tháinig sa dara háit sa rás dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo sa bhliain 1968. Gabhadh an leithscéal as an dóigh ar caitheadh le Norman nuair a d’fhill sé abhaile, mar a mhíneoidh mé thíos. Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman críochnú chun tosaigh ar Carlos. Sháraigh am Smith, 19.83 soicind, an churiarracht dhomhanda agus tá am Norman, 20.06 soicind, ina churiarracht Astrálach thar an achar sin fós féin.

Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu. Scríobh Eoghan Ó Néill sa nuachtán Gaelscéal i mí Iúil i mbliana go raibh sé ar “an agóid Oilimpeach is iomráití agus is corraithí dá raibh ann”.

Seasamh in Aghaidh na hÉagóra

D’inis an bheirt Mheiriceánach do Norman roimh bhronnadh na mbonn go raibh sé beartaithe acu a dtacaíocht don ghluaiseacht, Olympic Project for Human Rights (OPHR), a léiriú lena linn. Bhí OPHR i mbun feachtais in éadan ciníochais agus leithscartha sna Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) um an dtaca sin. Reáchtáladh na cluichí sé mhí tar éis fheallmharú Martin Luther King, an ceannaire croídhílis ar an ngluaiseacht cearta sibhialta i SAM.

Dhearbhaigh Norman láithreach go seasfadh seisean an fód leo dá dheoin féin agus chuir sé comhairle a leasa orthu i dtaca lena n-agóid. Rinne Carlos dearmad a lámhainní a thabhairt leis agus mhol Norman dóibh an péire a bhí ag Smith a roinnt. Chaith Norman suaitheantas de chuid OPHR le linn an tsearmanais lena dhlúthpháirtíocht leo a thaispeáint. Thug an lucht féachana, Meiriceánaigh gheala cuid nach beag acu, íde na muc is na madraí do Smith agus Carlos agus iad ar an bpóidiam agus cuireadh abhaile an bheirt acu ar an bpointe. Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadhna húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980!

grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt. Chonaic mé féin an agóid beo ar an teilifís agus mé fós i m’fhear óg agus chuaigh sí i gcion go mór orm.

Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus. Níorbh aon ionadh é, mar sin, gur dúdhiúltaíodh Norman nuair a d’fhill sé abhaile tar éis na gcluichí. Cé go raibh Norman cáilithe le bheith páirteach sna rásaí céad mhéadar agus dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha in Munich sa bhliain 17972, chinn na húdaráis nach mbeadh aon rábálaí fir ar an bhfoireann.

Moille Gnímh

Bhí deis ag na húdaráis Oilimpeacha Astrálacha athchairdeas a dhéanamh le Norman nuair a reáchtáladh na cluichí in Sydney sa bhliain 2000, ach níor thapaigh siad í. Tugadh cuireadh do na hiar-lúthchleasaithe Oilimpeacha Astrálacha cuaird onóra a dhéanamh sa searmanas oscailte, ach ní raibh Norman ina measc. Nuair a chuala na lúthchleasaithe Meiriceánacha faoin masla seo, thug siadsan cuireadh dó agus fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann.

Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo. Cailleadh go tobann é sa bhliain 2006 agus ba ríléir go raibh meas mór ag Smith agus Carlos air fós. Thaistil siad an t-achar fada ó na Stáit Aontaithe le bheith ina n-adhmholtóirí agus ina n-iompróirí brat bróin ar a shochraid.

Bhí máthair Peter Norman, atá 91 bliain d’aois, agus a dheirfiúr i láthair le linn na díospóireachta sa Pharlaimint ach is mór an trua é nár gabhadh an leithscéal sular bhásaigh é. Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.