AR NA SAOLTA SEO
Cách Faoi Shuan
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Beidh soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach as fuinneoga siopaí ar chách, ach níl an méid dífhostaíochta, gnólachtaí druidte ná níl na céatadáin dócmhainneachtaí ag tabhairt aon siocair gealgháire sna Sé Chontae ach oiread le háit ar bith.

Tá aimsir na Nollag ag teannadh linn agus aréir don chéad uair, mhothaigh mé sprid na Nollag ag múscailt ionam. Bhí sé fuar gan a bheith rófhuar ach mhothaigh mé mo ghaosán ag éirí dearg agus mé ag siúl i lár chathair Bhéal Feirste, Oíche Chiúin á cheol go híseal agam. Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais. ’Tis the season to be jolly.

Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill. “Is éigean é a dhéanamh, ar son na bpáistí, tá a fhios agat, is cuma faoin chostasan dearcadh atá ag daoine atá ar beagán airgid agus dóibh siúd agus dóibh sin a bhfuil a gcuid postanna i mbaol, tá rudaí ag dul in olcas.

Maidir leis an pholaitíocht, tógann sé ceisteanna faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais sa ghéarchéim geilleagair ó thuaidh, an tAire Airgeadais Sammy Wilson agus a choiste airgeadais. Tá méadú 40,000 ar líon na n-éilitheoirí dífhostaithe le cúig bliain anuas, méadú 17 faoin chéad agus é ag méadú i rith an ama.
Tá líon na jabanna ag titim chomh maith, síos le 55,000 sna ceithre bliana go dtí mi Meithimh 2012.

Meath Abhus & Feabhas Thall

San áit a bhfuil na Sé Chontae ag titim níos doimhne san abar, tá feabhas ag teacht ar chúrsaí sa Bhreatain. Tá titim 6.4 faoin chéad i líon na jabanna a bhíodh ann i mi Meithimh 2008 i dTuaisceart Éireann ach sa Bhreatain Mhór, tá dul chun cinn déanta agus titim beag, 0.5 faoin chéad, i líon na jabanna atá ar fáil thall sa tréimhse chéanna. Tá an dífhostaíocht i measc daoine óga (faoi bhun 25 bliana d’aois) ag tarraingt ar dhuine i ngach ceathrar. Mar chruthúnas nach bhfuil an réimeas ó thuaidh le leas na ndaoine, tá líon éilitheoirí óga 26 faoin chéad níos mó ná mar a bhí sé nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Is léir nach bhfuil polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ann smacht a fháil ar an chúlú gheilleagair agus ní i gcúrsaí fostaíochta amháin. Tá dócmhainneachtai i measc daoine aonair méadaithe faoi dhó ó bhí 2007 ann agus dócmhainneachtaí comhlachtaí méadaithe ag an ráta céanna. Tá luach na dtithe tite le 53 faoin chéad agus líon na dtithe a thógtar tite le 60 faoin chéad ó bhí 2006 ann agus tá fiacha €4 billiúin ag iasachtaithe sa tuaisceart ar NAMA.

Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994. Táthar i gcónaí a rá go bhfuil barraíocht daoine ag obair san earnáil phoiblí ó thuaidh agus go gcaithfidh an earnáil phríobháideach jabanna a chruthú dóibh le go laghdófaí costais riartha an stáit, ach níor fhás an earnáil phríobháideach le 58 mí anuas. Sea, 58 mí! Tá an earnáil ag laghdú bliain i ndiaidh bliana le choir a bheith sé bliana anuas agus táthar ag tuar go mbeidh sé amhlaidh i 2013 fosta.

Níor chuala mé aon duine a rá, “tá mé iontach buartha faoi chúrsaí airgid, ach ar an dea-uair atá feidhmeannas againn i Stormont.” Tagann dea-scéal anois is arís – cuirim i gcás ordú mór do Bombardier ar fiú £200 milliúin é - ach is léir go mbeidh geilleagar na Sé Chontae in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile.

Mar sin, ní nach ionadh go bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh theacht ar bhronntanais a bhfuil go leor airgid acu lena gceannacht, ach tá fáth eile ann - tá an cheathrú cuid d’asraonta miondíola i mBéal Feirste druidte.

Nollaig Shona!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.