AR NA SAOLTA SEO
Lorg Larkin ar Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.

Íomhá
Larkin agus Connolly ar chúl, i Learpholl 1913
(le caoinchead Museum of Liverpool)
Íomhá
Ag adhaint lasracha an mhíshásaimh
Íomhá
An t-údar ar Bhealach Uí Lorcáin
Íomhá
Leaca cuimhneacháin

Tá an bhliain 2013 linn agus le comóradh céid An Frithdhúnadh i mBaile Átha Cliath ann, beidh aird an phobal dírithe aris ar Jim Larkin (1874-1947).

Ba chúis mórtais i gcónaí d’Éireannaigh na heite clé i Learpholl gur rugadh an laoch seo sa chathair, agus bhí na beathaisnéisí a scríobh R. M. Fox (1957) agus Emmet Larkin (1965) léite go forleathan ann. Bhí Larkin luaite sa bheathaisnéis The Rolling Stonemason a scríobh an sóisialaí Fred Bowyer i 1936 fosta agus bhain muid sult as an scéal faoin dóigh ar chuir an bheirt acu bosca, le teachtaireachtaí ó na sclábhaí ann, sa pholl faoin bunchloch san Ard-Eaglais Phrotastúnach i 1904.

Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine. Éirímís!’

Éiríonn Caoi Ruda Caoi Ruda Eile

Phléigh muid an easpa seo sa Labour Committee on Ireland (scaifte Éireannach atá ina mbaill de Pháirtí an Lúcht Oibre) i Learpholl i 1982. Ní raibh fhios againn gur féidir linn macasamhail den dealbh i mBaile Átha Cliath a fháil do Learpholl. Chuir muid ceist ar an teilgcheárta i mBaile Átha Cliath agus dúirt siad linn gur féidir agus thug siad meastachán ar an obair dúinn. Bhunaigh muid The Jim Larkin Memorial Trust chun an t-airgead a bhailiú.

Bhí Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht ar Chomhairle Contae Merseyside faoin am sin agus nuair a d’inis muid an plean dóibh, vótáil siad ar son deontais agus suíomh don dealbh. Ach scríos Príomh-Aire Margaret Thatcher an plean nuair a dhíothaigh sí an Greater London Council agus na comhairlí contae uirbeacha eile, Merseyside ina measc. Bhí siad uilig faoi smacht na sóisialaithe.

Leis an bheagán airgid a bhí sa chiste againn, cheannaigh muid an mhionsamhail a rinne Oisín Kelly le hagaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill ón teilgceárta agus tá sé le feiceáil mar chuid den taispeántas buan san iarsmalann anseo.

Bhí Comhairle Cathrach Learphoill faoi smacht Páirtí an Lucht Oibre go fóill agus i 1986 vótáil siadsan bóthar in eastát nua a ainmniú James Larkin Way, rud a chuir fearg ar na Tóraithe. ‘Fury over city’s salute to rebel’ an ceann line a bhí sa Liverpool Echo 25/9/86. ‘His involvement in Belfast riots (sic) resulting in charges of criminal anarchy and imprisonment, has caused anger over the street name,’ a bhí ar an Echo. Ach dúirt an comhairleoir Bob Lancaster: ‘James Larkin stood for the working class. He fought to promote change. The road in question has a history relating to the docks.’

Leac Chuimhneacháin

Ach tá James Larkin Way i dtuaisceart na cathrach; ní raibh rian de Larkin sa tsráid inar rugadh é - Combermere Street, i ndeisceart na cathrach. Shocraigh muid ar leac chuimhneacháin ach ní raibh ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid: teach tábhairne The Globe agus ar ndóigh bhí cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Ach lean muid ar aghaidh cibé, agus nocht an feirsire áitiúil, Bob Parry MP, an leac i Mí Iúil 1992. Ócáid mhór a bhí ann, le ceol, rince agus le haithisc ó Tom Garry, Ard-Rúnaí SIPTU (cumasc idir dhá cheardchumann a bhunaigh Larkin : ITGWU agus FWUI) agus Niall Irwin ó Chomhairle na Ceardchumann Baile Átha Cliath. Bhí gaolta Larkin ón cheantar i láthair fosta agus, tar éis na hócáide, bunaíodh The James Larkin Society sa cheantar chun saol Big Jim a chomóradh agus a cheiliúradh.

Eagraíonn siad mórshiúl ó Combermere Street gach samhradh go dtí lár na cathrach, le haitheasc ó chearchumannaí mór le rá. Ar an drochuair, rinne faisistithe/dílseoirí ionsaí ar an mhórshiúl i 2012 (Irish Times 23/7/12) ach labhair Billy Hayes, Ard-Rúnaí an ceardchumainn CWU ag slógadh ar an lá.

De réir na beathaisnéise le Emmet Larkin, rugadh Jim Larkin ar 21ú Mí Eanair 1876, ach de réir In the Footsteps of Big Jim le Jim Larkin óg (garmhac), rugadh i gContae an Dún é i 1876. Réitigh an Jim Larkin Society an rún seo nuair a fuair siad cóip den chlárú beireatais ón chlárlann i Learpholl: rugadh James Larkin ar 4ú Feabhra 1874 ag 41 Combermere Street. Thug muid cuidiú do Jim Larkin óg (nach maireann) agus é sa chathair i 1990 ag déanamh taighde ar a leabhar agus thaispeáin muid cóip den teastas dó. Thug sé buíochas dúinn sa leabhar a foilsíodh i 1995 ach is léir ó ábhar an leabhair nár chreid sé an clárú beireatais!

Loirg eile atá ann ná múrmhaisiú. Phéinteáil an t-ealaíontóir áitiúil David Jacques ceann acu sa Newz Brasserie i lár na cathrach i 2001 (Beo eagrán 4). “Bhí mé ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi agus iad amach don oíche,” dúirt sé liom ag an t-am sin.

Tá Larkin sa mhúrmhaisiú galánta eile, ar taobh an Flying Picket, láthair cheoil cóngarach do Combermere Street. Rinne na ealaíontóirí Danny Devenny, Mark Ervine, Marty Lyons agus Mickey Doherty, as Béal Feirste iad, é I 2008 nuair a bhí Learpholl ina príomhchathair chúltúir na hEorpa.

Níl dearmad déanta ar Big Jim sa chathair ina rugadh é!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.