AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Bhí Balor Béimeann ar turas chun na Laplainne agus scéal ar ais leis. club damhsa de chineál áirithe atá i gceist leis an Laplainn, ach dúiche bheag Dhaidí na Nollag in íochtar an domhain.

Íomhá
Faoileog in amas caca ar an Ghiolla Mór
Íomhá
Bhéarfaidh breith ar a aiféala don Ghiolla Mór
Íomhá
An tAire Easláinte ag oscailt otharlainne ina cheantar féin
(sibheritage.nsc.ru ar Flickr)
Íomhá
Ceaptha ag ceamara slándála, ag ligean a scíste
Íomhá
Nollaig Mhór Mhaith Daoibh

fada uainn anois an Nollaig, a chairde, agus fada uainn an Fear Dearg a theacht ar cuairt lena chuid bronntanas ar an sleamhnán. Ach is é an gad is gaire don scornach cén bronntanas a thabharfaidh do cén duine? Seo an cheist a bhí ag na geirbe ag Balor bocht. Chinn , mar sin, an cheist a chur ar an duine ceart: ar an Fhear Dearg é féin.

As go brách le Balor chun na Laplainne, agus é sa tóir ar Shan Nioclás. raibh i bhfad á lorg. Níor ghá ach an cosán dearg a leanúint, cosán a bhí breac le buidéil fholmha Coca Cola, agus níorbh fhada gur tháinig suas le Daidí na Nollag agus shuigh an bheirt acu síos cois na tine le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht, ag béadán agus ag ráflach go míghreannach.

bhaineann rún na faoistine liomsa le mo cheird,” a dúirt Santa, agus é ag míniú do Bhalor go raibh cead aige na litreacha a scríobh daoine chuig Santa a léamh. “Féach ar an cheann seo, mar shampla,” a dúirt an Fear Dearg. “Seo litir ó Éamonn an Giolla Mór ó Pháirtí an Locht Oraibhse. Féach an rud atá seisean ag iarraidh don Nollaig. háit a bhfaighinnse clog draíochta? an húr sin ag iarraidh lámha an chloig a chur siar breis agus bliain chun go mbeadh breith ar a aiféala aige agus nach rachadh i gcleamhnas le Fine Gael. Samhlaigh é sin anois, a Bhaloir. Samhlaigh é sin.”

An tAire Easláinte

Léigh Balor an litir go cúramach agus shíl go raibh an-chiall ag baint leis an iarratas. “A Shanta, a chara mo chroí,” a dúirt Balor go mánla, “ thagann ar a leithéid de chlog draíochta, bheadh spéis agam féin ann.”

Is beag duine nach mbeadh spéis aige i gceann acu,” a d’fhreagair Santa go grod. “Anois féach an méid atá scríofa ag Enda: ‘A Shanta, a chara, is buachaill an-mhaith agus bhí thar a bheith béasach agus cineálta i rith na bliana. Don Nollaig ba mhaith liomsa Aire Sláinte nua, le do thoil. thugann é sin dom, a Shanta, beidh fiú níos fearr an bhliain seo chugainn. Le grá mór agus croí isteach, Enda. Anois caidé do bharúil de sin, a Bhaloir? Ar léigh a leithéid de chacamas riamh?”

An bhfuil cinnte gur tusa Santa?” a d’fhiafraigh Balor go hamhrasach. “Níl Santa in ainm focail mar cacamas a úsáid, agus níl Santa in ainm is a bheith ag magadh faoi dhaoine a scríobhann chuige.”

a fhios agam é sin, a Bhaloir, ach nach iontach an spórt é! Siur níl ann ach an bheirt againn ag léamh na litreacha seo. bheidh a fhios ag duine ar bith eile faoi. An bhfuil ag iarraidh ceann dhó eile a léamh?”

Arú, an ceart agat,” a dúirt Balor. “Níl ann ach féin is féin. Ar aghaidh leat. Taispeáin dom cúpla litir eile.”

Bhuel, seo litir an-aisteach a tháinig chugam ó bheirt iar-Uachtarán na hÉireann, an bheirt Mhary. Nuair a deirim go bhfuil an litir aisteachbhuel, is é an t-iarratas atá aisteach. Éist leis seo:

A Shanta álainn, a chara, muid i ndiaidh a bheith inár gcailíní maithe le bliain anuas. Níor ionsaigh muid aon duine go poiblí (seachas easpag dhó agus cúpla cairdinéalagus ós rud é gur cuma le gach duine fúthu sin, glacaimid leis gur cuma leatsa fosta). Mar is eol duit, leabhar an duine foilsithe againn ar na mallaibh. Ba mhaith linn go dtabharfá cóip den leabhar do gach duine ar domhan mar bhronntanas Nollag, muid beirt den bharúil go ndéanfadh leas an domhain an leabhar sin a bheith léite ag gach duine. muid sásta 7,000,000,000 acu a dhíol leat ar €5 an ceannagus sin sladmhargadh nach bhfaighfeá i Read’s i Sráid Nassau. déan dearmad gur cailíní maithe muid, a Shanta, agus nach bhfuil muid fiú ag iarraidh rud ar bith dúinn féin um Nollaig. Le grá mór ó do bheirt Mhary. XXX’.

Santa Marbh 7 Dia ar Shiúl

Faoin am a bhí an phóg dheireanach léite ag Santa bhí Balor ar fhleasc a dhroma ar an urlár, a dhá chois in airde aige agus é ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall le teann gáire. Thug trí iarraidh seasamh suas arís, agus theip air gach uair, bhí chomh lag sin leis an gháire. Faoi dheireadh, d’éirigh le San Nioclás bocht Balor a chur ina shuí arís, agus chrom ar litir eile a léamh.

Ar mhaith leat litir ó d’eagarthóir a chluinstin, a Bhaloir,” a d’fhiafraigh Santa.

Scríobh Seosamh Mac Slua Muirí chugat?” a d’fhiafraigh Balor, agus idir dhíchreideamh agus iontas ina ghlór. “Shíl nár chreid ionat. Am ar bith a chuaigh mise chuige chun dúthracht airgead breise a lorg, dúirt liom go raibh Santa marbh. Thaispeáin d’uaigh dom, fiú, agus anois sásta litir a scríobh chugat? Léigh an litir, le do thoil, a Shanta. Léigh an litir.”

A Dhaidí na Nollag, a chara mo chroí, bhí i mo ghasúr maith le bliain anuas, agus i gcúiteamh air sin ba mhaith liom post eagarthóireachta eile a fháil mar bhronntanas Nollag. Is cuma liom cén páipéar iris: Time Magazine an Boston Globe an Chicago Tribune fiú, fhad is nach dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta. Agus é anois díomhaoin beidh cráite aige. Beidh ag ceartú mo chuid ceartúchán gan stad agus cuirfidh sin isteach go mór orm. Níl ag iarraidh a bheith dubh agus bán faoi seo, ach ligim sin a bheith do mo cheartú, fada go mbeidh achan friggin’ húr a scríobhann don liarlóg ag ceartú mo chuid ceartúchán. Cuidigh liom, a Shanta, le do thoil, agus beidh i mo bhuachaill maith go deo. Le grá mór, do chara, Seosamh.

B’éigean do Shanta Balor bocht a thabhairt chuig an otharlann ar a shleamhnán.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.