AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.

Íomhá
An Donn Scotus Cuailgne ar mharaigh Cú Chulainn é Lá Fhéile Pádraig 213 I.C.
Íomhá
Ag trasnú na Bóinne, le Earnán Blight on ur houses
Íomhá
Complacht Mhic an Mheirge, Terrae Fili, kiss the rabbit srl.
(le Keresaspa ar Vicipéid)
Íomhá
Tonóg gona bardal i gCorn na Breataine
(le Freeimageslive.co.uk)

Imbolg buailte linn, a léitheoirí dílse. Féile an bhleachtanais, féile thús an earraigh agus féile an dóchais atá ann. Bhí Balor i gcónaí den bharúil go raibh an dóchas thar a bheith tábhachtach i saol an chine dhaonna, agus go raibh dóchas i gcónaí ann, agus ar fáil, do gach duine i ngach cás. Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.

Ar a chamchuairt thart fá cheantair na ndílseoirí sa chathair cois cuain a bhí Balor nuair a casadh dó Cú Chulainn Mac an Mheirge, fear a mhaíonn gur athraigh sé a ainm in ómós do chosantóir Chúige Uladh, agus a shloinne le hurraim do bhratach na Ríochta Aontaithe. D’iarr Balor air agallamh a dhéanamh leis, le go míneodh Cú Chulainn don saol mór, agus do léitheoirí Beo Ar Éigean, cás na léirsitheoirí. Ghlac an tUltach go fonnmhar leis an iarratas. Ina suí go teolaí i gcistin Chon Chulainn a bhí an bheirt acu, ag ól tae agus ag cur aithne ar a chéile, nuair a chuir Balor a chéad cheist.

Balor:Cén áit ar fhoghlaim tú do chuid Gaeilge, a Chú Chulainn?

Cú Chulainn: In Odious Gael, i nGleann Cholm Cille, a d’fhoghlaim mise mo chuid Gaeilge, a Bhaloir. Mar sin, caithfidh tú mo chuid lochtanna gramadaí agus comhréire a mhaitheamh dom. Níl na múinteoirí ansin thar mholadh beirte. Bhí an cúrsa dian agus deacair, cé go bhfuil mise cliste. Ach ní raibh mé ar mo shuaimhneas leis an oiread sin Caitliceach thart orm. Tuigfidh tusa mo chás go maith, a Bhaloir.

Domhnach is Dálach, ó Cheann Ceann na Bliana

Balor: Tuigim, gan dabht a Chú Chulainn chróga, ach inis dom cén fáth gur thosaigh tusa agus do chairde ar an chraic seo faoin bhratach. Cén fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mbeadh bratach na Breataine ar foluain os cionn Halla na Cathrach gach uile lá den bhliain.

Cú Chulainn: Cúig chéad seasca is a trí lá sa bhliain is cóir don bhratach a bheith thuas ann, a Bhaloir, chun go dtuigfidh na Poblachtaigh gur muidne a bhí anseo ar dtús. Is linne an tír seo. Níl muid sásta an ghlúin a fheacadh don mhuintir as baile isteach nach bhfuil anseo ach le ceithre chéad bliain... Ó… gabh mo leithscéal, a Bhaloir, muidne atá anseo le ceithre chéad bliain. Fan bomaite anois. Ní beag sin mar thréimhse ama é sin. Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht é Halla na Cathrach agus go háirithe an bhratach atá thuas ar bharr an tí sin. Mórchuid d’oidhreacht mhuintir Uladh é an meirge sin.

Balor: Nach aisteach an rud é go mbíonn sibh ag caitheamh dímheasa ar an bhratach chéanna? Bíonn bratacha casta thart ar an chorp ag cuid agaibh agus bíonn cuid eile agaibh á sraoilleadh ar an talamh. Chonaic mé roinnt bratach le rudaí gránna scríofa orthu. An síleann tú go bhfuil bhur mbanríon sásta libh?

Cú Chulainn: Tá mé cinnte go bhfuil a maorgacht an Bhanríon Eilís a Dó – fad saoil dithar a bheith sásta linn. Tá muid ag cosaint Chúige Uladh ar na hÉireannaigh, mar a rinne Cú Chulainn sa bhliain 1690. Ní ghéillfidh muid riamh, mar a dúirt sé féin le Dónall Ó Conaill sa bhliain chéanna ghlórmhar sin, agus bhí an ceart ar fad aige. Is cuid mhór thábhachtach dár n-oidhreacht é Cath na Bóinne, nuair a mharaigh King Billy Pápa na Róimhe ar Dhroichead na Bóinne i lár Bhéal Feirste. Tá crosa na dtíortha ar fad a bhí ar son King Billy ar an bhratach uasal álainn sin: Sasana, Albain, An Bhreatain Bheag, An Ísiltír agus Cúige Uladh.

Lá Breithe Bhanlacha Chorn na Breataine

Cú Chulainn: B’fhéidir gur thug tú faoi deara nach raibh muid ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart, a Bhaloir? Thug cinnte. Agus tuigeann tú cén fáth? Breithlá Bhandiúc Cornwall a bhí ann, agus crochadh an bhratach in airde go barr an chrainn le barr measa is urraime uirthi, mar is cóir. Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht é Cornwall, an dtuigeann tú, a Bhaloir? Bhí sé an-tábhachtach sa stair – é féin agus a bhandiúc, nár laga Dia ceachtar acu riamh.

Balor: Ar mhiste leat mé ag cur ceiste ort faoi chúrsaí oideachais, a Chú Chulainn? Cén áit a ndeachaigh tú ar scoil?

Cú Chulainn: Scoil? Scoil? Ní raibh mise riamh ar scoil? Piteoga agus Caitlicigh agus Náisiúnaithe agus Poblachtaigh a théann ar scoil, Bhaloir. Chaith mise m’óige ar na sráideanna ag cosaint Chúige Uladh, mar a mhol ár gceannairí polaitiúla agus eaglasta dúinn i gcónaí. Bliteoga agus blióga a théann ar scoil. Sin a dúradh linne i gcónaí, agus sin a chreidim.

Balor: Agus caide fá chúrsaí oibre, a Chú Chulainn? An raibh post riamh agat?

Cú Chulainn: Bhí neart post ann dúinne san am fadó, nuair a bhí an Longchlós ann agus Mackey’s agus an Sirocco Works agus áiteanna mar sin. Bhí muid in ann siúl isteach ann nuair a bhí muid cúig bliana déag d’aois, gan cheist. Ach dhún na Caitlicigh na háiteanna sin ar fad, iad féin agus Bill Clinton agus Tony Blair. Níl fágtha anois ach siopaí na gCaitliceach fá lár na cathrach, agus ní thabharfaidís post do mo leithéid. Sin an fáth go mbriseann muid a gcuid fuinneog gach oíche.

Balor: Cén teacht isteach atá agat anois, a Chú Chulainn?

Cú Chulainn: Sochar dífhostaíochta – an dól, mar a deirtear. Rialtas na Breataine a thugann amach é, agus ár mbanríon ghlórmhar a íocann as. Anois, a Bhaloir, tá na leaids ag tosú arís taobh amuigh. Éist leis an ghlór – nach bhfuil sé go hálainn? Scaoilfidh mé amach an doras cúil thú, ar eagla na heagla. Bí cúramach ag dul abhaile, a Bhaloir, agus scríobh rud éigin deas fúinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.