AR NA SAOLTA SEO
A bhFuil i nDán Dúinn
Muiris Ó Meara Muiris Ó Meara

An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.

Íomhá
Caisleán Ghráinne Mhaoil c. 1895
(Leabharlann na hÉireann ar Flickr)
Íomhá
Jacques Derrida
(le Ben Oswest ar Flickr)
Íomhá
Mikołaj Kopernik
(le Frombork Art na Polainne, Vicipéid)
Íomhá
Ptolemaeus
(Vicipéid)

Nuair a d’fhógair Mikołaj Kopernik (1473-1543) don saol gur tuiscint lochtach mearathalach ab ea an tuiscint cheannasach cosmeolaíochta a bhí suas lena linnse .i. an chosmeolaíocht gheolárnach, níor ghéill éigse na hEorpa do thuairim sin Kopernik beag mór. D’fhonn cur i gcoinne teoiric Kopernik agus an status quo cosmeolaíochta a chosaint .i. córas Tholamaeis, b’éigean d’aos léinn na hEorpa cruthúnais nua a sholáthar a bhréagnódh an teoiric seo agus a dhlisteanódh an t-údarás a bhí ag córas Thomalaeis roimhe sin.

Bhí fuar acu, áfach. Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.

Tig linn Tolamaes-iú na faidhbe a ghairm den chur chuige cosantach a chleacht an t-aos léinn sa chás seo. I ndeireadh na dála, áfach, theip ar chosaint na saineolaithe úd nuair a thuig an t-aos léinn an leathfhocal Coparnaiceach. Glactar leis, ó shin i leith, nach bhfuil dul thairis míniú Kopernik ar an scéal .i. an chosmeolaíocht héalárnach.

Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nathréabhlóid Choparnaiceach’. Tig linn an nath áirithe seo a shamhlú leis an rud a dtugann Thomas Kuhnathrú múnla air i réimse na heolaíochta .i. athrú ó bhonn ina cheartuiscint. Athrú radacach a bhíonn i gceist lehathrú múnla’ ar bith agus titeann seo amach nuair a chaitear na tuiscintí atá i dtreis i múnla tuisceana amháin i gcártaí d’fhonn forás feasa nua a chruthú in ionad an tseanmhúnla.

Neamhiontas a Dhéanamh de Ghné Éigin den Dearcadh Coiteann

B’fhéidir nár mhiste tuairim Paul Feyerabend i dtaca ledul chun cinn’ na heolaíochta a thabhairt chun cuimhne sa chás seo, leis. D’fhonn anréabhlóid’ a thionscain Kopernik a chur i gcrích, áitíonn Feyerabend gur dhein Kopernik neamhiontas de rialacha normatacha na heolaíochta agus gur sháraigh na rialacha áirithe sin sa chás úd. Creideann Feyerabend gurbh í an ainriail radacach seo ba shiocair leis an réabhlóid Choparnaiceach agus le dul chun cinn na heolaíochta trí chéile, leis.

An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linnTolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo. Murab ionann is an cur chuige Tolamaes-each, áfach, tig linnKopernik-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige radacach ar bith a dhiúltaíonn do chrapall an aon pharaidím tuisceana amháin agus a thugann scóip do shaoirse na samhlaíochta d’fhonn réiteach nua a aimsiúmás féidir.

Samhlaím féincur chuige Tolamaes-ach’ le cur chuige an chomhrialtais i láthair na huaire in Éirinn. Is léir do Raifteirí agus do Shéamas Dall faoin dtráth seo, go bhfuil an seanchóras lofa a bhí i dtreis anseo in Éirinn caite críon agus nach bhfuil aon mhuinín ag an bpobal as feasta. Is ríléir, leis, go bhfuil easpa samhlaíochta ag na geirbe ag an rialtas seo mar níl ar a gcumas aon fhreagra sásúil a sholáthar ar ghéarchéim an ama láithrigh lasmuigh den seanpharaidím tuisceana aimlithe réamhluaite.

Le déanaí, mar shampla, chuala an Taoiseach ar an teilifís ag gur ceist thar a bheithcasta’ agusteicniúil’ is ea an cheist seo a bhaineann leis na nótaí gealltanais. Bhí an ceart ar fad aige, ar ndóigh, ach raibh an freagra sin sásúil mar sin féin. Bhí coinne agam go míneodh an Taoiseach na castachtaí teicniúla seo dom mar mór dom a admháil nach dtuigimse an cheist ghabhlánach seo mar ba chóir. Muna bhfuil breall ana-mhór orm, ceaptar Teachtaí Dála thar cheann an phobail d’fhonn castachtaí na polaitíochta a mhíniú do thoghthóirí na tíre seo. Muna bhfuil ar chumas an Taoisigh castachtaí teicniúla na polaitíochta a mhíniú dom, creidim féin gur teip fhollasach pholatiúil is ea í sin. Is ea, tuigim gur cheist chasta ghabhlánach is ea í ach míniú soiléir sothuigthe dlite do phobal na tíre seo sula n-íocann siad bonn bán den 3.1 billiún euro as seo go 2023.

An Reitric an tAllagar?

bíodh aon chorrabhuais orainn feasta agus bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile d’fhonn an fhírinne shearbh atá folaithe faoi screamhóg mhullaigh na reitrice poiblí seo a nochtadh. Is straitéis idé-eolaíoch í an reitric bheagmhaitheasach seo d’fhonn aineolas is corrabhuais a chothú d’aon ghnó i measc an phobail Éireannaigh. Cad atá i gceist agam anseo le reitric, más ea?

Tig linnmodh an áitithe a ghairm den reitric thraidisúnta. Ealaín ársa ab ea an reitric an ars rhetorica, ealaín a raibh aidhm chinnte aici ó aimsir lucht cleasaíocht cainte na Sean-Ghréige, na Sofaistí, i leith .i. taobh amháin den argóint a mhíniú is a chur siar ar an bpobal. Chreid Sócraitéas gur modh lochtach ab ea an reitric, áfach, toisc go bhféadfadh an pobal a mhealladh le hargóint bhréagach. Dhiúltaigh Sócraitéas don reitric agus chleacht modh an allagair réasúnaíocht dhialachtaice d’fhonnfírinnean scéil a nochtadh.

Siúd is gur chreid Sócraitéas gur modh lochtach ab ea an reitric, is follas go bhfuil feidhm ríthábhachtach aici i gcónaí i ndioscúrsa poiblí na tíre seo. Chuige sin, mór dúinn an tslí ina bhfeidhmíonn an reitric chomhaimseartha seo a thuiscint go ríshoiléir. Tig linnmodh an aineolais a ghairm den reitric chomhaimseartha faoi mar a chleachtaítear í in Éirinn. Is léir, tríd is tríd, nach dteastaíonn ón rialtas seo argóint ar bith a chur siar ar an bpobal lena gcuid reitrice. A mhalairt ghlan atá fíor mar baintear earraíocht as reitric i ndioscúrsa poiblí na tíre seo d’fhonn seachrán agus corrabhuais aineolgaiseach a chothú d’aon ghnó i measc an phobail.

Nuair a éilíonn an pobal aon mhíniú sásúil ar cheisteanna bunúsacha amhail bhfuil ár dtriall feasta?”, soláthraíonn saineolaithe an rialtais freagraí atá foirgthe le béarlagar dothuigthe is le leathfhocail leathbhruite d’fhonn an fhírinne shearbh a cheilt .i. go bhfuil féidearthachtaí eile ann.

Cad atá i ndán dúinn, más ea? I láthair na huaire, déarfadh Jacques Derrida nach bhfuil aon eile i ndán dúinn seachasLe Futur”. Tugann DerridaLe Futur’ ar iomlán na nithe intuartha réamhcheaptha atá i ndán dúinn. An bás, abair. an 3.1 billiún euro atá le híoc againn gach bliain idir seo agus 2023. thiocfaidh aon mhórathrú ar anfutur’ intuartha seo toisc go bhfuilimid fós teanntaithe laistigh den seanpharaidím tuisceana seanchaite.

Murab ionann is anFutur’ intuartha réamhcheaptha seo, áfach, féidearthacht eile ann .i. a bhfuil romhainn amach. Tugann DerridaL’avenir’ ar seo agus áitíonn Derrida gurb í anAvenirseo an fhíorthodhchaí toisc go mbaineann poitéinseal radacach réabhlóideach leis an todhchaíeile’ seo. Samhlaíonn DerridaL’avenir’ le duine éigin a thiocfaidh gan choinne d’fhonn gnáthchúrsa an tsaoil a athrú ó bhonn. Samhlaigh Mac an Cheannaí, samhlaigh Gráinne Mhaol samhlaigh Gile na Gile samhlaigh Godot, fiú. ar a laghad, samhlaigh, más féidir linn a thuilleadh. Ach sin agaibh eisint na faidhbe.

Éilíonn anAvenir’ seo samhlaíocht. Níl avenir ar bith i ndán dúinn, faraor.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.