
Chuaigh léirstean Iain M. Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.
»»»Cur síos ar an áis ghutháin ó mhuintir PoetryBeo, ní a chuideos le roinnt daoine sa tráth bliana a rachaidh siad in éadan na bpiléar.
»»»Tá Roseanne Smith ar nós tuismitheoirí go leor eile, ag faire amach go géar dá clann tharla dúil acu i gcluichí idirlín.
»»»Más mian leat dul i lár an aonaigh le táirge nó le tuairim a roinnt ar Youtube nó ar Vimeo, tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.
»»»Bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag dearcadh isteach i scéal Mhuintir Coderdojo agus i scéal a mbunaitheora, James Whelton.
»»»Tá Pandora, Grooveshark agus iTunes scoite go maith ag Spotify, seirbhís ardchaighdeáin atá molta go mór san alt seo ag Roseanne Smith.
»»»Ní fios na hacraí agus giúirléidí atá romhat i saol na linne seo ach dul ina ndiaidh. Tá gach míniú agus treoir faoi na bréagáin teicniúla is úire in alt seo Roseanne Smith.
»»»Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu. Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.
»»»Agus Gaelport.com tar éis an chéad Tweetup as Gaeilge a eagrú ag deireadh Mhí Meán Fómhair, is dóigh le Roseanne Smith gur fiú breathnú in athuair ar na seirbhísí ar líne a chabhraíos le duine imeachtaí neamhfhoirmeálta agus foirmeálta a eagrú.
»»»Scoláirí sclártha agus daoine ar thit smaoineamh úr aisteach éigin isteach ina gcloigne atá faoi thrácht ag Roseanne Smith. Is féidir bualadh leo an mhí seo, le linn Seachtain Hackerspace i roinnt cathracha.
»»»Réitigh i gceart is ní bheidh mífhoighid ar ghasúir ná ar dhuine ar bith. Tá comhairle ar theicneolaíocht na saoire le roinnt ag Roseanne Smith.
»»»Más ag santú cúpla cianóg le do thionscnamh féin a chur chun cinn, b’fhéidir go bhfuil eolas ar an bhfoinse maoinithe san alt seo duit le Roseanne Smith. Cuirfidh Kickstarter a fhad leis an ngealaigh féin thú!
»»»Chuir Roseanne Smith spéis i bhficsean na heolaíochta atá agus a bhíodh le feiceáil againn ar na scáileáin thart timpeall orainn agus sinn ag fás aníos.
»»»Míníonn Roseanne Smith dúinn san alt seo nach gá a thuilleadh, buíochas do Dhia, do chárta creidmheasa a nascadh le Paypal ná lena leithbhreac d’fhonn gnó a chur i gcrích ar an idirlíon.
»»»Tá Roseanne Smith ag tógáil ceann do Pinterest atá ar an bhfód le tamall gairid, suíomh atá bunaithe ar shainspéiseanna níos mó ná ar aon ní eile.
»»»Is minice ná riamh sinn ag teacht ar eolas faoi bhás cairde linn ar an idirlíon. Gné chumhaíúil an bháis atá faoi chaibidil ag Roseanne Smith san alt seo.
»»»Is é tuairim Roseanne Smith go bhfuil stiúir agus tuiscint de dhíth ar aos oibre na ríomhchláraitheoireachta leis an gcóir a íoc le lucht na cruthaitheachta.
»»»Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
»»»Tá leideanna agus seolta idirlín go leor ag Roseanne Smith san alt seo do fheilirí, do bhréagáin, do bhronntanais srl., seolta a chuideos leat réiteach le haghaidh na Nollag.
»»»Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.
»»»Tá Roseanne Smith ag coinneáil súil ar threochtaí nuatheicneolaíochta. Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.
»»»Caithfidh Roseanne Smith trácht a dhéanamh ar bhuaicphointí saothair Steve Jobs tráth a bhfuil sé le dul ar scor ó Mhac an Úill.
»»»Tá roinnt deiseanna thart ort ar an idirlíon ar cheart do dhuine aghaidh a thabhairt orthu más ag iarraidh poist nua a aimsiú atá sé. Tá Roseanne Smith ag dul i mbun na ndeiseanna sin níos minice ar na mallaibh tharla gur athraigh sí féin a chuid oibre le déanaí.
»»»Tá Roseanne Smith ag moladh na gcomhdhálacha agus molann sí do lucht comhdhála amháin aird a dhíriú ar ghné ar leith ina gcur chuige an bhliain seo chugainn.
»»»Gné a thugann sásamh do chách is ea cumas an ghutháin agus deiseanna an ríomhaire le grianghraif a tharraingt, a fheabhsú agus a roinnt le daoine eile. Tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.
»»»Tá leidí ag Roseanne Smith le thú a chur ag ceannach, nó ag díol, fút is tharat, ach ar leath an chostais a íocadh roimhe seo. Tá an comharcheannach ag déanamh dul chun cinn mar a bheadh loscadh sléibhe tríd an idirlíon.
»»»Tá ré an nuachtáin, mar pháipéar nuachta, tugtha. Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.ie, storyful.com nó ar an irishtimes.com féin.
»»»Tá giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith. Faoi mhuintir na Gaeilge atá sé anois a dhul á shaibhseáil le ceisteanna ina dteanga féin.
»»»Tá leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú. Dála an scéil, ar mhaith leat do shiopa féin a chruthú ar Facebook? B’fhéidir gur seo é an tús a raibh tú ag fanacht leis.
»»»Fág faoin gcóras poist do chuid bronntanais Nollag a thabhairt chun tí. Tá na seoltaí suímh go léir ag Roseanne Smith duit san alt seo.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.