CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ar dTús, Bhí an Clódóir
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Gné a léiríonn a thapúla is atá an saol ag athrú, is ea na clódóirí 3D atá ar fáil lenár linn. Bhí Roseanne Smith ag breathnú isteach sa scéal.

Íomhá
Néamhainn siúcra clóite ag 3D Systems
Íomhá
Foodini
(le Natural Machines)
Íomhá
Pizza
(le Natural Machines)
Íomhá
Siúcra clóite le 3D Systems

Le tamall de bhlianta anuas, bhí mé nach mór cinnte dearfa go raibh scaireanna ag an irisleabhar ‘The Economist’ i gcomhlacht cló 3D. Ní raibh mí ann nach raibh alt san iris seachtainiúil sin faoin teicneolaíocht úrnua seo. Nach mise a bhí tuartha de agus, go pointe, mícheart is mé ag caitheamh anuas orthu im’ intinn? Tá ré na clódóireachta 3D linn.

Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile. Tá dlithe na Seapáine an-ghéar ar ghunnaí, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaithfidh Imura roinnt ama i ngéibheann. Chraol Imura físeáin dó féin lena chuid gunnaí ar YouTube agus dá bharr thug na póilíní aghaidh ar a theach. Dúirt Imura, atá 27, nár thuig sé go raibh aon ní mídhleathach déanta aige. Ritheann sé liom go bhfuil an ceart ag údaráis na Seapáine a bheith dian ó thaobh gunnaí mar gheall ar a leithéid de ráiteas. Bí ag caint ar easpa stuaime.

Fuair Imura na dearthaí do na gunnaí ó shuíomh ar líne. Ina measc bhí an dearadh ‘The Liberatora chruthaigh conspóid do Cody Wilson anuraidh nuair a rinne sé é agus nuair a scaoil sé é ar cheamara. (http://mashable.com/2013/05/06/3d-printed-gun-fired-on-video/) B’é seo an chéad ghunna a clódh le clódóir 3D agus ar ndóigh chruthaigh seo raic mhór ag an am. Ar ndóigh toisc gur dearadh agus gur clódh é sna Stáit Aontaithe raic as cuimse a bhí ann tharla go bhfuil deighilt as cuimse ann idir iad siúd atá i gcoinne agus ar son smacht ar ghunnaí. Ar ndóigh ní bhfuair na guthanna ciallmhara an chluas éisteachta chéanna le linn na raice seo.

An Oibríonn Sé?

Bhí saineolaí armlóin ann http://www.theregister.co.uk/2013/05/10/oh_no_its_the_plastic_3d_gun/ a mhínigh cén fáth nach mbeadh mórán úsáide i ngunnaí clóite as plaisteach mar seo. Go bunúsach, theipfeadh ar an bplaisteach an phléasc a choimeád taobh istigh do bhairille an ghunna agus, mar sin, ní bheadh an chumhacht chuí taobh thiar don urchar chun é a chasadh is a chaitheamh leis an neart ceart.

Mar sin féin, tá comhlacht clódóireachta 3D amháin nach bhfuil ag gabháil sa seans. Tá bogearra cruthaithe ag an gcomhlacht Create It Real dá gclódóir a aithníonn nuair a chuirtear dearadh gunna ann agus a chuireann ceal lena chló ar a chuid uirlísí. N’fheadar cad a tharlódh dá mbeifeá ag cló banana?

Is ag caint ar bhananaí, tá neart comhlachtaí atá ag díríú ar na féidearachtaí a tharlaíonn nuair a mheasctar bia le clódóireacht 3D. Fuair Anjan Contractor ó Systems and Materials Research $125,000 ó NASA chun Pizza Inchlóite a chruthú anuraidh agus d’éirigh leis. Ag úsáid a mheaisín foinse oscailte RepRap (.i. meaisín déanta ó dhearadh saor in aisce atá in ann a pháirteanna féin a chló chun é féin a atáirgeadh) chlóigh sé amach an taos, an t-anlann agus ansin an chiseal phróitéine. Cé is moite de Heston Blumenthal, ní dóigh liom go mbeidh a leithéid á thairgeadh i bpríomhbhialann na cruinne go luath! Sin ráite tuigim go maith cén fáth gur thug NASA faoina leithéid de thaighde: éiríonn na spásairí braon den ghnáthbhia spáis. Más mian leat a leadrán a thuiscint is féidir bia spáis a cheannach ar líne http://www.thespacestore.com/spacefood.html agus bhí sé ar fáil ó Easons thart fán Nollaig. Fuair mé uachtar reoite Neapolitan ó Dheaidí na Nollag anuraidh. Ní mholfainn é.

Bíonn Blas ar an mBréagán

Comhlacht eile atá ag déanamh rudaí spéisiúla le cló 3D agus bia ná NaturalMachines.com atá ag cruthú clódóir bia 3D don ghnáthchistin. Beidh praghas timpeall €1000 ar an meaisín: mar sin ní gnáthchistin mar is eol dúinn atá i gceist. Ligfidh a mheaisín don úsáideoir saghasanna bia atá deacair a chruthú a dhéanamh sa bhaile cosúil le ravioli, pizza nó roisíní. N’fheadar conas mar a d’éirigh leis na céadta mamaithe Iodáileacha go dtí seo? An difríocht is mó idir an Foodini s’acu (atá fós le seoladh) ná gur cruthaíodh mar uirlis cistine é agus is féidir do rogha bia a chur ann.

Tá 3D Systems mar shampla ag díriú ar chruthanna clóite as siúcra amháin in ionad raon bia agus feicfidh tú leis na pictiúir ar dheis go bhfuil siad ag cruthú rudaí áille ar fad. Cinnte, níl anseo ach cleas nuair a thuigeann tú an obair eile atá ar siúl ag 3D Systems. Lena chumasc leis an gcomhlacht Medical Modelling, beidh borradh mór faoin obair ag cruthú próistéitic agus eisichreatlach. Is féidir leo cló le titanium agus mar sin is féidir leo ionchlannán uathúil a chruthú leis an ábhar sin agus le hábhair eile bio-comhoiriúnach. Tá físeáin ar a suíomh a thaispeánann Amanda Boxtel ag siúl tar éis dhá bhliain déag a chaitheamh i gcathaoir rotha. Murach scanadh 3D agus cló 3D, ní bheadh 3D Systems in ann an eisichreatlach uathúil a dhéanamh a lig di siúl. Tá teicneolaíocht ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.