CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Eagla nó Scaoll roimh an Teicneolaíocht
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Chaith Roseanne Smith seal ag machnamh ar thaithí an úsáideora. Is faiteach cuid den phobal roimh an teicneolaíocht ach is santach roinnt bheag eile ina thaobh.

Íomhá
Michio Kaku
(le Campus Party Brasil ar Flickr)
Íomhá
Dealbh anchúinse nó Luddaigh in Oregon
(le Joseph Lee Novak ar Flickr)
Íomhá
Chugainn ar ball
(le Sugeng Fajarianto ar Picasaweb)
Íomhá
Slachtmhar
(le Sugeng Fajarianto ar Picasaweb)
Íomhá
Mar a bhí
(le Harald Schilly ar Picasaweb)

Is minic a iarrtar cabhair orm le straitéis amháin nó eile a mholadh do na meáin sóisialta. Níl a fhios agam cé tá níos deacra orm: iad siúd a cheapann go bhfuil sé an-easca go deo tabhairt faoi na meáin sóisialta chun a ngnó a chur chun cinniad siúd atá reoite le eagla. Is é mo bharúil gur cuma cá háit a bhfuil tú ar an scála seo caithfidh go mbeadh straitéis agat i leith na meán sóisialta.

Ceacht a haon: ní leor díriú ar na meáin sóisialta – tá i bhfad níos mó i gceist le gnó a chur chun cinn, ar líne nó di. Níl iontu ach meáin fá choinne cumarsáide. B’fhéidir gur straitéis chumarsáide atá uait. Is cuma cén saghas gnó atá i gceist mar cá bhfios dúinn céard é an chéad réabhlóid teicneolaíochta eile?

Muna bhfuil tuairim agat faoin réabhlóid seo beidh tú go hiomlán sa dara áit le ‘augmented reality’ nó ‘convergence’ nó cibé ar bith atá timpeall an chúinne. Smaoinigh ar cé chomh uileláithreach is atá uirlisí soghluaiste agus na meáin sóisialta le hais mar a bhí cúig bliana ó shin. Is é mo mheas má shocraíonn tú gan bacadh le teicneolaíocht is ionann seo agus socrú ar neamhaird a dhéanamh de ghnóthaí airgid. I ndáiríre. Dá bhfheicfeá an tslí a úsáideann an gasúr is óige againn na huirlisí s’againne, d’aontófá liom. Fiú má shocraíonn tú gan páirt a ghlacadh i dteicneolaíocht ar bith, bí eolach fúthu agus bí cinnte faoi na fáthanna nach bhfuil tú ag tabhairt fúthu.

Tnúth a Threabhfas

An mana bunúsach atá agam ná ‘Ní féidir é a bhriseadh.’ Ná bíodh eagla ort roimh theicneolaíocht ach bí réidh fiú má chuireann tú suas di. Cá bhfios cathain a líonfaidh teicneolaíocht bearna i do shaol? De réir Dlí Lucht Pluaise Kaku Spiegel nuair a bhíonn coimhlint idir an teicneolaíocht agus dúil an fhéin phrimitíbhigh, beidh an bua ag an dúil phrimitíbheach i gcónaí. B’fhéidir mar sin go bhfuil an ceart ag na Luddaigh inár measc: fan fada go leor agus fásfaidh fáth feidhme as an dúil. Idir an dá linn, leanfaidh scata paiseanta daoine leo ag déanamh gach iarrachta an cosán a dhíriú dúinn: saineolaithe taithí an úsáideora.

Tá níos mó agus níos mó áiseanna dírithe ar cheisteanna taithí an úsáideora, conas gur féidir an taithí a fheabhsú oiread na fríde eile go dtí go mbíonn an taithí sin go furasta agus gan stró. Más féidir an teicneolaíocht a úsáid gan stró, cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad ár ndúil a aimsiú. (.i. bia, tithíocht, sochaí, teaghlach) Tá an tiomantas sin inbhraite gach uair a eisítear uasghrádú nua in aon teicneolaíocht, gach uair a sheoltar dearadh nua ar an margadh. Sin an fáth go mbíonn an oiread sin spéise nuair a sheoltar iPhone nó iOS nua: déanfaidh na feabhsúcháin difríocht inbhraite sa saol laethúil. Creid é nó ná creid, ní ar mhaithe le cuntas bainc na scarsheilbheoirí amháin a eisítear leagan nua bog agus crua-earraí: is ar mhaithe le taithí úsáideora agus éabhlóid an chine daonna. Ahem.

Is Fiú an tAthrú is Lú

Chuala mé saineolaí taithí úsáideora ó chomhlacht ollmhór pinsin agus árachas saoil ag caint faoin obair a bhí idir lámha ag a bhfoireann taithí úsáideora. Thaispeáin sé dhá leagan de leathanach baile an chomhlachta dúinn roimh agus i ndiaidh tréimhse taighde agus tástála. Níor éirigh le duine den lucht féachana aon athraithe a aimsiú. Tar éis obair sé mhí ag foireann triúir nó ceathrar níor athraigh siad ach ord dhá fhocal ar cheann de na cláir ar an leathanach baile. Bhí an líon sin trácht ag gabháil amú toisc ord na bhfocal sin gurb fhiú don chomhlacht na áiseanna sin a chaitheamh air.

Is gairm bheatha bhrabúsach é taithí an úsáideora chomh maith. Bhí an-tóir orthu nuair a bhí mé ag obair in earcaíocht mhéarach agus tuarastail mhaithe ag gabháil leis na postanna, sinsear agus sóisear.

Cé gurb iad roinnt de na daoine is clistí agus is deise ar bhuail mé leo riamh, níl aon amhras go dtagann an-chuid dá dtuiscint agus tiomantas ó mhíshuaimhneas. Ag léamh dom alt i UXMag.com le déanaí ba léir gur tháinig an t-alt in iomlán as míshuaimhneas an scríbhneora le linn turas in ardaitheoir a bhí blaisín rófhada dó. Bhí an-chuid frithchuimilt ina thaithí úsáideora! Tugann an scríbhneoir seo ‘ionbhá don úsáideoirar a bhfeachtas agus is cuma céard é do dhearcadh pearsanta ar an teicneolaíocht, ba chóir go mbeadh ionbhá agat, nó luí leis an úsáideoir. Níl ann ach dea-bhéas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.