CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Gnó an Idirlín
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Míníonn Roseanne Smith dúinn san alt seo nach a thuilleadh, buíochas do Dhia, do chárta creidmheasa a nascadh le Paypal lena leithbhreac d’fhonn gnó a chur i gcrích ar an idirlíon.

Íomhá
Barclays Pingit
(le Barclays.com)
Íomhá
Is mór a d'athraigh Barclays, Enfield Shasana ó shin
(le Smerus ar Vicipéid)
Íomhá
Bump Pay top up
(le Appadvice.com)

Díol mo chéad táirge ar líne le déanaí. Díol fiche meall snáithe trí Ravelry, an líonra do yarnies. uirlis acu a ligeann duit do chuid snátha a aicmiú agus a roinnt le húsáideoirí an tsuímh le díol le malartú. D’fhiafraigh bean indiach sa Mheiriceá thuaidh díom mhéad ar 20 meall snátha. Rinneamar roinnt stangaireachta, shocraíomar ar luach agus gan aon seachas mo sheoladh r-phoist, sheol mo chara nua le nós cniotála uafásach $45 chugam trí PayPal.

Is tús impireacht olla é gan amhras! Ach an rud a chuir ionadh orm a éasca a bhí orainn airgead a aistriú ó thír amháin go tír eile. ( go bhfuil a fhios agam go bhfuil margadh dubh fothalún na holla ag cur ionadh as cuimse ortsa, a léitheoir dhil.)

Fós féin bhí an idirbheartaíocht seo ciotach go leor: bhí orainn seoltaí r-phost a roinnt; bhí orainn beirt cuntais PayPal a bheith againn; raibh aon cinnteacht sabháilteacht ann do cheachtar againn.

Ach cúpla comhlachtaí ann atá ag athscríobh rialacha airgid agus idirbheartaíochta airgid. Ar ndóigh, PayPal ina measc. Seo thíos liosta de na seirbhísí airgid is fearr ar líne is ar fóin faoi láthair. go bhfuil ceann dhó nach bhfuil le fáil anseo go fóill, súil agam go bhfeicfimid a leithéid anseo go luath.

PayPal

Muna bhfuil cuntas PayPal agat go fóill molaim ceann a oscailt láithreach. Is féidir PayPal a nascadh le do ghnáthchuntas bainc agus do chárta creidmheasa más mian leat. Ach cárta creidmheasa a nascadh leis. Ciallaíonn seo, san bhocht bhriste seo, gur féidir leat an cárta creidmheasa a ghearradh suas agus an ciste atá agat a úsáid in ionad creidmheasa nuair a bhíonn ag siopadóireacht ar líne. Ghlactar le PayPal thall is abhus agus de réir mo thaithí, i bhfad níos fusa aighneas a réiteach tríothú mar atá le Visa. App iPhone, Blackberry agus Android acu freisin.

SmartyPig

cúpla seirbhísí mar seo agus a fhios agam go bhfuil roinnt bainc thraidisiúnta ag breathnú ar an múnla seo mar sheirbhís bhreisluacha. Scríobh tamall ó shin faoi chúrsaí sláinte agus conas éirí níos aclaí meáchan a chailliúnt le cabhair theicneolaíochta. Cúpla bunrudaí a bhí ann sprioc réadúil a bheith agat agus na spriocanna sin a roinnt le do chomhluadar chun tacaíocht a chaomhnú. Anois, is ionann seo agus bunphrionsabail SmartyPig. Is féidir sprioc coigilte a bhreacadh isteach, nasctha de ghnáth, le hócáid le táirge, le laethanta saoire le ríomhaire nua cuirim i gcás. cuntas bainc sná Stáit Aontaithe agat, tig leat an cuntas a nascadh leis agus íocaíochtaí rialta a chur leis ón gcuntas. Is féidir do sprioc a roinnt thar do líonraí sóisialta freisin. Gheobhaidh tacaíocht mar sin ó do chomhluadar agus is féidir leo cur leis an gciste gan stró más mian leo. An loighic atá ag SmartyPig in ionad creidmheas a íoc ar ais, is féidir an t-airgead céanna a chur ar leataobh is é á thuilleamh agat.

Úsáideann na seirbhísí Simple agus Mint an bunphrionsabal céanna ach taispeánann siad an tionchar ar do chuntais agus do spriocanna a bheadh ag caitheamh ar leith agus d’inniúlacht billí agus caithimh eile sa ghearrthéarma a íoc.

neart feidhmchláiríní ann freisin chun do chuid costaisí a thaifeadadh, rud a chabhródh go mór leat do chuid nósanna caithimh a thuiscint. Úsáidim féin XpnsTrckr ar an iPhone a ligeann dom taifead a dhéanamh go héasca de mo chostaisí gnó. AIB freisin tar éis feidhmchláirín a sheoladh agus is fiú go mór a leithéid go háirithe ó an méid sin scimmearacht ar siúl: caithfidh do chuntas bainc a sheiceáil go minic minic.

Bumppay

Daoibh siúd a bhfuil iPhone agaibh bígí ag súil le Bumppay. Ligeann an tseirbhís seo do bheirt daoine airgead a sheoladh ó iPhone go hiPhone trí iad a bhualadh in aghaidh a chéile ina nglaic. Oibríonn trí PayPal agus seo fáth eile gur fiú go mór cuntas PayPal. Ciallaíonn seo nach mbeidh náire ar éinne arís nuair a tagann an bille agus níl aon bhriseadh airgead tirim acu.

Pingit

Ach is iad chustaiméirí Barclays Bank na Breataine Mhóra atá ag maireachtáil sa todhchaí. Le seoladh na seirbhíse nua seo, is féidir airgead a sheoladh ón fheidhmchláirín Pingit chuig aon duine a bhfuil a seoladh r-phoist mar theagmháil i do fóin agat. fiú a bheith mar chustaiméir le Barclays - a fhad is atá cónaí ort sa Bhreatain, agus cuntas bainc agat sa tír agus a fhad is atá an feidhmchláirín agat is féidir do sporán Pingit a líonadh in aon chraobh de Barclays agus é a úsáid díreach mar sparán chun airgead a chur chuig do theagmhálaí nuair is . in éad mhór leo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.