CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Bíonn Blas ar an Bheagán, Teicneolaíochta
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Is gaire cabhair Dé ná an doras a deirtí. An t-idirlíon atá níos gaire i dteach Roseanne Smith, mar is iomaí cuairt a thug sí in imeacht na mblianta ar shuímh is ar bhlaganna le hoideas bia a cheapadh.

Íomhá
An Fhoireann ag Pinterest HQ
(ar Flickr)
Íomhá
(le Pinterest HQ ar Flickr)
Íomhá
Boba Fett Mixer le Tommy Filth
(Cory Doctorow a chuir ar Boingboing.net)
Íomhá
Blaisín

Níl aon amhras ach go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán ag an teicneolaíocht. D’fhéadfá a rá fiú go n-ólaim agus go n-ithim í. Ar an drochuair, ní féidir liom a leithéid a dhéanamh agus caithfidh mé gnáthbhia a ithe cosúil le gnáthdhuine.

Ach le hathrú na haimsire (níl sé chomh fuar, go deimhin, is a bhí) bíonn béilí éagsúla uaim. Bíonn earraí úra ar na seilfeanna san ollmhargadh agus ba spéis liom iad a thriall i mbealaí úra. De ghnáth, bíonn glasraí is luibheanna ag teacht ar aghaidh sa gháirdín freisin. De ghnáth... Is lámh chúnta iontach í an teicneolaíocht i réiteach béilí úra agus spéisiúla chuile lá.

Idir shuímh chabhracha agus fheidhmchláiríní úsáideacha, ní bhíonn buaireamh ar bith ná imní inár dteach ag am dinnéir. Ar an gcéad dul síos, tá seanchairde cosúil le Epicurious agus AllRecipes.com ina bhfuil cartlann mhór oideas. Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos. Is breá liom AllRecipes.com mar is féidir athrú líon na ndaoine a bheas ag ithe agus na tomhais chearta a fháil chun a dhóthain mias a ullmhú.

Buntáistí Ballraíochta

Má íocann tú as ballraíocht, is féidir “Kitchen View” a fháil: radharc atá níos soiléire don chistin. Is suíomh pobail don chuid is mó é AllRecipes le rátáil ar fáil agus léirmheasanna ón bpobal a ligeann duit cinneadh a dhéanamh faoi oideas. Le tamall anuas, tá leagan.co.uk” de AllRecipes ina féidir linn na hoideas a fheiceáil i ngraim agus in uingí in ionad cúpáin agus bataí Mheiriceá thuaidh. Maidir le Epicuirious, an rud is fearr liom faoi ná go bhfuil an rátáil is na léirmheasanna ann, ach is oidis phroifisiúnta atá ann don chuid is mó: tá tú ag brath ar charbhall cleachta. Is suíomh é atá in úsáid agam ó 1999, déarfainn, agus bím mé ar mo shuaimhneas leis mar sin. Tá feidhmchláirín iPad is iPhone agam do Epicurious ón lá a bhfuair mé an chéad iPhone is dócha!

An fhadhb áfach leis na suímh seo (atá á réiteach go pointe le AllRecipes ó sheol siad an leagan ‘Eorpach’) ná úsáid na dtomhas Meiriceánach. Is breá liom mar sin, BBC Food ar a bhfaighim oideas a aithním, le bia gur féidir liom ceannach sna siopaí, go seasúrach agus le tomhais a thuigim. Chomh maith leis sin, bíonn na cócairí ann aitheanta sa chuid seo den saol. Tá ainm an BBC leis agus sin comhartha ardchaighdeáin don chuid is mó, nach ea? Agus ar ndóigh má tá rochtain ar BBC iPlayer agat is féidir breathnú ar chláracha ón gcartlann chun tuilleadh spreagadh a fháil.

Cuairt Feirme

Foinse eile dar ndóigh ná Google féin agus an rud is spéisiúla faoina leithéid ná go dtugann sé léargas géar duit faoin méid oideas atá ar an idirlíon. Táthar ann atá tar éis gairm beatha a ghearradh amach as aill an idirlín dóibh féin. Cé go raibh “aithne” Twitter agam ar roinnt blagadóirí bia, bhuail mé le scata mór díobh anuraidh nuair a thug Avonmore cuireadh dom cuairt a thabhairt ar fheirm a sholathraíonn bainne dóibh. http://roseannesmith.com/2012/06/all-the-fun-of-the-feirm/ Ní raibh i láthair ach sampla beag de na blagadóirí bia in Éireann agus ar ndóigh, ní raibh an “breakthrough” king, Donal Skehan, ann. Thosaigh seisean blag bia tráth agus idir sin, a aghaidh aláinn, a ghrianghrafanna tarraingteacha agus a stair san earnáil phopcheoil, d’éirigh leis beart leabhar oidis a fháil freisin. Seo fís gach blagadóir bia: tar éis strachailt i ndorchadas an “blagosphere” go n-aithneofar thú agus go dtarraingeofar thú amach i solas geal an chlú agus mórcháile.

Agus fiú iad siúd atá cáiliúil, na Martha Stewarts, na Delias, na Jamies, tá suímh acu freisin agus i gcás Jamie agus Nigella, is suímh phobail iad inar féidir ballraíocht a ghlacadh agus oideas a roinnt leo. Tá spreagadh nua de dhíth ar na réaltaí is mó freisin gan amhras. Sin an rud spéisiúil faoi oideas, atá difrúil leis an tionscadal mhór eile ar líon .i. ceol: níl aon chóipceart ag baint le hoideas. Tá, ó thaobh an cur i bhfocail agus i láthair, ach níl ann ach modh déanamh bia agus ní féidir cóipcheart a chur ar mhodh déanta. Tá borradh blagadóirí bia níos intuigthe anois, nach bhfuil?

Aithníonn an gréasán Pinterest, go háirithe, an spéis as cuimse i mbia agus an borradh faoi na ‘saineolaithe’ bia ar an idirlíon. An mhí seo chaite, sheol siad leagan nua den suíomh agus mar chuid de sin sheol siad “rich pins”. Séard atá i gceist leis seo ná go dtaispeánfaidh na greamáin saibhre seo níos mó eolas ar ghreamáin bhia, tairge agus scannáin ar an suíomh. Mar shampla, beidh níos mó eolas faoi praghas, infhaighteacht agus cá gceannaítear na táirgí. Do scannáin beidh léiritheoirí in ann eolas a thaispeáint faoi na réaltaí ann, rátáil agus léirmheasanna. Leis na greamáin bhia saibhir beidh eolas faoina gcomhábhar, am ullmhúcháin agus na codanna. Déanfaidh sé seo difríocht ollmhór do bhia ar líne. Tá caint le fada faoi chruthú formáidí caighdeánacha d’oideas ar an líon. Ó 2009 tá dream deonach ag cruthú hRecipe, formáid foinse oscailte, do thaispeáint agus roinnt oideas ar líne http://microformats.org/wiki/hrecipe. Tá aitheantas faighte acu anois ó roghnaigh Pinterest hRecipe mar cheann de na formáidí a aithneoidh an suíomh. Is é Schema.org http://schema.org/Recipe an dara formáid - betamax nó VHS éinne?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.