CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Deis Amháin Chun Tosaigh Orthu ar Fad
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

fios na deiseanna atá ag teacht ar an margadh i ndiaidh lae. Roseanne Smith an-sásta le roinnt acu, le Raspberry Pi go háirithe agus súil aici lena hionad meáin féin amach anseo.

Íomhá
Eben Upton á chur i láthair
(le Perini networks ar Flickr)
Íomhá
Do chuid soilse a oibriú
(le Cyrberslayer ar Flickr)
Íomhá
Eben Upton ag caint
(le Perini Networks ar Flickr)
Íomhá
Raspberry Pi

Ar chuairt le linn an tsamhraidh chuig cairde, bhí duine díobh ag insint dúinn faoi roinnt tógraí leictreonacha a dtug fúthu le mhí roimhe sin. Idir an méid a d’inis dom faoi céard a bhí ar siúl aigesan agus roinnt de na tograí a chonaic ag Dublin Maker Faire bhí teicneolaíocht amháin ag teacht chun tosaigh arís is arís eile: Raspberry Pi.

Seoladh Raspberry Pi go luath i 2012 agus díoladh 20,000 de na mionríomhairí seo taobh istigh de 3 mhí. Cruthaigh meitheal an Raspberry Pi Foundation an píosa crua-earra seo mar bhraith siad go raibh le crua-earra in-ríomhchláraithe i scoileanna chun todhchaí ríomhaireachta a chaomhnú.

Mar a dúirt duine den iontaobhas, Eben Upton:

[T]he lack of programmable hardware for childrenthe sort of hardware we used to have in the 1980sis undermining the supply of eighteen-year-olds who know how to program, so that’s a problem for universities, and then it’s undermining the supply of 21 year olds who know how to program, and that’s causing problems for industry.Linux User

an mionríomhaire seo chomh beag le cárta creidmheasa. Is féidir ríomhchláir agus scáileán (fiú teilifíseán) a nascadh leis agus é a úsáid mar ríomhaire le córas oibriúcháin Linux air. Molann Raspberry Pi iad féin Python mar theanga chódaithe, ach bhí ar intinn acu go mbeadh foghlaimeoirí (idir óg is ársa) in innimh Scratch a úsáid freisin. Tharraing an Raspberry Pi an-aird toisc gur féidir, gan mórán stró, bosca barrshuite lárphointe meáin a chruthú a ligfeas duit do chuid scannán ar fad a aimsiú ó uirlis ar bith ar do ghréasán. Tech Radar. Cosnaíonn an Pi is daoire $35 agus déantóirí agus lucht bradaíola fud fad na cruinne ag dul chun scéine leis na féidireachtaí a thairgeann an tseoid seo dóibh. Seo thíos na feidhmeanna is ansa liom féin:

Ó a Thiarcais, Cuimhnigh ar na Lusanna (agus ar an gcat!)

Bhíomar thar lear le linn an bhrothaill mhóir níos luaithe sa bhliain agus bhí ár gcuid lusanna agus na glasraí go háirithe, sleabhctha nuair a d’fhilleamar. Is mór an trua nach raibh PiPLanter againn. Seo uirlis le Pi marintinn’ aige a léann stáid planda ar leith (teocht, bogthaise, solas) agus a scairdeann uisce ar an lus réir. I bhfad níos feidhmiúla mo dheartháir is dócha! Ach de réir taighde déantóirí an H2O IQ, níl a leithéid de chóras de dhíth ar gharraíodóirí mar is é an t-uisciú ceann de na dualgais is ansa leo agus mar sin cruthaigh siadsan córas a fhógraíonn ar an ngarraíodóir faoi easpa uisce sa chré. http://blog.valkyriesavage.com/blog/2013/01/18/h2o-iq/

Ceann eile a bheadh an-úsáideach le linn na saoire an beathadán cait a chruthaigh an fear seo i Minneapolis. thosnaím air anois ba chóir go mbeadh déanta roimh an chéad saoire eileTCmaker

Ós ag caint ar bhia sinn, fhéadfainn a go dtaitníonn an ceann seo liom mar dhuine le grá don bhia ach chuaigh tiomantas an chruthaitheora i bhfeidhm orm. Bhraith an fear seo gur chóir go mbeadh a mhicrea-oigheann i bhfad níos cliste agus lig Raspberry Pi na barrachóid ar paicéidí bia a scanáil agus an micreaoigheann a chur ar siúl don am agus den chumhacht ceart réir. Bhí an fear seo chomh tiománta don togra seo gur chruthaigh bunachar amanta cócaireachta micrea-oigheann ar líne le gabháil leis. Made by Nathan

cheapann go bhfuil fuílleach ama ag an bhfear sin, céard faoin duine seo a chruthaigh both ghrianghraf Jezra Chuir na grianghraif a tharraing féin theach agus a roinn ar an idirlíon iontas orm. Seo do thodhchaí thiteann faoi chluain Raspberry Pi:

If my home were a Federation Star Ship, that corner would be the Engineering Department. beep boop.”

gur Trekker amach is amach féin chuir líon na tagairtí Star Trek faitíos orm le linn mo thaighde don alt seo.

Oíche Scléipe, sa Bhaile.

Ach gíceanna amach is amach na daoine seo fianaise agam! braon den dua a bhaineann le hoíche ar an rancás is féidir Raspberry Pi a úsáid chun d’oíche féin scléipe a eagrú sa bhaile. Is féidir Raspberry Pi a úsáid chun do sholas disco a smachtú Instructables Checkindj le cabhair ó roinnt biataisí, mar cheoltóir Scott. Is breá liom an ceann deireanach sin.

Agus rath mór ar an gcóisir, agus bhíonn doirseoir uait, is féidir le Raspberry Pi aire a thabhairt don doras agus gnóthach i mbun gloiní a líonadh is ar uile Speaker Deck

Is fochultúr cruthaitheach agus spéisiúil é an dream seo agus táimse an-tógtha leis na féidearachtaí a bhaineann leis. an mac is sine ag tosú le Scratch le déanaí agus thaitin a thuras chuig Makeshop i mBaile Atha Cliath Science Gallery go mór leis. B’fhéidir go dtabharfaimid faoi CoderDojo sa téarma nua seo agus taobh istigh de bhliain beidh ionad meáin Raspberry Pi agam féin!

P.S. Muna dtaitníonn Raspberry Pi leat mar mhionríomhaire féidearachtaí eile: Linux User

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.