CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Acraí mar Bhronntanas Nollag
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Ní fios na hacraí agus giúirléidí atá romhat i saol na linne seo ach dul ina ndiaidh. Tá gach míniú agus treoir faoi na bréagáin teicniúla is úire in alt seo Roseanne Smith.

Íomhá
iBoom-Nuke
(le Cultofmac.com)
Íomhá
iPod Dock ar an iNuke Boom
(le Cultofmac.com)
Íomhá
Ceamara looxcie
(le Engadget.com)

Tá an Late Late Toy Show buailte linn agus mé ag machnaimh go dian ar bhur mianta Nollag, a chairde nerd. Tá mé ag rith timpeall stiúideo an idirlín le geansaí Nollag orm ar nós Ryan Tubridy ag cuartú na mbréagán teic is nuaí agus is ansa liom.

Is dócha ceann de na rudaí atá go hard ar mo liosta féin ná duga don chistin. Nílim ag caint faoi dhuga do bhád - nílim chomh ardnósach sin go fóill! Séard atá i gceist ná meascán idir seastán agus callairí don iPod nó iPhone. Le rochtain Spotify go hÉirinn i lár mí na Samhna is dócha go mbeidh neart ag cuartú a leithéid. Tá réimse leathan idir dhuganna agus challairí gan sreang ar fáil ó Altec Lansing, mar shampla, le réimse leathan praghasanna leis. Má tá tú ar thóir a leithéid bí ag faire amach do: sciath GSM a chiallaíonn nach mbeidh ort an guthán a chur ar ‘mhodh eitleáin’ nó ‘Airplane Mode’; conas a láimhseálann na callairí na nótaí is ísle; agus an tacaíocht atá taobh thiar den iPod chun an brú ar an nascóir a laghdú.

Maidir le cúrsaí ceoil, b’fhiú go mór cúpla mí de Spotify Premium mar bhronntanas freisin. Sporify Seirbhís den chéad scoth atá ann - tiocfaidh mé ar ais chuige sa bhliain úr nuair a bheidh mé cinnte go bhfuil gach amhrán Nollag air.

Ciúnaigh an Diabhal sin in Aice Liom

Dhá tháirge cheoil eile a ritheann liom freisin ná cluasáin fuaimdhíonach. Digital Silence Bhí fear in aice liom ar eitleán le déanaí agus tá súil agam go bhfaighidh seisean agus a HipHop síoraí foireann chluasáin don Nollaig. Is maith liom rud beag JayZ anois is arís, ach is fhearr liom mo rogha ceoil!

Más róbheag leat é sin, céard faoin duga iPod is mó ar domhan don té nach bhfuil ganntanas ar bith sa saol aici nó aige. Tá sé 8 dtroighe ar leithead agus 4 throighe ar airde. Nílim féin ag bacaint leis i mbliana: níl dóras inár dteach a ligfeadh isteach é!

Ach má thaitníonn rudaí móra i bpacáistí beaga leat b’fhéidir go dtaitneodh Samsung Galaxy Beam leat. Seo guthán soghluaiste le huasteilgeoir ann. Ligfidh sé duit, mar sin, aon ní, físeán nó pictiúr a theilgean suas ar bhalla. Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach. Cé gur mór liom an smaoineamh agus stíl an ghuthain seo de réir na léirmheasanna a léigh mé, ní fiú an uirlis seo don uasteilgeoir amháin. http://www.engadget.com/2012/11/10/samsung-galaxy-beam-review/ Ach má tá fóin le huasteilgeoir uait, beidh tú sona sásta!

Más mian leat scánnan a uasteilgean ar an díon i bpubaill, molfainn Powertrekk.com. Seo luchtaire soghluaiste a ligeann duit aon ní a luchtadh le spúnóg mhór uisce. Tá breosla-chealla nó “puck” ann a thiontaíonn an hidrigin san uisce go cumhacht. Is teicneolaíocht ghlan é agus cuma an- “allamuigh-ach” agus dlúth leis an uirlis seo: luíodh sé isteach le do threalamh scíála an geimhreadh seo.

An Ceamara Glibe

Ní bheidh mé ar mhullach sléibhe ar bith le péire ski i mbliana. Beidh mé ag brath ort mar sin le do Looxcie nua. Seo ceamara beag bídeach le sonraí ardchaighdeán is féidir chaiteamh ar do chloigeann agus beoshruthú a dhéanamh ar d’imeachtaí láithreach. D’fhéadfá do mhaidin Nollag a roinnt le do mhuintir i bhfad i gcéin. Go pearsanta b’fhearr liom an €350 a chaitheamh ar thicéad eitléain Looxcie

Go pearsanta, beidh mise ag iarraidh ar San Nioclás uaireadóir Pebble a shá sa stoca. Caithfidh mé a rá, as na uirlisí ar fad atá luaite agam seo an ceann is fearr liom agus, dar liom, is áisiúla. Séard atá ann ná uaireadóir atá nasctha le do ghuthán cliste. Mar sin, is féidir le sás ar bith foláirimh a chur chuige. Is féidir éadán an uaireadóra a shainiú, is féidir é a shainiú trí feidhmchláiríní a scríobh dó agus is féidir do rogha feidhmchláirín a úsáid leis. Is féidir é a úsáid mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin, mar áis sláinte is tú ag rithag rothaíocht. Agus tá praghas gnáthuaireadóra air freisin. An t-aon fhadhb ná, mar thogra Kickstarter, shocraigh siad ar 85,000 a chruthú agus a seoladh chuig a lucht tacadóirí. Tá mé ródhéanach don chóisir agus 85,000 geallta cheana. Mo léan géar!

Tá plean agam amach anseo alt a scríobh faoi mhargaíocht cleamhnaithe ach má tá sibh ag smaoineamh ar phíosa teicneolaíochta a bhronnadh ar dhuine um Nollaig molaim a leithéid de Give as You Live a úsáid. Seo suíomh ar a bhfaighfidh tú neart margaí de gach chineál ar tháirgí leictreonacha, éadaí, earraí tí, smidiú agus mórán eile nach iad. Is féidir fiú do chuid siopadóireacht bia a dhéanamh ann le neart ollmhargaí. Tá na céadta siopaí traidisiúnta agus idirlín páirteach ann. “Agus, céard is fiú é?” a chloisim. An rud speisialta faoin lárionad siopadóireachta fiorúil seo ná go dtéann céadatán de gach idirbheart chuig do rogha cumann carthanachta, má tá siad páirteach ann. Seo liosta acu de na giúirléidí is fearr don Nollaig seo. http://www.giveasyouliveblog.com/2012/11/top-christmas-gadgets-2012/#.UKvytYcj790

Nerdlag Shona daoibh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.