CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An tSúil Bhradach is an tSúil Tóra
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Níor bhain an gadaí deireadh dúile de do rothar go fóill. Tá Roseanne Smith ag lorg bealach teicneolaíochta thart ar fhadhb ghadaíocht na rothar, grá ár gcroí iad na rothair chéanna.

Íomhá
Lucht rothair
(le Jenny Oh Hatfield ar Flickr)
Íomhá
Tile - ar d'eochair
Íomhá
Tile - ar do mhála
Íomhá
Tile ar do rothar
Íomhá
Tile - An Leacán cliste

Cé go bhfuil teicneolaíocht an rothair linn le beagnach 200 bliain is mór an chuid súl é an rothar i gcónaí agus níor laghdaigh dúil an ghadaí sa rothar tada le linn an ama. Tuigeann i bhfad níos mó daoine pian an rothar ghoidte anois agus an scéim Rothar Chun Oibre linn le cúig bliana anuas.

Ní ghoidfear mo rothar riamh arís. A luaithe is a insealbhaím uirlis nasctha beidh mé in ann é a leanúint gach áít is mian liom, a bhuí don tseirbhís nua Dweet.io. Sin ráite muna n-éiríonn liom uirlis nasctha níos saoire ná guthán cliste a aimsiú le mo rothar a chosaint, beidh an rothar á ghoid mar gheall ar luach na huirlise in ionad luach an rothair…!

Ach samhlaigh dá mbeinn in ann slisín beag GPS a cheangal de mo rothar bheadh an tseirbhís nua seo ó Bug Labs foirfe chun an rothar a leanúint. Seoladh dweet.io i mbliana agus táthar ag seoladh Freeboard.io ag am scríofa an ailt seo, comhéadán a ligean duit eolas a bhailiú ó “rud” ar Idirlíon Na Rudaí. Tá siad ag súil go mbeidh sé chomh éasca agus chomh mórathrach is a bhí Dropbox i leith stóráil néalríomhaireachta. Gealltar comhéadan iomasach a ligfidh d’aon duine beo cumarsáid a dhéanamh le rud ar bith ar Idirlíon na Rudaí. D’fhéadfadh mo rothar a bheith ina measc leis an trealamh ceart. Tá Bug Labs ag súil go mór go smaoineoidh an pobal ar a leitheid de féidearachtaí.

Ídiú Cadhnraí

Ach de réir taithí IntegratedTrackers is é an rud a chruthaíonn an deacracht is mó le córas slándála ar rothar ná an cadhnra. Chruthaigh an comhlacht seo an SpyBike is an SpyLamp a ligeann d’úinéirí a rothar goidte a leanúint trí GSM agus GPS. Caithfear cárta SIM agus cadhnra a chur leis an uirlis nuair a fhaightear é. Ansin tá liosta orduithe is féidir a chur chuig an aonad chun an stádas a sheiceáil is ar uile. An fhadhb atá ann de réir dealraimh, cé go mairfidh an cadhnra tamall fada nuair atá sé ‘ag míogarnach’ teipfidh sé taobh istigh de chúpla uair an chloig nuair atá sé ag eisiúint teachtaireachtaí faoina stádas.

De réir na léirmheasanna, braitheann sé go mór ar na cadhnraí a cheannaítear agus is iomaí cineál cadhnra de chaighdeáin an-éagsúla atá ar an margadh. Rud amháin a thaitin liom faoin réiteach seo ar fadhb na gadaíochta rothair ná gur éist siad leis na léirmheastóirí agus cruthaigh siad leagánacha éagsúla a d’freagair na ceisteanna a ardaíodh faoi infheiceacht na huirlise. Agus bhí neart ceisteanna ag na saineolaí rothair! Go pearsanta cheap mé go raibh síol de smaoineamh an-spéisiúil ag an dream seo. Ar an drochuair, cosúil le han-chuid a dteipeann orthu ar na saolta seo, is mar gheall ar a gcuid margaíochta agus a seirbhís custaiméara gur theip orthu.

Gan amhras is réiteach i bhfad níos galánta is níos fadradharcaí agus i bhfad níos saoire chomh maith é Tile. Níl a gcuid margaíochta ródhona ach oiread. Faigheann siad réidh leis na fadhbanna atá ag Integrated Trackers trí rud níos indiúscartha ach dobhearnaithe a chruthú sa chéad áit. Ní gá cadhnra a chur leis ar chor ar bith agus geallann an chomhlacht go gcuirfidh siad ceann in ionad gach cinn tar éis bliana. Tá cuma shnasta ar an uirlisín beag seo agus ar an bhfeidhmchláirín a théann leis. Toisc go n-oibríonn sé le Bluetooth 4.0 ní oibreoidh sé ach le huirlísí soghluaiste iOS is déanaí.

Tiús Gréasáin Tile agus Fáinne Fí Sticknfind

Is é úsáid Bluetooth 4.0 a chruthaíonn an constaic is mó i leith an rothair. Níl ach raon 50 - 150 troighe ag aon Tile. Coinníonn sé eolas faoin gcóras suite domhanda, nó faoi GPS an tile, ar ndóigh, ach chomh maith leis sin úsáideann siad pobal úsáideorí Tile chun teacht ar rudaí. Cuireann tú fógra leis an Tile go bhfuil sé caillte. Má thagann úsáideoir eile gar dod’ rothar goidte faigheann tú teachtaireacht ag rá go raibh sé “feicthe”. Is an-smaoineamh é seo ach tá sé gan fiúntas muna bhfuil tairseach riachtanach úsáideoirí sa phobal i gcoitinne. Ní fheadar an dtarlóidh sin riamh i gCromghlinn, Baile Atha Cliath? Ghiolc mé ceist chucu faoin bhfadhb seo ach am scríofa an ailt seo agus tá mé ag fanacht le scéal go fóill.

Réiteach eile galánta go leorSticknFind. Gné spéisiúil atá ag an gceann seo ná “virtual lease” a ligeann duit fáinne a mharcáil ar léarscáil ina bhfeidhmchláirín. Faigheann tú teachtaireacht agus eolas áite nuair a théann an peata nó an páiste amach as an bhfáinne sin. Ina bhfíséáin ar a suíomh míníonn siad gur féidir teachtaireacht foláirimh a fháil freisin má thagann ceann de na greamadóirí cliste ar ais freisin. Sa bhfiseán míníonn an reachtaire gur féidir é a chur ar an gcarr ar eagla go dtagann do bhean chéile abhaile go luath agus feiceann muid an fear ag léimt suas chun na soithí a ní, mar dhea. Is domhan i bhfad níos amhrasaí é domhan an SticknFind.

Sin rud nach bpléann ceann ar bith de na comhlachtaí ar ndóigh. Má éiríonn liom mo rothar a aimsiú leis an teicneolaíocht seo, ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann go teálta na sladaithe a ghoid é agus úinéireacht an rothair a phlé leo mé féin, nó ar chóir dom cúpla uair, lá, mí ag plé na ceiste leis an nGarda agus le mo chomhlacht árachais?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.