CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Giuirléidí don Téarma Nua Oll/scoile
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

comhairle mhaith ag Roseanne Smith don té a bhfuil a (h)aghaidh ar an ollscolaíocht i mbliana, comhairle faoi áis nó dhó a chaithfear a fháil ar ais nó ar éigean.

Íomhá
sky professional
(le Livescribe)
Íomhá
sky professional mobile
(le Livescribe)
Íomhá
sky student group
(le Livescribe)
Íomhá
Amach as léachtaí, Col. na Tríonóide, BÁC

Ní bheidh i bhfad anois go mbeidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag eisiúnt torthaí na hArdteistiméireachta. Ní dhéanfaidh mórán daoine Éireannacha dearmad ar an lá cinniúnach sin ach mar a dúirt giolchairí amháin https://twitter.com/rice_e anuraidh, is cuma ar bhealach faoi na torthaí - ní bheidh sibh ag éirí as go dtí 2064. Spúnóg mhór réadúlachta.

Ach tá athruithe móra tagtha ar an mbealach a bhfaightear na torthaí le cúpla bliain anuas. Is féidir do chuid torthaí a fháil ar líne nó ar an nguthán anois. Moltar gabháil chun na scoile ar aon nós, ar mhaithe leis an gcomhairle a dtabharfaidh an scoil duit má tá aon deacracht nó ceisteanna agat. Déarfainn gur faoiseamh mór é do an-chuid scoláirí gur féidir na torthaí tábhachtacha sin a léamh go príobháideach agus faoi shocracht ar leataobh leat féin.

Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.

Kindle

Táimse féin rud beag déanach chuig an gcóisir seo, caithfidh mé admháil. D’fhoghlaim mé sin san ollscoil: ní fiú ar bith duit a bheith luath ag aon chóisir. Fuair m’fhear chéile Kindle le déanaí agus le linn ár saoire bhliaintúil, thug sé ar iasacht dom é ionas go mbeinn in ann an cúigiú cuid de Game of Thrones a léamh. Sea, déanach chuig an gcóisir sin fosta. Cé nach léiríonn an rogha sin leabhair é, is breá liom léamh agus is breá liom na cuimhneacháin a mhúsclaíonn gach leabhar ar an tseilf. Cuimhním ar ócáidí ar leith i mo shaol go minic trí na leabhar a bhí á léamh agam. Braithim go bhfuil rud éigin caillte agam anois le teacht an Kindle i mo shaol, ach ní fhéadfainn a shéanadh chomh feidhmiúil is atá an uirlis bheag seo agus, ar ndóigh, tá ceann uaim féin anois. Tá neart téacsleabhar ar fáil ar an Kindle go deimhin freisin agus go háirithe má tá tú ag tabhairt faoi chúrsa staidéir sa sruithléann, mholfainn go mór é. Dá mbeadh a leithéid ann nuair a bhí mé féin ag tabhairt faoi mo chuid foghlama sa Ghaeilge agus sa Drámaíocht, bheinn in ann “Complete Works of Shakespeare” a fháil ar $1.99 nó cóip de dhánta an Ríordánaigh a fháil ar $15.04. Níl an difríocht idir praghas na leabhar don dráma agus don Ghaeilge athraithe ar aon nós! Ar £69.00 (nó $69.00) ar an leagan is bunúsaí is infheistíocht an-mhaith an teicneolaíocht seo.

Éist leis an bPeann

Ceann de na rudaí is tuirsiúil san ollscoil ná nótaí a ghlacadh. Go háirithe má bhí tú amuigh ar an drabhlas go breacadh an lae ag staidéar go géar go breacadh an lae. Beidh Livescribe Sky Wifi Smartpen uait mar sin. Cabhróidh an peann seo go mór leat. Leis an ngiuirléid agus a leabhar nótaí tionlacain speisialta seo, is féidir scríobh agus taifeadadh ag an am céanna. Nuair a léann tú siar ar na nótaí is féidir an peann cniogóige a bhualadh ar aon áit ar do chuid nótaí agus seinnfidh an peann gach a thaifead sé ag an mbomaite a scríobh tú an nóta sin. D’fhéadfá an peann seo a bheith rud beag níos lú agus rud beag níos saoire, ach is tús íontach maith é san earnáil seo. Tá costas timpeall $200 ar ceann de na pinn seo ag brath ar cúpla rogha. http://www.livescribe.com/en-us/smartpen/wifi-smartpen/

Cluasáin Fhuaimdhíonacha

B’fhéidir nach gceapfá go mbeadh cluasáin fhuaimdhíonacha róthábhachtach ach má cheapann tú ar feadh meandair amháin gur chóir duit tabhairt faoin staidéar i leabharlann na hollscoile leis na cluasáin a fuair tú le do iPod/ seinnteoir MP3/ guthán, b’fhéidir gur chóir duit gabháil ar ais ar scoil! Tá rud nó dhó le foghlaim agat go fóill! Tá liosta cuimsitheach ag CNET http://reviews.cnet.com/best-noise-canceling-headphones/ ach níl ach ceann nó dhó díobh siúd liostáilte níos saoire ná $100 dá réir. Molaim roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh. An rud is maith liom le CNET ná go mbíonn treoir cheannaitheora lena gcuid léirmheasanna a ligeann duit do chinneadh féin a dhéanamh.

Clódóir agus Feidhmhcláirín Scanóra

An rud is cuimhin liom faoin ollscoil ná cló agus fótóchóipeáil idir aistí agus leathanach anseo agus ansiúd as leabhar tagartha nach raibh ar fáil ar iasacht ón leabharlann. Don chuid is mó anois, is ar líne nó thar r-phost a sheoltar isteach aistí ach, ag brath ar an ábhar, beidh gach seans go mbeidh clódóir uait. Roghnaigh clódóir le WiFi, a chlónn ó iOS agus Android chomh maith le ríomhaire agus déan roinnt taighde ar costas na gcartús dúigh mar is é sin an costas is mó a bheas ort amach anseo. Tá neart clódóirí ar fáil anois atá idir €100 agus €150 agus má bhraitheann tú go mbeidh ort ábhar a chló is fiú an infheistíochta. Má tá guthán cliste agat, molaim feidhmchláirín scanóra a ligfidh duit fótóchóipeáil a fhágáil sa 20ú aois mar is chóir! Arís tá rogha mór de na feidhmchláiríní seo, ach oibríonn DocScanner ar iOS agus Android http://www.docscannerapp.com/. Is féidir aon ábhar a bhailíonn tú a shábháil chuig Evernote, DropBox nó Google Drive agus tá na cáipéisí inchuardaithe uaidh sin.

Cúltacaigh gach Ní!

Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil (agus táimid ag druidim le 20 bliain ó thosnaigh mé ann!) bhí cead againn aistí scríofa de láimh a thabhairt isteach. Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim. Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide. Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna. Is dócha go bhfoghlaimíonn an chuid is mó de scoláirí an ceacht crua. Éist le mo mholtaí agus má ceannaíonn tú aon ní ón líosta seo ceannaigh tiomántán cúltaca agus socraigh réim mhíleata chúltaca duit féin! Gabhfaidh tú buíochas liom nuair a shábháilim do leabharlann iTunes gan chaint ar d’aiste críochthéarma.

Mar fhocal scoir, smaoinigh ar cúpla rud eile a bheadh ina gcabhair mór don scoláire dáiríre (ahem!). Dá mbeinn féin ag scríobh aiste ollscoile, bheadh pointí caillte agam faoin am seo as a bheith fadálach agus mar sin fágfaidh mé fúibh féin léamh fúthu:

Cumhacht bhreise dod’ fóin póca ionas nach gcaillfidh tú an téacs tábhachtach sin faoin gcoisír léacht http://www.mycharge.com/ http://www.mophie.com

Lampa deisc le modhanna éagsúla fá choinne léimh, staidéir agus sos a ligint http://www.satechi.net/index.php/new-products/led-desk-lamp-black

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.