CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Splanc Tindrí
Eoin Mac Aodha Bhuí Eoin Mac Aodha Bhuí Eoin Mac Aodha Bhuí

Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh is i mbun taighde a bhí ar an áis ríomhaireachta, an áis tochmhairc, Tinder.

Íomhá
Fáinne óir ort
Íomhá
Spinc an tSolais
Íomhá
An bhainis, le bheith cothrom, an fearfheis
Íomhá
Súisí súisteoir slat do bhuailte

Cia an fear baileach binnbhriathrach úd ar a bhfuil an folt cas ciardhubh agus an ghruaidh chorcra chomhdhearga ar láimh chlí Oisín mhic Fhinn? a deir Gráinne. Tógann a guthán amach as póca a gúna, cuireann Tinder ar siúl agus athraíonn na socruithe: Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair. Svaidhpeálann trí dhraidgháirí na bhfear uilig go dtí go dtagann ar an ngealgháire atá uaithi agus an t-eolas a ghabhann leis:

Diarmaid, 25.
Achar: Níos gaire míle amháin uait.
Comhchairde: Oisín. Oscar. Caílte.
Suimeanna: Fiach. Comhrac. Overheard in Dublin.

Tugann sracfhéachaint ar grianghraf=the small amount of photos">an nglac ="gloss" title="a photo">grianghraf atá ann de, é ar an trá i mBinn Éadair agus ag ól ag Teamhair. Thar cinn! Brúnn ar an gcroí. LIKE glas ar an scáileán. Soicind feithimh, meandar faitís. Soicind eile. Agus ansin an díomá. fheiceann an scáileán a raibh ag súil leis. fhaca seisean a próifíl chonaic agus níor bhrúigh ar an gcroí di. Beidh uirthi tabhairt faoin athchleas. Is cuid den stair an chuid eile den fhinscéal.

dhéanfadh Tinder mórán maitheasa do Ghráinne, mbeadh an áis sin aici agus í ar an saol, ach ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo beocht a instealladh sa saol rómánsúil acu féin. an tindreáil ag athrú sean-nós na geandála an tochmhairc in Éirinn.

Ortha na Seiceála, Seachas na Seirce

Crios iompair súisí atá san áis, a chuireann duine i ndiaidh dhuine os comhair an úsáideorafir amháin, mná amháin fir agus mná, de réir do shocruithe gnéasachtaagus a thugann rogha don úsaideoircaithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo! - an duine a fheiceann siad a mharcáil le croí le crois.

Croí: spéis agam sa phróifíl seo.
Cros: cuir uaim í.

bhrúnn ar an gcroí do dhuine atá tar éis brú ar an gcroí duitse, déanfarcleamhnas’ agus tabharfar deis don bheirt agaibh comhrá a thosnú. B’fhéidir go bhfaighfeásúisteoir’ ceart as an gcleas, sin slat do bhuailte féin!

Cinnte deacrachtaí faoi leith ag baint leis seo. Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu a bhronn croí orthusan. Agus páirtí comhrá aimsithe agat beidh ort snámh tríd an mionchaint uilig agus i ndiaidh cúpla de chomhráite beidh bréan de na haileonna is na haon chraiceanna ar fad.

Ach is fiú cloí leis. Mar is i measc dhream na gáifeachta agus na bpleotaí a thiocfaidh ar an bplúr agus is eachtraíocht a bheas sa gheandáil leis an duine sin. Ag fanacht ag an Túr Solais ar Shráid Chonaill le duine nár chuala do ghuth fós, a thógfaidh ar fánaíocht trí áiteanna nach bhfuil aon chur amach agat orthu go fóill, a chuirfidh daoine nua in aithne duit, agus a roinnfidh, más go maith a réitíonn sibh, an saol leat.

Leigheas Galar Súl

Táthar ann a deir nárbh fhéidir lena leithéid de chaidreamh fás ó shíol a chuirtear chomh éadomhain agus a chuirtear le Tinder: níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach ar an áis. Anois... ar a phearsantacht a bhí Gráinne ag féachaint agus í ag iarraidh Diarmaid a mhealladh ach ar a fholt dubh agus ar a chraiceann. Agus chomh minic is a tharlaíonn go mbuaileann le strabhsachán ar an bhfíorshaol, go labhraíonn leis léi ar feadh tamaill agus ansin go gceapann gur mhaith leat an chuid eile de do shaol a chaitheamh leis an strabhsachán céanna? tharlaíonn. chun spéis rómánsúil a chur i nduine éigin, caithfidh go bhfeictear duit go bhfuil an duine sin tarraingteach. Is fíor nach féidir féachaint ar ghluaiseachtaí gothaíochta an duine leis an áisrudaí a chuireann go mór le tarraingt an duineach mar sin féin, tugann grianghraf de dhuine an-chuid eolais mar gheall ar an duine sin agus is féidir cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an méid a fheiceann den phearsantacht sa ghrianghraf. Níor cheart go mbeadh an áis in ionad an ghnáthshaoil ar aon nós, ach go mbeadh mar rud breise ann chun cur leis an gcomhluadar sóisialta atá agat.

Agus déanann é sin níos fearr aon ghréasán seirbhís geandála eile. Bunaíodh Tinder ar smaoineamh na seanáise Grindr ach treise ag an bpáiste nach raibh ag a athair, más ea: ceanglaíonn an áis nua do chuntas Tinder le do chuntas Facebook agus nuair a fhéachann ar phróifíl duine éigin eile ar Tinder, taispeánann duit comhchairde eadraibh ar Facebook. Sa chaoi seo, an áis níos sábhailte leithéidí Grindr toisc gur féidir leattaighde’ a dhéanamh ar an duine sula mbuaileann leis léi chun dearbhú nach slíomadóir é í.

an drogall a bhíodh ar an ngeandáil ar líne ag leá le gach croí a eitlíonn ó ghuthán go guthán trí Tinder agus mar gheall ar an méid comhchairde a fheicfeas ar an ruddéanann seo normálú ar áis a bhíodh aisteach agus coimhthíoch tráth. an gheandáil níos láithrí agus níos féinstiúrtha riamh agus deis agat féin bualadh le duine nua spéisiúil inniu mar gheall ar an áis seo. Féach é agus bhfios nach mbuailfidh splanc Tindrí tusa leis?

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is mac léinn Máistreachta agus teagascóir le Gaeilge in UCD é Eoin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.