CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Réalta an Eolais
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu. Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.

Íomhá
Ag brath ar an tsúil os ár gcionn
(le Solitude ar Vicipéid)
Íomhá
Long Éigipteach breis is trí míle bliain ó shin
(le H. G. Wells ar Vicipéid)
Íomhá
An Ghealach
(le Gregory H. Revera ar Vicipéid)

I often looked up at the sky an’ assed meself the question—what is the stars, what is the stars? - ‘Juno and the Paycock’ (1925) act 1

"The treasures hidden in the heavens are so rich that the human mind shall never be lacking in fresh nourishment." - Johannes Kepler (1571-1630)

"If thou follow thy star, thou canst not fail of a glorious heaven." - Dante Aligheri (1265-1321)

Ní inniu ná inné a gineadh grá an duine daonna do na réalta, don spéir, don spás. Le déanaí bhí níos mó ná 8m ag breathnú beo ar YouTube ar Felix Baumgartner is é ag léimt ‘ó na réalta’ anuas. Gach duine beo againn agus ár gcroí inár mbéal agus ár súile dírithe go géar ar an “gealt” sin.

Tá fianaise ann go bhfuil daoine ag úsáid na réalta mar oireas loingseoireachta agus eile leis na cianta. Is iad cairteanna agus catalóganna ón Éigipt is ón mBabalóin ón gcúigiú haois déag RC an fhianaise is sine ar marthain, rud a léiríonn ní hamháin an spéis ach an tábhacht a bhain lena leithéid i saol na ndaoine ársa seo. Is do na speisialtóirí amháin a bhí na cairteanna, catalóganna agus uirlísí seo ar fáil thar na blianta ach anois le teacht aois na ríomhaireachta pearsanta, soghluaiste agus líonraithe is féidir linn uile gabháil i ngleic leis na réaltaí. Tá neart acmhainní ar líne agus i bhfoirm feidhmchláir a chabhróidh le réaltóga de gach aois aithne níos fearr a chur ar an gcosmas.

Acmhainní

Má tá sé i gceist agat tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg is fiú go mór Google Earth chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh ar chruth na cruinne agus ar a háit sa gCosmas ar an gcéad dul síos. Chomh maith le radharcanna den domhan is féidir turas a thabhairt timpeall Mars agus timpeall na Gealaí leis. Tá cairteanna réalta ann freisin. Tá, ar ndóigh, roinnt feidhmchláiríní do Google Earth ach taitníonn Moon Globe don iPhone agus Moon Maps do Android liom freisin. Má tá tú ag iarraidh a bheith níos gníomhaí arís i leith ár gcomharsan neamhaí is féidir páirt a ghlacadh i MoonZoo.org, tionscnaimh atá ag iarraidh rangú a dhéanamh ar gach grianghraf a tharraing an Fithiseoir Taisceolaí Ghealaí.

Twisst

Ar mhaith leat giolc a fháil chuile uair a mbeidh an Stáisiún Idirnáisiúnta Spás ag trasnú na spéire gar duit? Ar bhonn rialta faighim giolc https://twitter.com/twisst158/status/260797807806525440 ón seirbhís uathoibritheach seo agus uair nó dhó bhí mé in ann seasamh amach sa gháirdín chúl agus lámh a creathadh leis na spástaistealaithe ar an ISS. Bhí Twisst féin i gcontúirt ó algartam turscair Twitter a chur stop leis na mílte giolcanna a chuireann an tseirbhís seo chuig úsáideoirí ach tá réiteach socraithe acu. In ionad na seirbhíse féin, tá blag iontach acu agus tá liosta cuimisitheach d’acmhainní réalteolaíocha ag http://twisst.nl/mobile_astronomy

Más úsáideoir Twitter a bhfuil do shúil ar na spéartha agat, is fiú go mór an líosta seo de lucht spástaistil ar Twitter ag GeekoSystem.com Tháinig mé ar an íomhá álainn seo d’Éirinn, tarraingte ag Soichi Naguchi atá ar an ISS faoi láthair. https://twitter.com/Astro_Soichi/status/259329507998179328 Amach leat agus beannaigh dó os do chionn!

An Chruinne Phóca

Feidhmchláirín eile atá agam le fada, fada ná Pocket Universe déanta ag Craic Design. https://itunes.apple.com/us/app/pocket-universe-virtual-sky/id306916838?mt=8 (Ceapaim gur Éireannach é an cruthaitheoir John Kennedy, bíodh nach luann sé ach na Stáit agus Ríocht Aontaithe mar áit chónaithe ar a shuíomh). Ar an bhfeidhmchláirín seo (atá uasghrádaithe don iPhone 5 fiú) gheobhaidh tú eolas ar chéimeanna na gealaí, buaicphointí agus ar imeachtaí reatha sa spéir, tráth na gceisteanna agus neart eile. Tá Orbhraí ann freisin a oibríonn le GPS dúchasach an iPhone chun do spéir agatsa féin a mhíniú duit féin. Anois dá mbeadh feidhmchláirín a fhaigheann réidh leis na scamaill bheadh muid ar muin na muice! Ach i ndáiríre is fiú go mór eolas a bhailiú roimh do oíche mhór réaltóg ó fheidhmchláirín nó ó shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire nó b’fhéidir gur ag cur amú do chuid ama a bheas tú.

Ach muna bhfuil an aimsir leat is féidir Star Walk don iPad a úsáid fiú nuair a bhíonn an ghrian faoi smúid. https://itunes.apple.com/us/app/star-walk-for-ipad-interactive/id363486802?mt=8 Úsáideann an feidhmchláirín seo “augmented reality” chun ainmneacha an ábhair neamhaí a thaispeáint don úsáideoir. Tá dearadh álainn ar an bhfeidhmchláirín iontach seo a ligean duit breathnú ar na réaltaí ar neamhchead d’am nó don aimsir atá ann.

Is mór liom an feidhmchláirín Android Meteor Shower Calendar a thaispeánann cathain a bheidh an chéad dreigechith eile agus eolas a bhailiú faoi ar líne. Cé go bhfuil an feidhmchláirín seo bunúsach go maith, má chabhraíonn sé leat dreigechith a fheiscint is mór is fiú é - ceann de na radharcanna is spreagúla a chonaic mé riamh.

Tá comhairle fheidhmiúil le fáil don réaltóg úr ar an suíomh seo http://www.wikihow.com/Stargaze-Comfortably - cuid de a bheadh soiléir go maith ach cuid eile b’fhéidir nach smaoineofaí air...

Éirí chun Imeachta

Mar fhocal scoir (beagnach!) molaim an blag íontach seo http://pillownaut.blogspot.ie/ atá lán le carachtar an tsaineolaí seo atá ag déanamh taighde ar thionchar an spáis ar chodladh is ar bhunfheidhmeanna colainne eile. Is mór liom a blagmhír go háirithe faoi “The 10 most bizarre space experiments” Tá obair an bhlagadóra seo ina measca i dteannta le Lego ar an ISS http://pillownaut.blogspot.ie/2012/10/the-10-most-bizarre-space-experiments.html

Mar fhíorfhocal scoir, scríobh mé cheana faoin ngá le hoideachas teicneolaíochta níos cuimsithí sa tír seo ag gach léibhéal. Fuair mé scéal le déanaí faoi scéim phiolótach oideachas teicneolaíochta a bhí an-ráthúil i gCo. an Chláir. Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin. Mar sin, tá togra Fundit cruthaithe ag na bunaitheoirí: ligfidh gealltán €600 do scoil páirt a ghlacadh sa scéim. Is léir ó thaighde Dr. Conor Galvin http://tinyurl.com/conorgalvin go bhfuil fiúntas ar leith ag baint leis an togra seo do na daltaí a ghlac páirt ann. Tuilleadh eolais faoin dtogra féin ag www.missionv.ie; geall deontas ar Fundit.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.