CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Bainistiú Imeachtaí
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Agus Gaelport.com tar éis an chéad Tweetup as Gaeilge a eagrú ag deireadh Mhí Meán Fómhair, is dóigh le Roseanne Smith gur fiú breathnú in athuair ar na seirbhísí ar líne a chabhraíos le duine imeachtaí neamhfhoirmeálta agus foirmeálta a eagrú.

Íomhá
Cad é an Ghaeilge ar 'Nom'
Instagram le #gtuít ag Gaelport.com
Íomhá
collect-money-at-the-door
le Eventbrite.com
Íomhá
Teacht le chéile
le Meetup.com

Ó thosaigh borradh an chéad uair faoi na líonraí sóisialta, tá borradh tagtha faoi na seirbhísí dóibh siúd a mbíonn fonn orthu aghaidh bheo a chur ar an abhatár. Is féidir gan amhras, pobal a chruthú is a chothú ar líne - táimse féin cairdiúil fós le mná a chuireas aithne orthu ar líne i 2002 ar an gclár plé Eumom. Is féidir an líon a chaitheamh go fairsing agus leithéide Twitter a úsáid chun an phobal seo a chothú nó é a tharraingt isteach agus líonra, blag nó clár plé ar ábhar ar leith a úsáid.

Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceisttaispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram. Ag an seoladh chuir mé aithne ar neart Giolchairithe is Instagrammers nach raibh aithne phearsanta agam orthu roimhe sin:

http://templebar.ie/EventsDetail/NGG_Instagram

http://blog.templebar.ie/?p=4543

Ach tá Instagram rud beag neamhchoitianta mar ghréasán agus ar ndóigh, ní áis é le pleanáil imeachtaí mar bhunaidhm atá ann. Léiríonn an ócáid seo áfach gur féidir scéal a scaipeadh ar aon líonra faoi imeacht bheag nó mhór.

Ach tá suíomhanna agus feidhmchláiríní ann a mbíonn seo mar phríomhaidhm acu agus seo a leanas na cinn is fearr dar liom.

Meetup

An rud is maith liom faoi meetup.com ná go n-aithníonn sé láithreach cá háit ar domhan a bhfuil tú nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh. Mar sin is féidir leis an suíomh na himeachtaí sa ghearrthodhchaí taobh istigh de 5 mhíle uait a thaispeáint ar dtús. Is féidir síntiús a ghlacadh don tseirbhís s’acu trí r-phost nó trí Facebook. Dírithe ar dhreamanna áitiúla don chuid is mó, tá neart cumainn siúil, teanga, tuismitheorachta, teicneolaíochta, ceirde agus cultúir ann. Tá íonadh orm nach bhfuil dream comhrá Gaeilge ar bith i mBaile Átha Cliath á n-úsáid. Tá níos mó ná 10 mhilliún duine i 45,000 áit á n-úsáid chun 340,000 imeachtaí a n-eagrú chuile mhí. Tá neart uirlisí cabhrach ann a don eagraí, m.sh. is féidir don eagraí nótaí cuimhne nó meabhracháin a chur chuig rannpháirthithe. Saor in aisce don ghnáthúsáideoir, cosnaíonn sé $12 ar an eagraí an tseirbhís a úsáid. Seirbhís eile atá ná go dtarraingíonn siad urraitheoirí áitiúla chuig na himeachtaí freisin. Mar shampla is féidir le siopa earraí spóirt lascaine a thairiscint do chumainn reathaí. Má tá tuilleadh staidrimh uait fúthu agus faoi na Meetups ar fad, tá neart ar a mblag: http://meetupblog.meetup.com/tagged/stats/ Níl? Bheul, tá neart grianghrafanna acu freisin: http://meetupblog.meetup.com/tagged/photo/

Plancast

Tá an suíomh seo á úsáid agam le cúpla bliain anuas. Séard atá i gceist leis ná go roinneann a n-úsáideoirí eolas faoi imeachtaí atá ag teacht aníos. Ní chaillfear mar sin na himeachtaí is tábhachtaí nó is mó spéis. Nasctha le Twitter, Facebook, Linkedin agus Meetup, gheobhaidh tú do chairde air gan stró. Is féidir é a nascadh le féilire digiteach freisin ionas go mbeidh tú cinnte nach bhfuil na himeachtaí atá ag teacht aníos ar siúl ag an am céanna is a bheas na himeachtaí priobháideacha atá á n-eagrú agat féin. Beag an baol le mo shaol sóisialta’sa!

Eventbrite

Seo seirbhís a thaitníonn go mór liom. Tá sé ar an bhfód le fada anois agus na seirbhísí atá ar fáil uathu: leathanaigh uathúla, feathal do gach imeacht, seirbhísí soghluaiste, teagmhálaithe a allmhairiú, imeachta a roinnt ar do líonraí sóisialta, athmheabhrú r-phost a chur chucu siúd atá cláraithe, staitisticí a scagadh agus rannpháirthithe a chlárú ar an lá. Tá feidhmchláirín acu a ligeann don eagraí ticéid a scanáil ag an doras agus dangal don iPad a ligeann don eagraí airgead a ghlacadh ag an doras. Má tá praghas ar do thicéid, tá costas ag baint leis an tseirbhís seo de 2.5% + 75c ar gach ticéad le huasmhéid €7.50 ar aon ticéad. Sa bhreis ar an méid sin, bíonn costas próiseáil cárta creidmheasa atá fós an-ard, ach sin ceist don cholún airgeadais. Rud eile a thaitníonn liom ná go bhfuil feidhmchláiríní forbartha ag comhlachtaí eile a nascann le Eventbrite. Tá comhlachtaí móra ann cosúil le Salesforce agus Hubspot agus tá breiseáin ann do Facebook, Wordpress agus Drupal. Chomh maith leis sin, tá nuachtlitir rialta acu a thugann comhairle agus cásanna staidear ar conas imeacht den scoth a eagrú.

TweetUp Ghaelphoirt

Ós ag caint ar imeachtaí den scoth, luaigh mé thuas go raibh mé ag an chéad “TweetUp” i nGaeilge, eagraithe ag foireann Gaelport le déanaí. Bhí sé deas ar ndóigh, aithne a chur ar roinnt giolchairí nach raibh ach aithne dhigiteach agam orthu roimhe sin agus bhí sé iontach deas buaileadh leis na seanchairde. Rinne Fiachra Ó Marcaigh ó Amas cur i láthair ar bhorradh na teicneolaíochta agus labhair Mícheál Ó Foighil ó Choláiste Lurgan faoi thábhacht úsáid na teicneolaíochta i mealladh an aosa óig don teanga. Cúpla nasc a luaigh an bheirt seo ar an oíche gur fiú a roinnt libh:

Gaelport.com - seoladh suíomh soghluaiste Gaelport.com ag an ócáid seo. Comhghairdeas le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge!

http://indigenoustweets.com/ga/ - eolas ar na giolchairí Ghaeilge is mó ar Twitter (Mo náire mé nach bhfuil fiú sa chéad 100!)

http://www.meta-net.eu/whitepapers/e-book/irish.pdf - Páipéar Bán “An Ghaeilge sa ré Dhigiteach” agus beidh tuilleadh uaim ar siúd nuair a bheas sé léite agam!

http://youtu.be/-Zaq87L2tac - fiseán a rinne scoláirí Lurgan atá ar ard-chaighdeán idir léiriú, cheol agus chur i láthair. Spreagúil!

http://www.abair.ie - bhuail mé le duine den bhfoireann a chuireann an tseirbhís íontach seo ar fáil, Neasa Ní Chiaráin, @nichiaran, agus scéal íontach aici faoi fhairsingeacht úsáide an tsuímh chliste, nuálaigh seo.

Go n-éirí go geal leo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.